Course Overview

Is é cuspóir an Dioplóma scileanna cumarsáide agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt d'iarrthóirí a chuirfidh ar a gcumas a ngnó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge.

 

Applications and Selections

Foirm Iarratais

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm seo: Foirm Iarratais ar líne 

Má thugann tú faoin gcúrsa seo déanfar thú a chlárú ar Chóras Clárúcháin na hOllscoile.

An Triail Socrúcháin Teanga

  • Caithfidh tú an Triail Socrúcháin Teanga a dhéanamh.
  • Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici.
  • Beidh deis agat é a dhéanamh díreach tar éis duit iarratas a dhéanamh.
  • Ní ghlacfar le d'iarratas go dtí go bhfuil an Triail Socrúcháin Teanga déanta agat.
  • Cuideoidh an Triail seo linn tú a chur sa rang cuí.
 

Who Teaches this Course

Requirements and Assessment

  • An Scrúdú Cainte: Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
  • An Scrúdú Scríofa: Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
  • Measúnuithe Leanúnacha: I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí dhá mheasúnú a sheasamh.
 

Key Facts

Entry Requirements

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil leibhéal pas bainte amach acu i scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a bhaineann amach caighdeán sásúil sa Triail Socrúcháin Teanga. Is ag Stiúrthóir an chúrsa, atá ceaptha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, atá an cead glacadh le hiarrthóirí nó diúltú dóibh. Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.

 

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain

Next start date

Meán Fómhair 2023

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date
NFQ level

7

Mode of study

ECTS weighting

30

Award

CAO

Course code

Course Outline

Tá cúig mhodúl sa Dioplóma seo. Ní mór do gach mac léinn pas a fháil i ngach modúl chun an Dioplóma a bhaint amach.

Seo a leanas na modúil:

  • Ceart na Gaeilge (Bliain 1 agus 2).
  • Straitéisí Comhrá (Bliain 1 - modúl dúbailte).
  • Saíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta (Bliain 2).  
 

Further Education

 Is féidir le mic léinn tabhairt faoi iliomad cúrsaí sa Ghaeilge tar éis dóibh an cháilíocht Dioplóma sa Ghaeilge C1 a bhaint amach.

 

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Cuirfidh an Dioplóma le do dheiseanna fostaíochta i réimse leathan gairmeacha i saol na Gaeilge, ina measc tá an mhúinteoireacht, an chraoltóireacht agus an iriseoireacht.

 

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€990 in aghaidh na bliana

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

Táille Alumni
€660 sa bhliain

Táille do na mic léinn lánaimseartha in Ollscoil na Gaillimhe
€250 sa bhliain

Seol ríomhphost chuig andioplomasaghaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí an chúrsa.

Find out More

Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh

Ríomhphost: andioplomasaghaeilge@oegaillimh.ie