All 2008

Cartlann Hipirmheán ar Líne Thomas Moore á seoladh le linn an cheiliúrtha 200 bl

Tuesday, 25 November 2008

Seolfaidh Institiúid de Móra in OÉ Gaillimh céim phíolótach Chartlann Hipirmheán Thomas Moore ag comhdháil faoi shaol, faoi shaothar agus faoi oidhreacht Thomas Moore (1779 – 1852), dar teideal Thomas Moore: Texts, Contexts, Hypertext, Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 28 agus an 29 Samhain. Is áis leictreonach ar líne saor in aisce a bheidh sa Chartlann, arb í an chéad cheann den sórt sin í in Éirinn agus atá á maoiniú ag an IRCHSS, ina mbaileofar scríbhinní, ceol agus léaráidí Moore, nótaí agus tuairimíocht scolártha nua agus taifeadtaí éagsúla fuaime. Ina measc seo beidh taifeadadh nua ar gach ceann den 124 fonn a chum Moore, leis an bpianódóir Úna Hunt agus leis na hamhránaithe óga atá ag ceol i gceolchoirm 'My Gentle Harp', á léiriú ag léiritheoir EMI Jonathan Allen. Dúirt stiúrthóir na Cartlainne, an Dr Sean Ryder as OÉ Gaillimh, an méid seo a leanas: "Cuirfidh Cartlann Hipirmheán Thomas Moore ar chumas daoine taithí a fháil ar shaothar Moore i bhfoirm ilmheán – ina nascfar focail, ceol agus léaráidí – agus beidh sí ina háis ag lucht léinn agus ag an bpobal i gcoitinne. Beifear ag forbairt an tionscadail as seo go ceann cúpla bliain, trína thuilleadh ábhair a chur leis, trí eagarthóireacht á déanamh ar théacsanna eile, agus trí ábhar a bheith á chur leis an gcartlann ag na húsáideoirí. D'fhoilsigh Moore níos mó ná míle dán, mar aon le beathaisnéisí, úrscéal agus saothair phróis eile, agus tá súil againn go mbeidh an t-ábhar seo ar fad ar fáil ar líne." I measc chainteoirí na comhdhála beidh beathaisnéisí Moore, Ronan Kelly, na léirmheastóirí ar chultúr na hÉireann Luke Gibbons agus Emer Nolan, an ceoleolaí Harry White, agus eagarthóirí Moore, Jeffery Vail agus Jane Moore. Cuirfear tús leis an gcomhdháil le léacht agus ceadal ceoil leis an teanór agus an scoláire James Flannery, le tionlacan ón gcláirseoir Janet Harbison. Chomh maith leis an gcomhdháil, mar chuid de thuras náisiúnta, cuirfear tús le ceolchoirm agus taispeántas taistil dar teideal 'My Gentle Harp: Moore's Irish Melodies 1808 – 2008' san Aula Maxima in OÉ Gaillimh Dé Sathairn, an 29 Samhain ag 8pm. Beidh an turas ag dul ar fud na tíre idir seo agus Aibreán 2009 mar cheiliúradh ar an 200 bliain ó foilsíodh Moore's Irish Melodies leis an gcumadóir agus leis an bhfile cáiliúil Thomas Moore. Is le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, ón gComhairle Ealaíon, ó Oifig na nOibreacha Poiblí, ón Leabharlann Náisiúnta agus ó Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta DIT atá an turas á reáchtáil. Ina measc sin a bheidh ar stáitse le linn na ceolchoirme beidh duine de phríomhphianódóirí na hÉireann an Dr Úna Hunt agus ina teannta beidh Dean Power, Claudia Boyle agus Gavan Ring, ar buaiteoirí duaiseanna guthanna óga iad ag Féile Thomas Moore DIT a tionóladh i mí Eanáir 2008, agus a chuirfidh amhráin cháiliúla Moore, leithéidí The Last Rose of Summer, The Minstrel Boy, The Harp that Once Through Tara's Halls nó The Meeting of the Waters agus cuid de na hamhráin sa bhailiúchán nach bhfuil an oiread sin eolais ag daoine orthu i láthair. Scríobh Moore 124 amhrán ar fad i dtréimhse 26 bliain. Tá ceol 'cuimhneacháin' pianó ar an gclár chomh maith a scríobh cumadóirí ón naoú céad déag mar fhreagairt ar Moore's Melodies. Tá taispeántas taistil, a roghnaigh Acadamh Ríoga na hÉireann, ina chuid de cheiliúradh cuimhneacháin 'My Gentle Harp' agus beidh sé ar bun san Aula Maxima in OÉ Gaillimh go dtí an 5 Nollaig. Is éard atá ann painéil ina ndéantar cur síos ar óige agus ar shaol Moore, léiriú ar an gclár faisnéise teilifíse One Faithful Harp a rinne Hummingbird Productions, agus gearrthóga fuaime ó dhlúthdhiosca ar díolaim é de thaifeadtaí a rinne ceoltóirí cáiliúla ar fhoinn Moore. Beidh na taifeadtaí ar fáil ar dlúthdhiosca chomh maith i mí na Nollag 2008. Níl aon táille ar an gcomhdháil, agus tá an clár ar fáil ar an láithreán gréasáin: www.mooreinstitute.ie. CRÍOCH

>> Read full story about Cartlann Hipirmheán ar Líne Thomas Moore á seoladh le linn an cheiliúrtha 200 bl

Aitheantas le tabhairt do Stiúrthóir Gradamach Ceoil ag Searmanas Bronnta Céimea

Tuesday, 25 November 2008

Bronnfar céim ar bhreis agus 800 mac léinn as cúig choláiste OÉ Gaillimh Dé Aoine, an 28 Samhain 2008, ag searmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san Ollscoil. Bronnfar Céim Mháistreachta sa Cheol (honoris causa) ar Audrey Corbett, stiúrthóir ceoil Amhránaithe Barócacha na Gaillimhe chomh maith. Cloisfear féasta ceoil ó na córchantóirí sin ina honóir ag an searmanas. Mar phianódóir agus mar orgánaí a thug Audrey Corbett faoi shaol an cheoil ar dtús i mBaile Átha Cliath, áit ar bhuaigh sí go leor de na príomhghradaim ag an bhFeis Ceoil, i measc féilte eile. Ina mac léinn le ceol di sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a céadléiríodh a spéis i gceol córúil nuair a bhunaigh sí St. Stephen's Singers, ensemble a raibh iúl an phobail orthu go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta nuair a bhuaigh siad comórtas 'Let the Peoples Sing' de chuid Raidió an BBC i 1971. Ó bhog sí go Gaillimh, tá Audrey tar éis cur go mór le bláthú an cheoil chórúil, ó bhunaigh sí Cantóirí na Gaillimhe, cór ban a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu, Cór Buachaillí na Gaillimhe agus Amhránaithe Barócacha na Gaillimhe. Tá an-tóir uirthi mar mholtóir ar chóir agus mar stiúrthóir ceardlann, seimineár agus máistir-ranganna agus bhí sí ina comhalta ar Bhord Stiúrthóirí an Cheolárais Náisiúnta ar feadh cúig bliana. Mar chomhartha aitheantais ar a saothar ar son an cheoil in iarthar Éireann, bronnadh Gradam Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe ar Audrey i 1997. Bhí sí ina stiúrthóir ar an 'Messiah for all' bliantúil sa Cheoláras Náisiúnta in 2001. An bhliain sin, bhunaigh Audrey cór aireagail nua, 'Sonas', atá an-rathúil; bhuaigh siad duais Scothchór Éireannach na Féile ag Féile Cór Chorcaí in 2003 agus bhí siad san iomaíocht sa Chomórtas Idirnáisiúnta ansin in 2004. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, roimh an searmanas: "Tá OÉ Gaillimh an-tugtha le fada do na healaíona agus do shaol na n-ealaíon san Ollscoil féin, sa phobal áitiúil agus in áiteanna níos faide ó bhaile. Tá an-áthas orainn an onóir seo a thabhairt d'Audrey Corbett as an tsárobair atá déanta aici ar mhaithe leis an gceol agus ag forbairt na córchantana i nGaillimh". Beifear ag bronnadh céimeanna ar mhic léinn i rith an lae ó Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; ó Choláiste na hInnealtóireachta agus na Faisnéisíochta; ó Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; ó Choláiste na hEolaíochta; agus ó Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh. Ina measc, beidh mic léinn ón MA sa Phleanáil Teanga, an chéad chúrsa tríú leibhéal san ábhar acadúil seo atá á chur ar fáil in Éirinn nó fiú amháin san Eoraip, cúrsa dírithe ar mhic léinn a bhfuil céim bainte amach acu agus atá ag iarraidh oibriú i bpoist i réimsí na pleanála teanga, na forbartha pobail agus na n-eagraíochtaí stáit agus ar dhaoine atá cheana féin ag obair i réimse na pleanála teanga nó in earnáil ghaolmhar. -Críoch-

>> Read full story about Aitheantas le tabhairt do Stiúrthóir Gradamach Ceoil ag Searmanas Bronnta Céimea

Human Rights Expert Talks of Sharing Science - Pivotal in the Climate Change Deb

Monday, 24 November 2008

Professor William Schabas, Director of the Irish Centre for Human Rights, NUI Galway, has said the human right to 'share in scientific advancement and its benefits' could become pivotal in the climate change debate. Professor Schabas was speaking following a high-level meeting at NUI Galway over the weekend, jointly organised with UNESCO and the Amsterdam Centre of International Law. Almost 60 years ago, the right of everyone to share in scientific advancement and its benefits was first established in Article 27 of the Universal Declaration of Human Rights. According to Professor Schabas: "From a legal standpoint, the right to enjoy the benefit of scientific progress and its applications remains largely unexplored. Yet in today's context, there is undoubtedly a relationship between the right to benefit from scientific progress, climate change and environmental protection. The necessity to share the benefits of scientific progress and knowledge across humanity in the face of a global challenge has never been so relevant". He continued: "We already know that those living in poverty, in sub-Saharan Africa for example, are among the first casualties of climate change. The question for national and international law makers is how the right to benefit from scientific progress will be interpreted in relation to global climate change". The Professor also noted, as UNESCO has reported previously, that progress in science and technology does not necessarily constitute "progress" for humankind. Elements of scientific research can also have detrimental consequences leading to ethical questions. This might include sophisticated weaponry, untested medicines or genetically modified products. Opened in 2000, the Irish Centre for Human Rights at NUI Galway supports the study and promotion of human rights and humanitarian law. The Centre offers a range of postgraduate programmes including International Human Rights Law, International Peace Support Operations, Human Rights Law, and Human Rights and Criminal Justice. At undergraduate level, NUI Galway also offers a new Bachelor of Arts with Human Rights. -ends-

>> Read full story about Human Rights Expert Talks of Sharing Science - Pivotal in the Climate Change Deb

£1.3 million Cross-border Research Project in Functional Biomaterial Research

Friday, 21 November 2008

NUI Galway and the University of Ulster, have received a grant of over £1.3 million for the establishment of a research collaboration in the area of functional biomaterials. The cutting edge research will be led by Professor Brian Meenan at the University of Ulster and Professor Abhay Pandit at NUI Galway, with the funding coming from the Northern Ireland Department for Employment and Learning, under its Cross Border R&D Funding Programme. Professor Pandit is Director of the Network of Excellence for Functional Biomaterials (NFB), which is part of NUI Galway's National Centre for Biomedical Engineering Science (NCBES). Biomaterials are synthetic materials which are placed within the body for therapeutic reasons. Their effectiveness can be greatly increased by combining them with therapeutic agents such as cells, proteins and genes. The new technology has applications linked to several important diseases, including cardiovascular disease, disc repair, bone repair, spinal cord and nerve damage. According to Professor Pandit: "Through collaboration with the established biomaterials group at the University of Ulster, we can continue to grow the network and our research capability. We are now in a position to make a substantial impact on the world stage for biomaterials research and are tackling scientific challenges in the areas of medical devices, nanotechnology, tissue engineering and regenerative medicine". Professor Meenan added: "This major award from the Cross Border R&D Funding Programme will establish a critical mass for research in functional biomaterials across the island. New and existing staff at the University of Ulster, working directly with colleagues at NUI Galway, will establish an internationally leading research base in this strategically important area with the aim of contributing to relevant aspects of economic and social development in the North and the South". Welcoming the research awards, Professor Richard Barnett, Vice Chancellor of the University of Ulster, said: "This funding for the University of Ulster-led research represents an endorsement and recognition of the international calibre of the research capacity at the University. The projects also mark a milestone in our relations with our academic partners in the Republic of Ireland. Together, we will bring to bear on these important research themes the most powerful analytical minds on the island". Dr James J. Browne, President of NUI Galway, added: "I am delighted to see our long standing fruitful co-operation with the University of Ulster is further enhanced by this award. It will facilitate deeper co-operation between the team in the University of Ulster and NUI Galway's recently established, Science Foundation Ireland funded, functional biomaterials group led by Professor Abhay Pandit. I congratulate all of those involved in winning this award and wish them well with their ongoing research". Professor Terry Smith, Vice-President for Research at NUI Galway, commented on the announcement stating: "NUI Galway strongly supports this partnership with the University of Ulster and looks forward to further developing a collaborative approach to this critically relevant area of research. This research award is a welcome testament to the strength of functional biomaterial research ongoing in NUI Galway through the NFB." A total of £7.7 million has been awarded through the Cross Border R&D Funding Programme, which will contribute to the development of an all-island research infrastructure through meaningful, targeted collaboration with leading research teams in the Republic of Ireland. -ends-

>> Read full story about £1.3 million Cross-border Research Project in Functional Biomaterial Research

Do Ghairm trí Ghaeilge

Thursday, 20 November 2008

Reáchtáilfidh Bord na Gaeilge an ócáid 'Do Ghairm trí Ghaeilge' i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh inniu (Déardaoin, 20 Samhain) ag a 3.00i.n. Ócáid a chuirfidh eolas ar fáil faoi chúrsaí agus gairmeacha trí mheán na Gaeilge. Ag caint faoin ócáid, deir Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne: "Tabharfaidh an ócáid seo deis do mhic léinn Ollscoile agus don phobal, eolas a fháil ar na deiseanna atá ann maidir le cúrsaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in earnáil na Gaeilge". Is iad na haoichainteoirí a bheidh i láthair ar an lá ná: Joe Greaney, Stiúrthóir an chomhlachta Westbic; Eimear Ní Chonfhaola, Nuacht TG4; Susan Ní Chualáin, Comhordaitheoir an M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála; agus Lochlainn Ó Tuairisg, Eagarthóir Litríochta le Cló Iar-Chonnachta. Beidh seastáin éagsúla ann chun gach saghas eolais faoi chúrsaí agus gairmeacha Gaeilge a sholáthar do mhic léinn agus don phobal. Lean an tUachtarán: "Is é seo an chéad bhliain a leithéid d'ócáid a bheith á reáchtáil san Ollscoil trí mheán na Gaeilge agus táim cinnte go dtiocfaidh méadú agus borradh ar an ócáid seo bliain i ndiaidh bliana. Guím gach rath ar an ócáid seo agus ar na mic léinn chumasacha a bheidh mar ionadaithe don Ollscoil seo in earnáil na Gaeilge amach anseo". -Críoch-

>> Read full story about Do Ghairm trí Ghaeilge

<< < 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42 43 44 45 46 47 48 49 50 51 52 53 > >>

Featured Stories