-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
November Gaillimh Idirnáisiúnta’ seolta ag Ollscoil na Gaillimhe
Gaillimh Idirnáisiúnta’ seolta ag Ollscoil na Gaillimhe
Wednesday, 13 November 2024
Natalia Hermida Cepeda. Grianghraf - Andrew Downes, Xposure
Tá Ollscoil na Gaillimhe tar éis ainm nua, Gaillimh Idirnáisiúnta, a bhaisteadh ar Oifig Gnóthaí Idirnáisiúnta na hOllscoile.
Is mórthionscadal é seo ina bhfuil níos mó béime á cur ar ghnóthaí idirnáisiúnta ar fud na hOllscoile agus ina bhfuil naisc idirnáisiúnta á neartú, lena chinntiú go mbeidh an tacaíocht agus na hacmhainní is gá ag mic léinn, ag an bhfoireann agus ag comhpháirtithe as gach cearn den domhan chun go mbeidh rath ar a saothar.
Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Ag machnamh dúinn ar ár n-oidhreacht agus ar an gcomóradh a rinneadh le gairid ar na chéad 68 mac léinn a tháinig anseo 175 bliain ó shin, is fiú go mór ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta againn agus na huaillmhianta atá againn ar bhonn idirnáisiúnta. Tá forbairt tagtha ar Ollscoil na Gaillimhe a bhuíochas leis an dúshraith a leagadh síos maidir le feabhas i dteagasc agus i bhfoghlaim atá bunaithe ar thaighde. Agus le bunú Ghaillimh Idirnáisiúnta tá an chéad chéim eile curtha i gcrích againn chun a chur ar chumas phobal na hOllscoile tabhairt faoi dheiseanna agus faoi dhúshláin nua."
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe: “Léiríonn Gaillimh Idirnáisiúnta go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe ag cur beart le briathar maidir lena bhfuil geallta aici do mhic léinn as gach cearn den domhan. Treisíonn ár gcomhpháirtíochtaí oideachais agus taighde i níos mó ná 100 tír ár gcáil mar ollscoil ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine agus a bhfuil éagsúlacht ag baint léi.
“Tá an cur chuige atá againn chun an ghné idirnáisiúnta a neartú dírithe ar a thuilleadh deiseanna staidéir thar lear a chur ar fáil do mhic léinn na hOllscoile seo; deiseanna a thabhairt do mhic léinn ar fud an domhain teacht anseo; agus deiseanna a thabhairt dár lucht acadúil agus dár dtaighdeoirí oibriú ar thionscadail chomhpháirtíochta le comhghleacaithe in institiúidí thar lear agus a bheith ag foghlaim ón obair sin.
“Socraíodh dá réir sin Gaillimh Idirnáisiúnta a thabhairt ar an oifig mar gur fearr an léiriú a thugann an t-ainm sin ar an áit mar ollscoil chomhaimseartha atá i dtiúin leis an domhan mórthimpeall uirthi. Is ainm nua é, ach táimid chomh dáiríre agus a bhí riamh faoin ngealltanas a thugamar tacú le mic léinn as gach cearn den domhan agus comhpháirtíochtaí láidre idirnáisiúnta a chothú.”
Tá méadú 50% tagtha ar líon na mac léinn ó thar lear le cúig bliana anuas mar thoradh ar an tionscadal Gaillimh Idirnáisiúnta in Ollscoil na Gaillimhe cheana féin agus méadú 30% ar na deiseanna staidéir thar lear agus ar na deiseanna malartaithe do mhic léinn.
Roinnt sonraí faoin Ollscoil:
- 20,000 mac léinn ó níos mó ná 110 tír
- 4,000+ comhthionscadal taighde in 178 tír
- Deiseanna staidéir thar lear in 72 ollscoil idirnáisiúnta in 36 tír, lena n-áirítear clár Erasmus in 180 ollscoil in 24 tír de chuid na hEorpa
- 2,500 comhalta foirne – is thar sáile a tháinig an cúigiú cuid acu, nó mar sin, go Gaillimh
- Ballraíocht i gComhghuaillíocht Ollscoileanna Eorpacha ENLIGHT a bhfuil 10 n-ollscoil dlúth-thaighde páirteach inti agus iad ag plé le níos mó ná 30 comhthionscnamh oideachais nua
Cuireann foireann Ghaillimh Idirnáisiúnta, i gcomhar le foireann tacaíochta na hoifige ar fud na hOllscoile, seirbhísí ar fáil do mhic léinn, don fhoireann acadúil agus taighde agus dár gcomhpháirtithe maidir le réimsí éagsúla ar nós an phróisis iontrála, chun a chinntiú go mbíonn mic léinn lánpháirteach i saol na hollscoile agus i gcomhpháirtíochtaí domhanda. Chomh maith leis sin, cuireann siad béim ar chabhrú leis na mic léinn chun go mbeidh rath ar a saothar agus cuireann siad buntacaíochtaí maidir leo seo a leanas ar fáil chomh maith: gairmeacha agus deiseanna fostaíochta; naisc le hearnáil na tionsclaíochta; comhairle faoi lóistín; agus imeachtaí sóisialta.
Críoch
Keywords: Press.
Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid, NUI Galway
« Back
Related news
2 December 2024
University launches Widening Participation Report and Sensory Campus website
27 November 2024
Relevium Medical secures €4.6m to develop knee osteoarthritis treatment
26 November 2024
University of Galway celebrates 2024 Hardiman PhD scholars
25 November 2024
National campaign for #16Days of activism
21 November 2024
University of Galway celebrates three academics on Highly Cited Researchers 2024 List