Cuireann Roinn na Gaeilge ceithre chlár fochéime ar fáil:

1. BA Comhonóracha | BA Joint Honours (GY101)

Cuirtear an Ghaeilge agus an tSibhialtacht Cheilteach ar fáil mar ábhair ar an BA Comhonóracha | BA Joint Honours (GY101) ag Ollscoil na Gaillimhe. Tá breis ar 300 mac léinn ag déanamh staidéar ar an nGaeilge le Roinn na Gaeilge.

Is cúrsa ceithre bliana í an chéim BA sa Ghaeilge, mar atá i gceist le cúrsa ar bith eile sna nuatheangacha san Ollscoil (m.sh. an Fhraincis nó an Ghearmáinis). Sa chéad bhliain, roghnóidh tú an Ghaeilge agus dhá ábhar eile mar ábhair staidéir na bliana sin. Sa dara bliain, má roghnaíonn tú an Ghaeilge mar ábhar céime (in éineacht le hábhar amháin eile), aistreoidh tú chuig clár an BA (Comhonóracha le Gaeilge).

Mar chuid den chlár nua seo, caithfidh tú an chéad seimeastar den tríú bliain sa Ghaeltacht i gceann d'ionaid Ghaeltachta na hOllscoile (.i. Carna nó An Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, nó Gaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall). Sa dara seimeastar, cuirfidh an tAcadamh (atá ag obair i gcomhpháirt linn ar an gclár) Socrúchán Oibre ar fáil duit. Má tá nuatheanga Eorpach eile mar ábhar staidéir agat, d'fhéadfá tréimhse a chaitheamh thar sáile san Eoraip ar an gclár Erasmus+ sa tríú bliain. Fillfidh tú ar phríomhchampas na hOllscoile i nGaillimh i gcomhair bhliain na céime.

Is féidir cóipeanna de chlár ama reatha an BA (Comhonóracha le Gaeilge) a fháil anseo.

2. BA Léann Teanga (GY136)

Soláthraíonn Roinn na Gaeilge roinnt modúl acadúil don chlár seo, atá faoi stiúir ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá eolas ar fáil anseo.

3. BA Cumarsáid & Gaeilge (GY122)

Soláthraíonn Roinn na Gaeilge roinnt modúl acadúil don chlár seo, atá faoi stiúir ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá eolas ar fáil faoin gclár anseo.

4. BComm le Gaeilge (GY208)

Soláthraíonn Roinn na Gaeilge roinnt modúl acadúil sa bhliain deiridh den chúrsa bunchéime ceithre bliana seo. Tá an clár seo curtha ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le Scoil an Ghnó, & na hEacnamaíochta. Tá tuilleadh eolais faoin gclár ar fáil anseo.