Cuireann an Roinn na cúrsaí iarchéime seo a leanas ar fáil:

  • Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach (Cúrsa Páirtaimseartha)

    Cuirtear an cúrsa páirtaimseartha seo ar fáil i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do dhaoine a bhfuil céim onóracha bainte amach acu i ndisciplín seachas an Ghaeilge, ach atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar ábhar acadúil (ag Leibhéal 8 ar an gCreatoibre Náisiúnta Cáilaíochtaí). Tá eolas cuimsitheach ar an gcúrsa ar fáil anseo.

        • MA/Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge (Páirtaimseartha agus Lánaimseartha)

          Is é aidhm an chláir MA/Dioplóma Iarchéime sároiliúint a chur ar an mac léinn i dTeanga, i Léann agus i Litríocht na Nua-Ghaeilge.
          • Leagtar béim ar fhorbairt scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide.
          • Cuireann an chéim seo ar chumas an mhic léinn feidhmiú go gairmiúil agus go héifeachtach i saol oibre na Gaeilge.
          • Ullmhaíonn sé an mac léinn chomh maith, chun leanúint le Léann na Gaeilge ag leibhéal na dochtúireachta.
          Léigh tuilleadh mar gheall ar an gcúrsa MA/Dioplóma Iarchéime sa Nua-Ghaeilge anseo.