Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin)
Forléargas ar an gCúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla.
Deis iontach atá ann cáilíocht ag leibhéal 9 a bhaint amach sa réimse seo tríd an bhfoghlaim chumaisc.
Iarratais agus roghnúchán
Iarratas a dhéanamh: Féach ar https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login
Eolas faoi na teagascóirí
Foghlaim chumaisc atá i gceist: meascán de ranganna ar líne agus sé cinn de cheardlanna lae (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile i nGaillimh.
Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.
Riachtanais agus measúnú
Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse cuí iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Anuas ar na cáilíochtaí thuas, ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn páirtaimseartha in imeacht bliain amháin (30 ECTS) nó in imeacht dhá bhliain (15 ECTS sa bhliain).
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2023
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
15
Spriocdháta
Meán Fómhair 2023.
Leibhéal NFQ
9
Modh staidéir
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Teastas Iarchéime ag leibhéal 9
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
Sceideal 2023/2024
Seo a leanas na dátaí don bhliain 2023/2024:
Seimeastar 1
An Caighdeán Oifigiúil - 10 ECTs
Aistriúchán Téacsanna 1 - 5 ECTs
Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 ECTs
Seimeastar 2
An Caighdeán Oifigiúil - 10 ECTs
Aistriúchán Téacsanna 2 - 5 ECTs
An tAistriúchán Liteartha - 5 ECTs
Baintear úsáid as teicneolaíocht Wordfast ar chúrsaí aistriúcháin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le caoinchead Wordfast LLC agus Yves Champollion.
- Na cineálacha téacsanna is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí na Gaeilge a aistriú ar chaighdeán ard.
- Úsáid ghrinn a bhaint as na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a bhíonn ag aistritheoirí na Gaeilge – bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc.
- Úsáid bheacht a bhaint as an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch don obair aistriúcháin.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha.
Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an tAontas Eorpach, agus eagraíochtaí stáit.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Feileann an cur chuige seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha; ciallaíonn sé freisin gur féidir le daoine in aon áit thart timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin páirt a ghlacadh sa chúrsa.
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Tomás Ó Maolalaidh
T: 091 49 2734
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (216 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)