Straitéis nua don Ghaeilge (2021)

Tá céad Stráitéis na Gaeilge seolta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Sheol an Dr Máire Geoghegan Quinn, iar-Aire Rialtais agus Iar Choimisinéar na hEorpa ar Thaighde, Nualaíocht agus Eolaíocht, atá nua cheaptha mar chathaoirleach ar Údaras na hOllscoile, Stráitéis na Gaeilge 2021-25 go hoifigiúil. Tuilleadh eolais anseo.

NUI Galway has launched its inaugural Irish Language Strategy.

A Strategy for the Irish Language 2021-25 was officially launched by Dr Máire Geoghegan Quinn, newly appointed Chair of the University’s Governing Authority and former government minister and European Commissioner for Research, Innovation and Science. More information here

Cláir Fhochéime & Iarchéime

Cuireann OÉ Gaillimh réimse leathan de chláir Ghaeilge ar fáil do mhic léinn fochéime agus iarchéime. Is iad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge go príomha a reáchtálann na cláir seo. 

  Cliceáil anseo chun teacht ar liosta iomlán na gclár Gaeilge

 

An Nuacht is Déanaí

An Chéad Oifigeach Gaeilge ceaptha ag OÉ Gaillimh

06/10/2021 - Léigh tuilleadh

Straitéis na Gaeilge 2021-2025 seolta ag OÉ Gaillimh

16/07/2021 - Léigh tuilleadh

Institiúid Nua Shainiúil d'Oideachas Múinteoirí in Iarthar na hÉireann

19/05/2021 - Léigh tuilleadh

Foilsíonn OÉ Gaillimh agus Údarás Craolacháin na hÉireann Tuarascáil ar Chláir Ghaeilge ar Stáisiúin Raidió na hÉireann

15/03/2021 - Léigh tuilleadh

An Dr Máire Geoghegan-Quinn ceaptha ina Cathaoirleach ar Údarás na hOllscoile

03/03/2021 - Léigh tuilleadh

Ceardlann Amhránaíochta ar an Sean-Nós ar líne ag OÉ Gaillimh

09/02/2021 - Léigh tuilleadh

Deis eisceachtúil foghlaim ó iriseoirí aitheanta na tíre

25/01/2021 - Léigh tuilleadh

Fógraíonn an OÉ Gaillimh na Comhaltaí Foirne agus na Céimithe atá tofa ar Údarás Nua na hOllscoile

12/01/2021 - Léigh tuilleadh

An tOllamh Breandán Mac Suibhne ceaptha ina Stiúrthóir Léinn ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

11/08/2020 - Léigh tuilleadh

Gaeilge agus na Meáin Chumarsáide

Is gné thábhachtach de bheocht na Gaeilge iad na meáin chumarsáide, agus tá roinnt mhaith dár gcuid clár dírithe ar scileanna cumarsáide, físe agus ilmheán ár mac léinn a fhorbairt. Tá ceangal láidir ag an Ollscoil leis na meáin Ghaeilge - idir theilifís agus raidió - agus le léiritheoirí neamhspleácha an cheantair. Léigh thíos faoi chuid de na tograí atá ar bun againn:

TG4

TG4 Foghlaim: Is acmhainn nua oideachais é seo atá curtha in oiriúint d'fhoghlaimeoirí lena gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Is comhthionscnamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é.
Fios Físe: Tionscadal é Fios Físe atá bunaithe ag an Ollscoil le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal labhartha na Gaeilge ar TG4.

RTÉ

Cartlann Raidió na Gaeltachta: Tá foireann taighde i gCarna ag digitiú chartlann RnaG ionas go mbeidh na cláir ar fad caomhnaithe agus ar fáil don phobal.
Daltaí Idirbhliana: Tá pairtnéireacht ar bun idir RTÉ agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a thugann deis do dhaltaí idirbhliana oiliúint a fháil i léiriú míreanna raidió agus teilifíse.

Aistriúchán agus Ateangaireacht

Tá éileamh mór ar aistritheoirí agus ateangairí sa lá atá inniu ann - sa tionscal foilsitheoireachta, sa riarachán poiblí, in institiúidí Stáit agus san Aontas Eorpach.

Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge réimse leathan cúrsaí ar fáil - idir chláir Dhioplóma, Fhochéime agus Iarchéime - chun freastal ar an éileamh seo.

An raibh a fhios agat gur linne an t-aon chúrsa traenála d'ateangairí in Éirinn agus an t-aon chúrsa d'ateangairí le Gaeilge ar domhan?

Sa phictiúr seo, feicfidh tú Ard-Stiúrthóir na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach, Florkia Fink-Hooijer, agus a fhoireann ar cuairt chuig an Ollscoil chun casadh le comhaltaí foirne agus mic léinn anseo.

Oideachas Gaeilge

Is ar scoil a fhaigheann cuid mhór páistí an chéad bhlaiseadh den Ghaeilge. Tá borradh mór tagtha ar thumoideachas sa Ghaeilge le blianta beaga anuas: meastar go bhfuil breis is 40,000 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus breis is 10,000 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge anois.

Chun freastal ar na scoileanna seo, teastaíonn múinteoirí den scoth, acmhainní teagaisc comhaimseartha agus curaclaim atá cothrom le dáta agus a bhaineann úsáid as dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Cuireann Scoil an Oideachais Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu dul i mbun teagaisc trí mheán na Gaeilge. Tá dea-cháil ar an gclár seo ó thaobh an teicneolaíocht faisnéise is déanaí a úsáid sa rang scoile. Ba é an chéad chlár ardoideachais lasmuigh de Mheiriceá a bhfuil an Gradam Apple do Chlár Iomráiteach buaite aige, gradam atá bronnta ar an gclár faoi dhó anois.

Léigh tuilleadh faoin ngradam anseo

Ionaid Ghaeltachta

Is í OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil a bhfuil ionad teagaisc agus taighde lonnaithe sa Ghaeltacht aige. Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cláir ar fáil sna hionaid seo a fhreastalaíonn ar an bpobal áitiúil Gaeltachta, chomh maith le pobail eile Ghaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.

Tá na hionaid Ghaeltachta seo suite:

Tá siad lárnach maidir le foirmiú teangeolaíoch ardchaighdeáin a thairiscint, chomh maith le taithí foghlama uathúil.  

Leanfaimid orainn ag cur cláir chreidiúnaithe thumoideachais ar fáil sna hionaid seo do mhic léinn ó OÉ Gaillimh agus as institiúidí ardoideachais eile in Éirinn agus thar lear.

An Ghaeilge ar an gCampas

Is é Áras na Gaeilge croílár phobal Gaeilge na hOllscoile, agus is ann a bhíonn an chuid is mó d'imeachtaí Gaeilge ar siúl. Tá caifé suite ar chúl an fhoirgnimh, agus bíonn ceol agus ócáidí soisialta ar siúl ann go minic.

Bíonn deis ag gach mac léinn agus comhalta foirne Dioplóma sa Ghaeilge a bhaint amach agus iad ag freastal ar an Ollscoil. Chomh maith leis sin, reáchtálfar Ranganna Comhrá don fhoireann ar leibhéal éagsúla. 

Tá trí Chumann ag plé leis an teanga agus reáchtálann siad imeachtaí éagsúla - seisiúin ceoil, drámaí agus ranganna ina measc: