-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Seachtain na Gaeilge 2026
An ceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr!
-529x381.png)
#SnaG26 - Imeachtaí poiblí san Ollscoil 1ú – 17ú Márta 2026
Fáilte roimh chách!
Dé Luain 2 Márta | Monday 2 March
- 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006(Block E)
- 13:30 Seoladh Seachtain na Gaeilge, Áras na Gaeilge sa Teatar
- Bál na Gaeilge, Óstán Chuan na Gaillimhe
Dé Máirt 3 Márta | Tuesday 3 March
- 14:00 Agóid Tinteán, lasmuigh do Theach Laighean
Dé Céadaoin 4 Márta | Wednesday 4 March
- 13:00 Bódléar, Áras na Gaeilge, Seomra 116
Tá áthas ar Aonad Léann na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe Darach Ó Scolaí a chur i láthair le linn Seachtain na Gaeilge 2026. Léifidh Darach óna úrscéal agus pléifidh sé an cúlra a bhaineann leis i Seomra 116, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 1 – 2pm, Dé Céadaoin, 4 Márta 2026.
Aonad Léann na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, University of Galway is delighted to present Darach Ó Scolaí during Seachtain na Gaeilge 2026. Darach will read from his novel and discuss its background in Seomra 116, Áras na Gaeilge, University of Galway, 1 – 2pm, Wednesday, 4 March 2026.
- 19:00 Rince Seite leis an Cumann Rince Seite
- 21:00 Colm 7 na hEasógaí í Sult
Deardaoin 5 Márta | Thursday 5 March
- 16:00 Gradaim Aitheantais Gaeilge do Scoláirí na Sraithe Sóisearaí, Halla Bailey Allen
Dé Sathairn 7 Márta | Saturday 7 March
- 09:00-17:00 Crannchúr leis an Club Snámha, Tarrthál agus Póló Uisce, Sráid na Siopaí
Dé Luain 9 Márta | Monday 9 March
- 13:00 Léachtaí le linn lóin, BLE-1006(Block E)
- 18:00 Cómortas Rince Seite
Dé Céadaoin 11 Márta | Wednesday 11 March
- 10:30 Maidin Chaife ar son Ospís na Gaillimhe-Maigh Eo in Áras na Gaeilge
- 13:00 Mo Bhaile Dúchais, Áras na Gaeilge, Seomra 116
Deardaoin 12 Márta | Thursday 12 March
- FÍS -Is comhdháil nua í FÍS ‘26 a thugann daoine óga le chéile chun léargas a thabhairt dóibh ar na slite uile éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí. Beidh FÍS 26’ ar siúl san Ionad Comhdhála i lár chathair Bhaile Átha Cliath i rith Seachtain na Gaeilge ar an 12ú Márta, 2026.
