#SnaG23 - Imeachtaí poiblí san Ollscoil 1 -17 Márta 2023

Dé Céadaoin, 1 Márta: Seoladh Sheachtain na Gaeilge, sa Téatar in Áras na Gaeilge (1.00-2.00) Bígí linn do Sheoladh Sheachtain na Gaeilge sa Téatar in Áras na Gaeilge chun na suaitheantais nua Ghaeilge a seoladh san Ollscoil le gairid a bhailiú, chomh maith le cóip de chlár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.  Cuirfear sóláistí ar fáil agus beidh caint agus comhrá againn i dteannta a chéile.

Dé Luain 6 Márta: 13:00-14:00 Caife agus Caint – Foireann agus Mic Léinn i gCaifé na Gaeilge

Dé Máirt 7 Márta: Tae & Plé i Seomra na Coiribe, SULT (11.00 – 12.00): Cur aithne ar Ghaeilgeoirí agus comhghleacaithe ó ar fud an champais, i Seomra na Coiribe

Dé Céadaoin 8 Márta: 13:00-14:00 Caife agus Caint d’Fhoghlaimeoirí i gCaifé na Gaeilge

Dé Céadaoin 15 Márta: 19:30 Oíche Chultúir Ghaelach sa Téatar in Áras na Gaeilge  

Dé Luain 13 Márta: Gradaim Aitheantais Gaeilge do scoláirí an Teastais Shóisearaigh: Déanfar éachtaí na scoláirí ar éirigh leo ‘pas le gradam’ a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil an Teastais Shóisearaigh a cheiliúradh ag an ócáid speisialta seo sa Halla Bailey Allen.