-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Campas agus Cumarsáid Dhátheangach
Campas agus Cumarsáid Dhátheangach
Seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge
Tá seirbhísí ar fáil i nGaeilge ar fud champas na hOllscoile agus molann muid do phobal na hOllscoile ar fad iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid gnóthaí laethúla – fiú mura mbíonn i gceist ach cúpla focal. Tá baill foirne ar fud na hOllscoile ar fáil chun déileáil le fiosruithe agus ceisteanna a fhreagairt i nGaeilge agus i measc na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge, áirítear:
- Seirbhís Aistriúcháin
- Seirbhísí Leabharlainne
- An tSeirbhís Scríbhneoireachta Acadúla
- Deasc Cabhrach na Mac Léinn
- An tSeirbhís Chomhairleach Lóistín
- Seirbhís Comhairleoireachta
- Seirbhís Dochtúra
- An tIonad Forbartha Gairmeacha
- An cúrsa ceannaireachta LIFT – ar fáil i nGaeilge
- Is féidir le mic léinn agus le baill foirne cártaí aitheantais a fháil i nGaeilge!
Tacaíochtaí atá ar fáil:
Eagraíonn Comhaltas na Mac Léinn ranganna Gaeilge saor in aisce do mhic léinn na hOllscoile ar fad. Tá gach eolas ar fáil anseo nó labhair leis an Leas-Uachtarán don Ghaeilge.
Tugtar deis do gach mac léinn san Ollscoil tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge (A2, B1, B2 nó C1) go páirtaimseartha le linn dóibh a bheith i mbun staidéir linn, agus déantar é sin a thairiscint ar tháille laghdaithe. Aimsigh gach eolas anseo.
Cuirtear ranganna comhrá ar fáil saor in aisce do bhaill foirne a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a fhoghlaim, nó go deimhin, a fheabhsú freisin. Nó, is féidir leo tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge. Tugtar cuireadh do bhaill foirne a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach a dteastaíonn uathu díriú ar chruinneas teanga freastal ar na ranganna Cruinnscríobh na Gaeilge.