Cláir Ghaeilge in OÉ Gaillimh

Tá réimse leathan de chláir ar fáil trí mheán na Gaeilge in OÉ Gaillimh. Is trí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge den chuid is mó a chuirtear na cláir seo ar fáil. Féach thíos liosta iomlán na gclár.

An Teagasc trí Ghaeilge

Déantar cúrsaí cláir agus modúil chláir a thairiscint agus a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i gColáistí uile na hOllscoile. Cuirtear bunáite na gclár agus modúl trí Ghaeilge ar fáil sna cláir a leanas:  

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

  • Fraincís trí Ghaeilge: Modúil iomlána 1BA, 2BA, 3BA
  • Socheolaíocht agus Polaitíocht: Ranganna Teagaisc/Measúnuithe do 1BA
  • Stair: Measúnuithe do 1BA, 2BA, 3BA
  • Matamaitic: Clár iomlán 1BA/1BSc
  • Léann an Aistriúcháin: Clár iomlán 1BA, 2BA, 3BA
  • Gaeilge: Clár iomlán 1BA, 2BA, 3BA
  • Teicneolaíocht Faisnéise: Clár iomlán 1BA (ar fáil do mhic léinn Innealtóireachta freisin)
  • Oideachas: Clár iomlán MGO
  • Gaeilge: Clár iomlán MA
  • Léann Teanga: Clár iomlán MA
  • Ateangaireacht Chomhdhála: Clár iomlán MA
  • Cumarsáid: Clár iomlán MA
  • Ardscileanna Teanga do Mhúinteoirí: Clár iomlán Teastais Iarchéime (páirtaimseartha)
  • Cuirtear tacaíocht teagaisc ar fáil ar shainchláir eile (MA san Fhoilsitheoireacht, MEd, MA san Fhoghlaim agus Teagasc mar shampla) ar éileamh seachas ar tairiscint bhliantúil.

 Coláiste na hEolaíochta

  • Teanga na hEolaíochta I: Modúl 2BSc
  • Teanga na hEolaíochta II: Modúl 2BSc

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

  • Geilleagar: Clár iomlán 1BA/BComm
  • BComm le Gaeilge: Clár iomlán 4 bliana
  • Dlí & Gaeilge: Clár iomlán 4 bliana
  • BComm le Fraincís: Fraincis trí Ghaeilge ar fáil

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

  • Caidreamh le hOthair trí Ghaeilge: Modúl iomlán 3BNU