CUR SÍOS AR AN gCLÁR

Cuirfidh an clár seo ar chumas an mhic léinn tabhairt faoi thionscadal mór taighde i réimse na Nua-Ghaeilge go neamhspleách agus tráchtas suas le 50,000 focal a scríobh bunaithe ar an ábhar sin. D'fhéadfadh sé/sí clárú do chéim dochtúireachta ina dhiaidh sin, dá mba mhian leis/léi.

RÉAMHRIACHTANAIS

Ní mór don mhac léinn grád 2.1 ar a laghad a bhaint amach sa Ghaeilge i scrúdú na bunchéime agus grád 2.2 ar a laghad i scrúdú na céime ina iomláine. Ní mór an scéal a phlé le hOllamh na Nua-Ghaeilge nó lena (h)ionadaí, agus é/í a bheith sásta an t-iarratas agus ábhar an tráchtais a cheadú agus a mholadh don Choláiste. Dhá bhliain lánaimseartha a mhaireann MLitt. Is féidir an cháilíocht a bhaint amach in imeacht trí bliana ar bhonn páirtaimseartha.  

Chun a thuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le riarthóir na Roinne ag fiona.depaor@ollscoilnagaillimhe.ie nó ag +353 (0)91 492564.