Mol nua do Theicneolaíochtaí Sláinte faoi threoir taighde seolta arbh fhiú €34 milliún é

Ó chlé: an tOllamh Garry Duffy, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn, an Dr Paddy Austin; Elena Panteva, agus Diarmuid O’Brien
Feb 24 2026 Posted: 14:37 GMT

Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte curtha ar bun chun dlús a chur le tionchar tráchtála réitigh atá dírithe ar leas an othair

Cuireann an clár Mol ARC de chuid Taighde Éireann Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair chun cinn mar cheannaire domhanda i dteicneolaíocht sláinte nua

 

Seoladh an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte nua in Ollscoil na Gaillimhe inniu. Infheistíocht de chuid an Rialtais arbh fhiú na milliúin euro í a bhfuil sé mar aidhm aici forbairt na réigiún a chur chun cinn trí dhlús a chur le tráchtálú taighde ceannródaíoch atá dírithe ar leas an othair.

An aidhm atá ag an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte réitigh a fhorbairt a chabhróidh le bainistiú galar ainsealach agus dlús a chur faoi theicneolaíochtaí a bhfuil ardchumas acu i réimsí cosúil le hionphlanduithe cliste, ardfhearais leighis inchaite, braiteoirí úrscothacha chomh maith le samhaltú bunaithe ar AI agus ar mheaisínfhoghlaim.

Tá an tionscnamh á óstáil ag Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) agus Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI agus is cuid de mhórchlár Taighde Éireann ‘Ó Thaighde go Tráchtálú’ (ARC) é.

Tá 23 thionscadal san áireamh leis an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte faoi láthair tar éis dóibh a bheith roghnaithe i ngeall ar an acmhainn láidir atá acu feabhas a chur ar thorthaí d’othair.

San áireamh le seoladh an Mhoil ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte, arb é an téama atá aige ‘Fréamhaithe sna Réigiúin, Láithreacht Dhomhanda’, bhí gairm ar  thionscadail nua a mheas le haghaidh a maoinithe agus a dtacaithe féachaint le hiad a thráchtálú.  Cuireadh roinnt de na tionscadail reatha atá á dtráchtálú go mear ar taispeáint chomh maith agus san áireamh leo sin tá ardghairis braite céadfaí chun titim a chosc i measc daoine scothaosta agus feistí cliste a chabhraíonn le brú fola a rialú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag James Lawless, T.D., an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta: “Tá an cumas ag an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte éascaíocht a dhéanamh do thráchtálú taighde a rachaidh go díreach chun tairbhe an duine aonair agus an phobail san Iarthar agus san Iarthuaisceart agus níos faide i gcéin. Tá uaillmhianta an Mhoil ARC soiléir agus leitheadach agus é i mbun a chuid feidhmiúcháin a threisiú agus comhpháirtíochtaí a chur ar bun. Tá mé ag súil le hiarrachtaí, torthaí agus tionchar an Mhoil a leanúint sa blianta seo atá romhainn.”

Dúirt an Dr Diarmuid O’Brien, Príomhfheidhmeannach Taighde Éireann-Research Ireland: “Ceann de na cláir is réamhghníomhaí, is samhlaíche agus, seans, is suaití atá seachadta ag Taighde Éireann riamh is ea an clár Mol ARC.  Múnla cuimsitheach agus inscálaithe chun comhlachtaí na todhchaí a chruthú is ea ár gcuid taighdeoirí, fiontraithe agus infheisteoirí is fearr a thabhairt le chéile in éineacht leis an earnáil tráchtála le go gcothófaí timpeallacht inar féidir ár smaointe taighde is fearr a aistriú ón tsaotharlann go dtí an margadh.” 

Labhair Peter Power, Ceann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, mar seo a leanas: “Oibríocht is ea an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte faoin gclár Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a mbaineann tábhacht straitéiseach léi. Tá sé ag teacht le polasaí Comhtháthaithe an AE tacú le héiceachórais nuálaíochta láidre do na réigiúin ar fad. Tiocfaidh táirgí don mhargadh ó thaighde a bhuíochas leis an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte, rud a chuirfidh le hiomaíocht Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus le hiomaíocht na hEorpa.” 

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Ní díreach aonán taighde agus nuálaíochta atá á fhógairt inniu againn – deis faoi leith is ea an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte lárionad domhanda don chúram sláinte a chruthú i Réigiúin Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann. Tá an deis seo á thapú againn, in éineacht lenár gcomhpháirtithe agus leis na réigiúin, chun tionchar tráchtála an taighde seo a bhrú chun cinn le tacaíochtaí nua agus ag luas níos tapúla, agus an mhóraidhm againn cúram sláinte, cóireálacha leighis agus teiripí nua a chur ar fáil d’othair. 

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Orla Flynn, Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: “Tá ATU an-sásta baint a bheith aici leis an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte agus a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe chun taighde agus nuálaíocht cúraim sláinte a chur chun cinn.‑ Ligeann an chomhpháirtíocht seo dúinn tacú le forbairt teicneolaíochtaí nua, taighde a láidriú agus conairí níos soiléire a chruthú chun fionnachtana eolaíochta a chur chun feidhme do réitigh chúraim sláinte phraiticiúla. Guím gach rath ar an bhfoireann leis na hiarrachtaí seo, agus gabhaim buíochas leis na maoinitheoirí as a dtacaíocht.”

Dúirt an tOllamh Cathal Kelly, Leas-Seansailéir RCSI: “Ní mór don nuálaíocht sa teicneolaíocht sláinte a bheith dírithe i gcónaí ar fheabhas a chur ar thorthaí d’othair. Tá bród orainn san RCSI a bheith páirteach sa chomhpháirtíocht uaillmhianach seo trína gcuirtear ar chumas taighdeoirí agus nuálaithe oibriú go héifeachtach chun a chinntiú go gcuirfear teicneolaíochtaí nua ar fáil atá ábhartha go cliniciúil, dírithe ar an othar, inaistrithe don earnáil tráchtála agus in ann torthaí a fheabhsú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.”

Seo mar a labhair Conall McGettigan, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair: “Tionscnamh nuálaíoch is ea an tionscadal seo a bhfuil sé mar aidhm aige dlús a chur le forbairt réigiúnach trí éascaíocht a dhéanamh taighde ardleibhéil luathchéime a thabhairt chomh fada le tráchtálú. Agus é ag teacht le straitéis speisialaithe chliste na hÉireann agus trí smaointe fiontraíochta a chothú laistigh den éiceachóras taighde agus nuálaíochta, éascóidh an Mol claochlú coincheapa nuálaíocha le go mbainfidh Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair tairbhí inbhraite eacnamaíocha agus sóisialta astu.”

Dúirt an tOllamh Garry Duffy, Ollamh le Nuálaíocht Teicneolaíochta Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe, Ollamh le hAnatamaíocht in RCSI agus Stiúrthóir an Mhoil ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte: “Dúnann an Mol ARC an bhearna idir taighde leighis den scoth agus tionchar praiticiúil ar an saol mór. Bíodh is go bhfuil fréamhacha sna réigiúin againn táimid dár gcur féin i láthair go domhanda, agus taighdeoirí á gcumhachtú againn le bheith ina bhfiontraithe. Táimid ag cinntiú chomh maith go mbainfidh othair ar fud an domhain leas as na nuálaíochtaí i dTeicneolaíocht na Sláinte atá á bhforbairt in Éirinn agus go mbeidh fáil orthu ar mhargaí an domhain.”

Bunaíodh an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte in 2025 nuair a rinne Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach, trí Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt & an Iarthair 2021-2027 de chuid CFRE, infheistíocht shuntasach arbh fhiú €34.3 milliún í. An aidhm atá aige ceannaire náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh as Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair i dtaobh teicneolaíochtaí sláinte a thráchtálú.

Féachann an tionscnamh le tacú le forbairt eolaithe agus innealtóirí a bhfuil féith na fiontraíochta iontu agus na scileanna a thabhairt dóibh a chuirfidh ar a gcumas comhlachtaí nuathionscanta a chruthú de bhun an taighde atá siúl acu.

Tabharfaidh sé conairí do thaighdeoirí chun bailíochtú cliniciúil luath a dhéanamh, mar aon le scileanna fiontraíochta agus tacaíochtaí tráchtála le go gcuirfear ar a gcumas réitigh cúraim sláinte atá dírithe ar an othar agus a d’fhéadfaí a chur ar an margadh domhanda a dhéanamh as smaointe úrnua.

Tá an clár seolta go hoifigiúil anois agus is féidir iarratais a dhéanamh chun go ndéanfar measúnú ar thionscadail nua le haghaidh a maoinithe agus a dtacaithe agus iad ag dul i dtreo a dtráchtálaithe.

Tá Coiste Comhairleach láidir ag tacú leis an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte agus láidreoidh a saineolas éagsúil gach gné dá chuid oibre.  Tá infheisteoirí príobháideacha ar an gCoiste chomh maith le speisialtóirí in oiliúint d’fhiontraithe ó na Stáit Aontaithe agus ón Eoraip, ceannairí ón earnáil tráchtála ó chomhlachtaí nuathionscanta éagsúla agus ó chorparáidí ilnáisiúnta, agus ionadaithe rialtais agus earnála poiblí.

Ceann de thrí Mhol ARC a fógraíodh in 2025 mar chuid de chlár infheistíochta ilbhliantúil is ea an Mol ARC do Theicneolaíochtaí Sláinte. Tá an Mol ARC don Teiripic (faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus an Mol ARC ICT (faoi stiúir Ollscoil Teicneolaíochta (TU) Bhaile Átha Cliath) á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach trí Chlár Réigiúnach 2021-2027 an Deiscirt, an Oirthir agus Lár Tíre.

Is é príomhchuspóir an chláir Mol ARC forbairt réigiúnach a chur chun cinn trí dhlús a chur le tráchtálú taighde úrnua ceannródaíoch agus ag an am céanna, tacú le forbairt eolaithe agus innealtóirí a bhfuil scileanna fiontraíochta acu a n-uaillmhianta tráchtála a bhaint amach.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories