-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
May Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh orthu siúd a bhfuil Gradam Alumni bronnta orthu
Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh orthu siúd a bhfuil Gradam Alumni bronnta orthu
Monday, 25 May 2026
Sa phictiúr tá buaiteoirí Ghradaim Alumni Ollscoil na Gaillimhe 2026. Sa chúlrá, ó chlé: Michael Lohan, Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtái; an tOllamh James Meaney, Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte; an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; agus Ruth Mackey agus David Mackey, Gradam Alumni do Cheannairí Nua.
Chun tosaigh, ó chlé: Deirdre Ní Choistín, Gradam Alumni don Ghaeilge; an tOllamh Fran O’Rourke, Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach; Katie Mannion, Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí; agus an tOllamh Professor Patrick Farrell, Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht. As láthair ón bpictiúr: Fiona Murtagh, Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt . Aitheantas – Aengus McMahon.
Tá ceiliúradh déanta ag Ollscoil na Gaillimhe ar na móréachtaí atá bainte amach acu siúd ar bronnadh Gradam Alumni orthu ag mórshearmanas bronnta ar an gcampas.
Tugann na gradaim aitheantas do chéimithe den scoth ar roghnaíodh iad as pobal alumni na hOllscoile ar fud an domhain. Tá céim bainte amach ag breis agus 145,000 duine ó bunaíodh an Ollscoil sa bhliain 1845.
Tarraingíonn na gradaim aird ar an tsárobair atá déanta ag na halumni seo ina réimsí éagsúla féin a n-áirítear leo na dána, gnó, dlí, seirbhís phoiblí, eolaíocht, sláinte, spórt agus ceannaireacht nua, agus tá faighteoirí na ngradam tar éis tionchar nach beag a imirt ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Seo a leanas na daoine ar bronnadh Gradam Alumni Ollscoil na Gaillimhe 2026 orthu:
- Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach
An tOllamh Fran O’Rourke, Ollamh Emeritus, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
- Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – Urraithe ag Banc na hÉireann
Michael Lohan, Príomhfheidhmeannach, GFT Éireann
- Gradam Alumni don Ghaeilge
Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4
- Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an tSochaí – Urraithe ag RDJ
Katie Mannion, Aturnae Bainistíochta, Ionad Dlí Chomhairle Teifeach na hÉireann
- Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – Urraithe ag Analog Devices
An tOllamh Patrick Farrell, Ollamh le hAnailís Uimhriúil, Ollscoil Oxford
- Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – Urraithe ag Medtronic
An tOllamh James Meaney, Ollamh le Raideolaíocht agus Stiúrthóir, Ionad Thomas Mitchell d’Ardíomháú Leighis (CAMI), Ospidéal San Séamas agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt
Fiona Murtagh, Rámhaí a bhfuil Curadh an Domhain bainte amach aici
- Gradam Alumni do Cheannairí Nua – Urraithe ag BioInnovate
Ruth Mackey agus David Mackey, lucht bunaithe Mbryonics
Dúirt an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe: “Ceann de na hócáidí is tábhachtaí i bhféilire na hOllscoile is ea na Gradaim Alumni, áit a dtagaimid le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór atá ag ár gcéimithe ar fud an domhain. Léiríonn gach duine d’fhaighteoirí na bliana seo tallann, uaillmhian agus luachanna Ollscoil na Gaillimhe, agus táimid an-bhródúil as a gcuid éachtaí. Léiriú is ea rath na bhfaighteoirí seo ní hamháin ar a mbarr feabhais féin ach, anuas air sin, ar a láidre is atá ár bpobal alumni ar fud an domhain, agus nasc an phobail sin leis an Ollscoil.”
Críoch
Keywords: Press.
Author: Oifig Margaíocht agus Cumarsáid , NUI Galway
« Back
Related news
25 May 2026
University of Galway celebrates 2026 Alumni Award honourees at annual Gala
20 May 2026
National call to action for Every1Counts initiative
19 May 2026
Research on disabled women’s rights wins top honours at University of Galway Threesis 2026
18 May 2026
New hospitality survey shows signs of improvement alongside persistent employment issues
14 May 2026
Clinical Research Innovation Day highlights potential for clinical trials









