-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
August Éileamh láidir á léiriú ag Babhta 1 CAO do chúrsaí fochéime in Ollscoil na Gaillimhe
Éileamh láidir á léiriú ag Babhta 1 CAO do chúrsaí fochéime in Ollscoil na Gaillimhe

Tá níos mó ná 4,000 tairiscint déanta ag Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn fochéime nua don bhliain acadúil 2026/27.
Roinn Ollscoil na Gaillimhe teachtaireacht comhghairdis le rang na hArdteistiméireachta 2026 inniu as ucht a gcuid iarrachtaí agus a bhfuil bainte amach acu agus na tairiscintí do bhabhta 1 CAO á n-eisiúint.
Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Lá cinniúnach atá ann do gach mac léinn a bhfuil an chéad chéim eile ina gcuid oideachais á beartú acu. Guím gach rath orthu thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, agus tá an-áthas orainn fáilte a chur rompu siúd a bhfuil sé d’ádh orthu freastal ar an ollscoil anseo. Tá ardmholadh tuillte agaibh as bhur gcuid éachtaí acadúla, agus as na torthaí Ardteistiméireachta atá faighte agaibh, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal libh agus sibh ag cur tús leis an tréimhse spreagúil nua seo.
“Seal foghlama i do shaol is ea an Ollscolaíocht, seans chun dúshlán a chur romhat féin, cairde nua a dhéanamh agus deiseanna nua a aimsiú. Táimid ag súil le tacú lenár mic léinn nua a fhad is a bheidh siad in éineacht linn, oideachas agus deiseanna den chéad scoth a chur ar fáil dóibh, chomh maith leis an eispéireas mac léinn agus an campas is fearr sa tír.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do chomhghleacaithe san Ollscoil trí chéile a bhfuil an oiread sin oibre ar siúl acu go ciúin chun tacú le mic léinn agus lena dteaghlaigh, idir thairiscintí agus seisiúin eolais a ullmhú, mar aon le fáilte chroíúil a chur roimh gach mac léinn nua in Ollscoil na Gaillimhe.”
Ní raibh líon na n-iarratas CAO riamh chomh hard is atá sé i mbliana, agus tá Ollscoil na Gaillimhe ag súil go mbeidh breis agus 3,800 mac léinn ag clárú agus ag cur tús lena gcuid staidéir fochéime i mí Mheán Fómhair.
Tá roinnt treochtaí le feiceáil i ndáil le cláir Ollscoil na Gaillimhe i mBabhta 1, lena n-áirítear:
- Cógaisíocht (MPharm) - tá an dara cohórt mac léinn le tosú i mí Mheán Fómhair ar an gcúrsa fochéime 5 bliana in Ollscoil na Gaillimhe agus líon na n-áiteanna ardaithe anois ó 40 áit in 2025 go 75, ar freagra an t-ardú sin ar an ngá do chógaiseoirí, agus an t-éileamh atá ann don ghairm sin.
- Clár nua do 2026 is ea an BSc (Zó-eolaíocht) ar 473 pointe, agus muid ag súil go gcláróidh isteach is amach le 40 mac léinn sa chéad chohórt.
- D’ardaigh na pointí do chúrsaí Gaeilge, cosúil leis an BComm (Gaeilge) agus an BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin), agus 488 agus 405 pointe, faoi seach, ag teastáil do na cúrsaí sin.
- Bhí ardú sna pointí i gcás 25 cúrsa in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana, rud a fhágann go bhfuil 28 cúrsa anois ann a dteastaíonn níos mó ná 500 pointe chun áit a fháil orthu, arb ionann sin agus leath de na cúrsaí ar fad atá á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe.
- Fanann gach clár Innealtóireachta ag 500 pointe nó os a chionn, ar léiriú é sin ar a thábhachtaí atá earnálacha an réigiúin cosúil le teicneolaíocht leighis, chomh maith le deiseanna gairme láidre do chéimithe.
- Tá éileamh níos mó ar chláir sna healaíona cruthaitheacha, agus tá ardú 44 pointe ann go 404 don BA (Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus an Taibhléirithe), agus ardú 12 pointe sa BA (Ceol) go 413.
- 455 pointe a theastaíonn chun áit a fháil ar an bpríomhchlár eolaíochta BSc (GY301), ar ardú 15 pointe é sin ar phointí na bliana seo caite, agus d’ardaigh na pointí freisin don Domhaneolaíocht agus Aigéaneolaíocht, Biteicneolaíocht, Muireolaíocht, agus Matamaitic Airgeadais & Eacnamaíocht.
- Tá ardú leanúnach le feiceáil san Altranas agus Cnáimhseachas, agus d’ardaigh na pointí don Bhaitsiléir Eolaíochta Cnáimhseachais ó 429 go 498 pointe.
Críoch
Related News
26 August 2026
Round 1 CAO offers show strong demand for University of Galway undergraduate courses
18 August 2026
University of Galway joins EU-funded project for sustainable livestock farming
17 August 2026
Atlantic Summit Galway 2026 – Programme unveiled and pre-registration now open for flagship ocean event
17 August 2026
Cruinniú Mullaigh Atlantaigh na Gaillimhe 2026 – Clár fógartha agus réamhchlárú oscailte anois
4 August 2026
Researchers design implant that fights ovarian cancer from the inside










