Eolas le fáil faoi bhreis agus 160 cúrsa ag lá oscailte iarchéime Ollscoil na Gaillimhe

Jan 19 2026 Posted: 10:13 GMT

Tá Ollscoil na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoin gcéad chéim eile ina saol acadúil nó ina saol gairmiúil tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna atá acu ag an Lá Oscailte Iarchéime.

Beidh an ócáid eolais speisialta seo ar siúl i Halla Bailey Allen ar an gcampas Déardaoin, an 29 Eanáir. Beidh fáilte roimh mhic léinn reatha agus roimh an bpobal ag an dá sheisiún a bheidh ar siúl ó 12-2pm agus ó 5-7pm.

Beidh eolas le fáil ag an Lá Oscailte faoi bhreis agus 160 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha, céimeanna máistreachta múinte agus taighde agus roghanna PhD san áireamh. Beidh eolas le fáil faoi chúrsaí solúbtha ar líne agus faoi chúrsaí foghlama cumaisc ag an ócáid freisin, a d’oirfeadh do dhaoine atá ag céimeanna éagsúla dá ngairm bheatha.

Beidh deis ag na cuairteoirí labhairt le comhaltaí foirne acadúla, le mic léinn iarchéime reatha agus le foirne seirbhísí gairmiúla. Beidh eolas ar fáil faoi ábhair, riachtanais iontrála, conairí gairme, roghanna maoinithe agus próiseas iarratais na gcúrsaí.

Bhí an méid seo le rá ag Caroline Duggan, Ceannasaí Earcaíochta Fochéime agus Iarchéime Ollscoil na Gaillimhe: “Tá cumhacht ag baint le staidéar iarchéime, cé acu an mac léinn thú atá díreach i ndiaidh do bhunchéim a bhaint amach nó má tá tú ag filleadh ar an ollscoil chun scileanna nua a fhoghlaim nó le tabhairt faoi chonair ghairme nua.” Ar chláir na hOllscoile seo gheobhaidh tú saineolas ar an ábhar, gheobhaidh tú taithí phraiticiúil ar an réimse atá i gceist trí shocrúcháin agus intéirneachtaí, agus déanfaidh tú na scileanna a shealbhú a theastaíonn ó chéimithe chun go n-éireoidh leo san fhórsa saothair domhanda atá ag síorathrú.”

Cuireann Ollscoil na Gaillimhe cláir iarchéime ar fáil i ndisciplíní éagsúla, mar shampla, na Dána agus na Daonnachtaí, Gnó, an Dlí, an Eolaíocht, an Innealtóireacht, Ríomheolaíocht, Leigheas, na hEolaíochtaí Sláinte, agus Altranas.

Beidh eolas ar fáil faoi scoláireachtaí agus maoiniú ag an lá oscailte, agus ina measc tá Scoláireacht €1,500 Máistreachta Múinte na hOllscoile do mhic léinn ón AE a bhaineann bunchéim céadonóracha amach.

Is féidir clárú don lá oscailte iarchéime anois ag www.universityofgalway.ie/postgraduate-open-day.

Críoch

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories