-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
September Triúr léachtóirí nua ceaptha i Roinn na Gaeilge ag Ollscoil na Gaillimhe
Triúr léachtóirí nua ceaptha i Roinn na Gaeilge ag Ollscoil na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil triúr léachtóirí nua ceaptha i Roinn na Gaeilge.
Tá saineolas ar leith tugtha ag an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, an Dr Colm Ó Cuaig agus an Dr Oisín Ó Muirthile chuig an Ollscoil sna réimsí seo a leanas: an béaloideas, an Nua-Ghaeilge Mhoch, an Léann Ceilteach agus an teangeolaíocht stairiúil.
Cuirfidh na léachtóirí nua leis an teagasc agus leis an taighde i Roinn na Gaeilge agus leis an bpleanáil le haghaidh MA nua sa Ghaeilge, a thabharfaidh deis do mhic léinn ardstaidéar a dhéanamh ar theanga, ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge. Tá tuilleadh eolais faoin MA sa Ghaeilge atá beartaithe ar fáil anseo.
Tá an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill ceaptha i Roinn na Gaeilge mar Léachtóir le Béaloideas. Bhí sí i gceannas ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh roimhe seo. Chuir sí PhD i gcrích in Ollscoil na Gaillimhe in 2018. Bronnadh Gradam Scoláireachta Fulbright uirthi in 2023-24 chun taighde béaloidis a dhéanamh in Ollscoil Indiana Bloomington sna Stáit Aontaithe.
Is í an Dr Nic Giolla Chomhaill údar An Chaora Ghlas agus Scéalta Eile as Seanadh Farracháin (2016). I measc a cuid spéiseanna taighde tá scéalta iontais arna n-insint ag scéalaithe ban in Éirinn agus in Albain le linn an 20ú haois, béaloideas agus éiceolaíocht, imirce agus an traidisiún béil.
Tá an Dr Colm Ó Cuaig ina shaineolaí ar an Nua-Ghaeilge Mhoch (1200-1650 CE). Chuir sé PhD sa Nua-Ghaeilge i gcrích in Ollscoil na Gaillimhe in 2017 sular thosaigh sé ag obair le hAcadamh Ríoga na hÉireann, áit ar oibrigh sé ar Foclóir Stairiúil na Gaeilge. Tá sé ina chomheagarthóir ar Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain (2025).
I measc a chuid spéiseanna taighde tá digitiú acmhainní Gaeilge agus úsáid na hintleachta saorga i múineadh agus i dtraidisiún lámhscríbhinní na hÉireann.
Is saineolaí é an Dr Oisín Ó Muirthile ar na teangacha Ceilteacha agus an teangeolaíocht stairiúil. Bhronn Ollscoil Harvard PhD air as a chuid taighde ar fhorbairt theangeolaíoch na Gaimise-na Caintise (Seiltis), teanga Thaistealaithe na hÉireann.
Tá sé ina chomheagarthóir ar Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium (2022 agus 2023). Tá sé ceaptha mar Léachtóir leis an Léann Ceilteach. Beidh múineadh agus taighde ar litríocht na Sean-Ghaeilge (700-900 CE) agus na meánaoise mar chúram air.
Dúirt an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe: “Cuirfidh na ceapacháin nua seo le leithne ár gcuid taighde agus teagaisc i Roinn na Gaeilge. Leagann an t-earcú seo béim ar thiomantas Ollscoil na Gaillimhe do léann na Gaeilge, idir theanga, litríocht agus chultúr. Cuirimid fáilte ó chroí roimh ár gcomhghleacaithe nua agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leo ar thionscadail teagaisc agus taighde a bheas nuálach agus spreagúil.”
Cuir aithne ar an triúr léachtóirí nua agus faigh amach faoin taighde agus teagasc atá ar bun acu anseo.
Críoch
Related News
1 September 2026
University of Galway appoints three new lecturers to Roinn na Gaeilge
31 August 2026
University of Galway and ATU relaunch Rural Voices Seminar Series
28 August 2026
University of Galway Professor receives prestigious European Society of Cardiology President’s Award
26 August 2026
Éileamh láidir á léiriú ag Babhta 1 CAO do chúrsaí fochéime in Ollscoil na Gaillimhe
26 August 2026
Round 1 CAO offers show strong demand for University of Galway undergraduate courses










