Course Overview

Achoimre ar an gClár:

Is clár lánaimseartha bliana (dhá bhliain go páirtaimseartha) é an MA Struchtúrtha sa Ghaeilge a thugann deis do chéimithe díograiseacha cur lena gcuid eolais agus an réimse taighde atá roghnaithe acu i Léann na Gaeilge a fhorbairt. Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh ar mhaithe leis féin nó mar ullmhúchán do chlár PhD. Beidh ar mhic léinn tráchtas 30,000 go 40,000 focal a scríobh, ar luach 60 ECTS, a dhéanfar faoi stiúir ball foirne de chuid Roinn na Gaeilge. Tá modúil múinte ar fiú 30 ECTS sa chúrsa, agus ní mór ceann amháin díobh (5 ECTS ar a laghad) a bheith dírithe ar mhodhanna taighde. Cuireann foireann na Gaeilge modúil ar fáil i raon leathan ábhar ar an gcúrsa iarchéime agus cuireann fáilte roimh mhic léinn i réimsí a gcuid saineolais:

  • An Ghaeilge i ngach tréimhse ón tSean-Ghaeilge go dtí an teanga chomhaimseartha
  • Gach gné de litríocht na Gaeilge
  • An béaloideas, an scéalaíocht agus an traidisiún béil
  • An tsochtheangeolaíocht
  • An teangeolaíocht chomhaimseartha, stairiúil, chomparáideach agus chorpais
  • Léann na lámhscríbhinní
  • An Léann Ceilteach

 

Moltar an clár go láidir do chéimithe ar mian leo tabhairt faoi thaighde neamhspleách treoraithe i gcuideachta modúl múinte, agus dóibh siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh le clár PhD.

Programmes Available

Máistreacht Struchtúrtha sa Ghaeilge, lánaimseartha, cúrsa bliana
Máistreacht Struchtúrtha sa Ghaeilge, páirtaimseartha, cúrsa dhá bhliain

Associated

Learning Outcomes

Entry Requirements

Ní mór d’iarrthóirí céim onóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 de Chreat Náisiúnta Cáilíochta ÚNCÉ) a bheith acu i Léann na Gaeilge nó a comhionann. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh maidir lena cumas sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.

Who’s Suited to This Course

Current research projects

Tionscadail Reatha Taighde

https://universityofgalway.ie/gaeilge/taighde/  

Aimsigh Stiúrthóir nó Tionscadal Taighde

Má tá stiúrthóir nó tionscadal taighde fós á lorg agat nó más mian leat réímsí taighde na foirbe acadúla a fheiceáil, is féidir cuairt a thabhairt ar thairseach an Choláiste

Current funded research opportunity

Work Placement

Related Student Organisations

Career Opportunities

Find a Supervisor / PhD Project

If you are still looking for a potential supervisor or PhD project or would like to identify the key research interests of our academic staff and researchers, you can use our online portal to help in that search

Course Outline

[an error occurred while processing this directive]

Research Areas

Réimsí Taighde

  • An Ghaeilge i ngach tréimhse ama ón tSean-Ghaeilge go dtí an teanga chomhaimseartha
  • Gach gné de litríocht na Gaeilge
  • An béaloideas, an scéalaíocht agus an traidisiún béil
  • An tsochtheangeolaíocht agus an teangeolaíocht
  • An Léann Ceilteach

Researcher Profiles

Taighdeoirí i Roinn na Gaeilge

https://universityofgalway.ie/gaeilge/foireann/

Course Fees

Fees: EU

€7,900 p.a. (€8,040 including levy) Year 1 €4,000 (€4,140 including levy) 2026/27

Fees: Non EU

€19,900 p.a. (€20,040 including levy) 2026/27

Contact Us

Tadhg Ó hIfearnáin

E: tadhg.ohifearnain@ollscoilnagaillimhe.ie