Course Overview

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe éagsúla den phleanáil teanga a chuirfeadh ar a gcumas a gcuid scileanna a fheidhmiú go gairmiúil, in earnáil na pleanála teanga. Scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an beartas teanga; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo.

Who Teaches this Course

  • Hugh Rowland
  • Tomás Ó Maolalaidh

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Bliain amháin, lán-aimseartha

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

Gan teorainn

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

30

Award

CAO

Course code

1MLT6

Course Outline

1.     Required: LT116: Próiseas na Pleanála Teanga I (5 ECTS) (Semester 1)

Is é aidhm an mhodúil seo go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar an bpleanáil teanga mar choincheap agus ar an bpróiseas a bhaineann léi mar chleachtas agus mar ghníomh feidhmeach.

Learning outcomes

  • Go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar fhorás na pleanála teanga mar réimse léinn go hidirnáisiúnta chomh maith le stair na pleanála teanga in Éirinn san fhichiú haois.
  • Go mbeadh an mac léinn in ann scagadh a dhéanamh ar na réimsí eagsúla a bhaineann leis an bpleanáil teanga agus cur síos a dhéanamh ar thábhacht na réimsí sin don phróiseas pleanála teanga féin.
  • Go mbeadh an mac léinn in ann cur síos a dhéanamh ar na céimeanna éagsúla de phróiseas na pleanála teanga.
  • Go bhfaigheadh an mac léinn tuiscint chriticiúil ar na modhanna éagsúla taighde a théann chun tairbhe do phróiseas na pleanála teanga.

Assessments

  • Tasc anailíseach (30%)
  • Aiste (70%)

Lecturers/Tutors: Dr Hugh Rowland hugh.rowland@universityofgalway.ie

2.     Required: LT117: An Anailís Sochtheangeolaíochta I (5 ECTS) (Semester 1)

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile. Mar sin, cíorfar an bunús teoiriciúil a bhaineann le feidhmiú an dátheangachais, an ilteangachais agus na débhéascna i gcineálacha éagsúla pobail chomh maith leis an toradh a bhíonn ar an teagmháil teangacha.

Learning outcomes

  • Go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar phríomhchoincheapa na sochtheangeolaíochta agus go mbeadh sé ar a c(h)umas iad a phlé agus a mheas.
  • Go mbeadh an mac léinn in ann na coincheapa sin a chur i bhfeidhm ar chás comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.
  • Go gcothófaí scileanna anailíse an mhic léinn trí léirmheas a scríobh ar aiste acadúil phiarmheasúnaithe.
  • Go mbeadh an mac léinn in ann tabhairt faoi thaighde neamhspleách trí dhul i ngleic go criticiúil leis na príomhshaothair a bhaineann leis an réimse léinn.
  • Féinmhuinín agus scileanna cuir i láthair an mhic léinn a fhorbairt trí pháirt a ghlacadh sna ceardlanna.

Assessments

  • Tasc anailíseach: léirmheas (30%)
  • Aiste (70%)

Lecturers/Tutors: Dr Hugh Rowland hugh.rowland@universityofgalway.ie

3.     Required: LT119: Próiseas na Pleanála Teanga II (5 ECTS) (Semester 2)

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Agus obair an tseimeastair á cur i gcrích, beifear ag cur leis an gcúlra stairiúil agus teoirice a pléadh sa chéad seimeastar. Is iomaí cáipéis taighde agus beartais a foilsíodh le fiche bliain anuas: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002); Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Sa mhodúl seo, breathnófar ar na tátail a baineadh as na cáipéisí taighde sin chomh maith leis an bhfreagra a thug an stát orthu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na Gaeltachta 2012 go háirithe.

Learning outcomes

• Go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn cur síos a dhéanamh ar an gcúlra stairiúil a bhaineann le hAcht na Gaeltachta 2012.

• Go mbeadh an mac léinn in ann anailís a dhéanamh ar bhuanna agus ar laincisí Acht na Gaeltachta chomh maith le polasaí an stáit i leith na Gaeltachta trí chéile.

• Go mbeadh an mac léinn in ann earraíocht a bhaint as léitheoireacht an mhodúil chun cur i láthair ó bhéal a dhéanamh bunaithe ar cheann amháin de na pleananna teanga atá foilsithe.

• Go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn tabhairt faoi thaighde criticiúil neamhspleách sa ghort léinn seo trí earraíocht a bhaint as foinsí ábhartha.

Assessments

  • Cur i láthair ranga (30%)
  • Aiste (70%)

Lecturers/Tutors: Dr Hugh Rowland hugh.rowland@universityofgalway.ie

4.     Required: LT120: An Anailís Sochtheangeolaíochta II (5 ECTS) (Semester 2)

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis. Pléifear an tionchar a bhíonn ag an aistriú teanga ní hamháin ar an bpobal urlabhra, ach ar an gcineál teanga a labhraítear chomh maith céanna. Músclaíonn sé seo ceisteanna idé-eolaíochta a bhaineann le dlisteanas agus barántúlacht teanga. Déanfar plé, mar sin, ar an measúnú a dhéanann an pobal urlabhra ar leaganacha nua cainte a thagann chun cinn ina measc mar thoradh ar phróiseas an aistrithe teanga. Cuirfear oiliúint ar an mac léinn cén chaoi le hanailís dioscúrsa a dhéanamh, ar thras-scríbhinní agallaimh, mar shampla, chun go bhféadfaí léargas a fháil ar an idé-eolaíocht atá ag cainteoir i leith na héagsúlachta teanga.

Learning outcomes

  • Go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar phróiseas an aistrithe teanga i gcás na Gaeilge agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar an bpobal mionteanga.
  • Go mbeadh sé ar chumas an mhic léinn earraíocht a bhaint as an anailís dioscúrsa mar mhodh anailíse chun tuiscint a fháil ar na treochtaí idé-eolaíochta a d’fhéadfadh a bheith i réim i gceantair thaighde éagsúla.
  • Go bhfaigheadh an mac léinn tuisicnt ar phróiseas an chothaithe teanga sa Ghaeltacht, agus i measc nuachainteoirí lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Go mbeadh an mac léinn in ann tabhairt faoi thaighde neamhspleách trí dhul i ngleic go criticiúil leis na príomhshaothair a bhaineann leis an réimse léinn.
  • Féinmhuinín a fhorbairt trí pháirt a ghlacadh sna ceardlanna.

Assessments

  • Tasc anailíseach (30%)
  • Aiste (70%)

Lecturers/Tutors: Dr Hugh Rowland

5.     Required LT6101: An Caighdeán Oifigiúil (10 ECTS) (Semester 1 and 2)

Is é aidhm an mhodúil seo stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil a mheas.

Learning Outcomes

  • Cuntas a thabhairt ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil.
  • Na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil a mhíniú.
  • Na príomhdhifríochtaí idir Caighdeán Oifigiúil 1958 agus Caighdeán Oifigiúil 2017 a shoiléiriú.

Assessments

  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)

Lecturers /Tutors: Tomás Ó Maolalaidh tomas.omaolalaidh@universityofgalway.ie

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an bpleanáil teanga, san earnáil phoiblí go háirithe. Agus an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm faoi láthair, is iomaí post atá ar fáil mar Oifigeach Pleanála Teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Baillte Seirbhíse Gaeltachta chomh maith leis na Líonraí Gaeilge. Ina theannta sin, rachadh eolas ar an bpleanáil teanga chun tairbhe dóibh siúd a oibríonn sna comharchumainn Ghaeltachta nó ar choistí pleanála teanga go háitiúil. Baill foirne a oibríonn i ngníomhaireachtaí stáit ar mian leo cáilíocht a bhaint amach sa phleanáil teanga nó eolas a bheith acu ar na dualgais atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021).

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€2,570 (including levy) p.a. 2024/25

Fees: Tuition

€2,500 p.a. 2024/25

Fees: Student levy

€70 p.a. 2024/25

Fees: Non EU

Find out More

Dr Hugh Rowland,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Áras na Gaeilge,
Ollscoil na Gaillimhe.
T: +353 91 493 369
E: hugh.rowland@universityofgalway.ie