Pleananna ar fiú €400 milliún iad do 'Champas na Todhchaí' fógartha ag OÉ Gailli

Dec 04 2006 Posted: 00:00 GMT

04 Nollaig 2006: Cinnteoidh mórthionscadal forbartha ar fiú €400 milliún é, tionscadal a d'fhógair OÉ Gaillimh inniu, go mbeidh clú agus cáil ar champas na hOllscoile ar fud na cruinne i dtéarmaí áiseanna agus taighde. Tabharfar faoi os cionn 20 mórthionscadal infrastruchtúir ar an gcampas 260 acra mar chuid den tionscadal infheistíochta caipitil seo, ag leanúint leis an athrú treo atá ag tarlú ar an gcampas, is é sin ag iompú i dtreo Abhainn na Gaillimhe. Infheistíocht shuntasach i dtodhchaí an oideachais agus an taighde in OÉ Gaillimh í an fhorbairt ar fad atá beartaithe, infheistíocht a chruthóidh buntáistí suntasacha don Iarthar trí chéile.

Le linn dó a bheith ag labhairt faoin bplean, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, a sheol taispeántas 'Campas na Todhchaí' inniu: "Is ann don phlean forbartha uaillmhianaí seo d fhonn freastal ar mhéadú 40% sa líon mac léinn atá againn le sé bliana anuas agus an ról atá againn féin tacú le tionscail dhúchasacha, ardluacha in Éirinn. Cheana féin tá an tIonad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine mar aon le hInstitiúid Taighde na Fiontraíochta Digití tógtha againn, agus is cinnte gur áiseanna den scoth atá iontu. Chomh maith leis sin tá Institiúid de Móra againn, institiúid atá i mbun taighde ceannródaíoch a dhéanamh sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta. Cuirfidh ár bpleananna le rath den chineál sin agus cinnteofar go mbeidh gach uile ghné den Ollscoil ar an gcaighdeán is airde i dtéarmaí seirbhísí, áiseanna agus taighde, ionas go mbeimid ar chomhchéim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is fearr. "

Acmhainní na hOllscoile agus meascán de mhaoiniú rialtais agus de mhaoiniú daonchairdis, príobháideach a sholáthróidh an pacáiste infheistíochta €400 milliún. I measc na dtionscadal mór atá beartaithe tá Ionad Spóirt nua; Ionad Cultúir; foirgneamh Innealtóireachta nua-aimseartha; foirgneamh Bitheolaíochta Daonna agus leathnú ar an Institiúid Eolaíochta Cliniciúla; agus Scoil Dlí a bheidh nasctha le seomraí giúiré agus seomra cúirte atá le forbairt ag na cúirteanna mar chuid de chomhoibriú straitéiseach ceannródaíoch.

Tá tús curtha le hobair cheana féin ar chuid de na tionscadail nua infrastruchtúir agus tá sé beartaithe tús a chur le hobair ar fhoirgnimh eile an bhliain seo chugainn. Tá clár 'Campas na Todhchaí' tiomanta d infrastruchtúr fisiceach na hOllscoile a fheabhsú, agus gach scoth-thréith de chuid an champais reatha a chaomhnú agus a chothú. Tabharfaidh an fhorbairt an timpeallacht nádúrtha agus na foirgnimh uile le chéile, agus áit ar féidir caomhnófar na bealaí siúlóide agus spásanna nádúrtha atá ann. Is é atá mar aidhm leis an tionscadal seo áiseanna cois abhann a chruthú, áiseanna do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne, ach freisin do phobal na cathrach agus go deimhin an ceantar mórthimpeall ar an ollscoil.

Chomh maith leis sin, dúirt an Dr Ó Muircheartaigh, "Le linn dúinn cinntí a dhéanamh maidir le treo OÉ Gaillimh sa todhchaí, shocraíomar an fhís a bheadh againn, is é sin fís ina dtugtar tús áite 'd'eispéireas na mac léinn'. Gan mic léinn ní bheadh Ollscoil againn agus tá na forbairtí ar fad atá le déanamh deartha le cur leis an éiteas sin. Cé go bhfuil 15,000 mac léinn ag freastal ar an gcampas faoi láthair, is léir fós gur campas cairdiúil atá againn, agus áirimid agus glacaimid le héagsúlacht ar an gcampas seo. Le tacaíocht ó mhic léinn, comhaltaí foirne, alumni agus an pobal áitiúil, tá sé mar aidhm againn na nithe sainiúla agus iontacha a bhaineann lenár gcampas a choinneáil agus aghaidh a thabhairt ar an todhchaí go muiníneach. "

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Ó Muircheartaigh nuair a labhair sé faoin tionchar a bheadh ag infheistíocht chomh mór leis seo ar Chathair na Gaillimhe: "Tugann na pleananna léargas ar an tábhacht a bhaineann le hollscoil rafar a bheith againn sa cheantar seo trí chéile agus tá ról lárnach ag OÉ Gaillimh i bhforbairt leanúnach mar go meallann agus go gcoimeádann ár sármhic léinn infheistíocht náisiúnta agus ilnáisiúnta. Is cinnte gur dea-scéal atá sa chlár seo do Chathair na Gaillimhe. Tá athruithe suntasacha á ndéanamh agus beimid ag dul i gcomhairle leis an bpobal agus ag lorg tuairimí ón bpobal faoi thionscadail ar leith nuair a bheidh sé sin feiliúnach".

Tá idir áiseanna do mhic léinn agus áiseanna teagaisc san áireamh sna forbairtí atá beartaithe againn:

Seirbhísí agus Áiseanna

  • Ionad Spóirt 6,500 méadar cearnach ar luach €21 milliún. San áireamh san Ionad Spóirt seo beidh linn snámha 25 méadar, giomnáisiam, seomra meáchan, cúirteanna liathróid láimhe agus scuaise, balla dreapadóireachta, halla spóirt le trí chúirt leadóige, stiúideo aeróbaice/damhsa agus spásanna gníomhaíochta ilchuspóireacha.
  • San áireamh san Ionad Cultúir beidh halla ilchuspóireach, stiúideo damhsa, spás do réamhchleachtadh agus taibhiú, áiseanna taifeadta, seomra taispeántais, stiúideo grianghraf agus spás nua do Flirt FM, Stáisiún Raidió na hOllscoile.
  • I measc na bhfeabhsuithe móra atá beartaithe in infrastruchtúr agus bainistíocht gluaiseachta tá bealach isteach nua a thógáil ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, bóithre agus seirbhísí inmheánacha a fheabhsú, tús a chur le tionscnaimh pháirceála agus iompair, mar aon le crèche nua a thógáil.
Teagasc agus Taighde
  • Foirgneamh Innealtóireachta 14,000 méadar cearnach le tógáil, foirgneamh ina mbeidh cúig Roinn Innealtóireachta na hOllscoile. Tá an foirgneamh seo le hoscailt in 2009 agus beidh sé seo ar an tionscadal caipitil is mó riamh san Ollscoil, foirgneamh a chosnóidh sa bhreis ar €50 milliún.
  • Foirgneamh Bitheolaíochta Daonna nua le tógáil ina mbeidh an Roinn Cógaseolaíochta & Teiripice, Roinn na hAnatamaíochta agus Roinn na Fiseolaíochta. Tá an foirgneamh seo le tógáil in ionad lárnach agus cuirfidh sé leis an ngaol atá bunaithe le fada an lá idir OÉ Gaillimh agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, rud a chinnteoidh go mbeidh níos mó tionscadal taighde ar siúl eadrainn.
  • Bunaithe ar an méadú a bhfuil súil leis sa líon áiteanna do mhic léinn leighis atá ag teastáil in OÉ Gaillimh, tá moladh déanta cur go mór le méid na hInstitiúide Eolaíochta Cliniciúla chun a dóthain spáis a chur ar fáil do theagasc, saotharlanna, leabharlann agus comhaltaí foirne.
  • Beidh 8,000 méadar cearnach de chóiríocht sa Scoil Dlí agus comhoibriú straitéiseach ceannródaíoch a bheidh ann i gcomhar leis na cúirteanna. Táthar ag súil go mbeidh léachtlanna, leabharlanna dlí, seomraí don ghiúire agus seomra cúirte san fhoirgneamh nua seo.
  • Tá foirgneamh 5,000 méadar cearnach le tógáil d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. San áireamh san fhoirgneamh seo beidh oifigí, saotharlanna teanga, seomraí seimineár, léachtlanna, leabharlanna, cartlanna Gaeilge, áiseanna taifeadta agus spás ginearálta do thaispeántais.

Tá tuilleadh faisnéise faoin bhforbairt atá beartaithe ar fáil don phobal in Áras Oirbsean in OÉ Gaillimh, ó 10am-4pm, gach lá as seo go ceann coicíse. Beimid ag dul i gcomhairle leis an bpobal áitiúil faoi na tionscadail éagsúla de réir a chéile. Tá faisnéis le fáil ar http://www.nuigalway.ie/campusofthefuture/ freisin

- críoch -

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le: Michelle Ní Chróinín, Oifigeach Preasa & Faisnéise, OÉ Gaillimh 091-493361 nó 086-8168268

Nótaí do na hEagarthóirí Tionscadal Méadair chearnacha

Foirgneamh Innealtóireachta 14,000 Scoil Dlí 8,000 Ionad Spóirt na hOllscoile 6,500 Tionscadail na hInstitiúide Eolaíochta Cliniciúla 6,000 Foirgneamh na Bitheolaíochta Daonna 6,000 Leathnú na Leabharlainne 6,000 Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge 5,000 Ionad Tráchtála 3,500 Ionad Cultúir 2,760 Leathnú Áras Dán na Mílaoise 2,500 Eolaíochtaí Matamaiticiúla 1,600 Domhaneolaíocht & Aigéaneolaíocht 1,565 Cothú Sláinte 1,400 Oideachas 1,300 Oideachas Aosach 1,000

Previous

Featured Stories