Cuireann OÉ Gaillimh tús leis an Oideachas Tríú Leibhéal i gConamara

Oct 13 2006 Posted: 00:00 IST

………..ag tacú le geilleagar eolasbhunaithe inmharthana na Gaeltachta…………….

13 Deireadh Fómhair 2006: Rinne Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, OÉ Gaillimh a mholadh go hard as tabhairt faoin éileamh ar Ghaeilgeoirí gairmiúla oilte a sholáthar trína cláir oideachais, ag oscailt oifigiúil ionad nua OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua. Tá líonra d'ionaid Ghaeltachta curtha le chéile ag an Ollscoil agus iad rite ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, institiúid náisiúnta cheannródaíoch OÉ Gaillimh atá tiomanta d'oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cuirfidh tiomantas agus béim OÉ Gaillimh ar chúrsaí tríú leibhéal a fhorbairt agus a chur ar fáil sa Ghaeltacht go mór leis an saol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus teanga sna réigiúin seo.

Cuireann ionaid na hOllscoile cláir fochéime agus iarchéime ar fáil i réimsí cosúil leo seo a leanas; scileanna teanga feidhmí, léann an aistriúcháin, an teicneolaíocht faisnéise, staidéar na cumarsáide, modheolaíocht teagaisc, staidéar na drámaíochta agus pleanáil teanga. Chomh maith leis sin, tá OÉ Gaillimh ag cur an chéad B.A. sa Chumarsáid, as Gaeilge, ar fáil san ionad ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Cuireann na cláir nuálacha sholúbtha seo tionscnaimh fiontraíochta chun cinn chomh maith le gnónna a bhaineann le huathúlacht na Gaeltachta i réimsí dianeolais cosúil le héiceathurasóireacht agus turasóireacht chultúir, ceol, ealaíon, oideachas agus na hilmheáin.

Tá éileamh anois ar dhaoine gairmiúla ag oibriú trí Ghaeilge mar gheall ar an stádas oifigiúil a thug an tAontas Eorpach don Ghaeilge. Le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla tá méadú tagtha ar úsáid na Gaeilge in institiúidí rialtais agus ciallaíonn sé sin go bhfuil éileamh ar aistritheoirí agus ar theangairí gairmiúla. Tá OÉ Gaillimh ag léiriú ceannaireachta trína chinntiú go bhfuil soláthar seasta céimithe oilte san aistriúchán, sa teangaireacht agus sna scileanna teanga feidhmí chun an t-éileamh seo a shásamh.

Dúirt an tAire Ó Cuív, "Tá gá le céimithe oilte atá in ann oibriú trí Ghaeilge i réimsí éagsúla. Comhghairdeas le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh as cláir nuálacha agus gníomhaíochtaí taighde trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn in ionaid Ghaeltachta, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, ina bhfuil na háiseanna agus an teicneolaíocht oideachais is fearr amuigh. Tá sé seo ag teacht le haidhm straitéiseach an Rialtais maidir le geilleagar eolasbhunaithe inmharthana a fhorbairt".

I mbliana, tá breis agus 170 fochéimí agus iarchéimí ó cheann ceann na tíre tagtha le staidéar ar an gCeathrú Rua. Tá an Cheathrú Rua ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na Gaeilge de. Labhraíonn os cionn 85% de mhuintir na háite an Ghaeilge ar bhonn laethúil, rud a mheallann na céadta scoláire chuig an ionad le dianchúrsaí gearra agus ranganna Gaeilge a dhéanamh gach bliain. Tá 2,500 méadar cearnach san ionad ina iomláine agus teacht ar áiseanna in Áras Mháirtín Uí Chadhain agus san áit ina mbíodh Coláiste Cholumba.

Cuireann an tIonad seo breis agus €5 mhilliún gach bliain isteach sa gheilleagar áitiúil agus tacaíonn sé le tionscnaimh for-rochtana straitéiseacha na hOllscoile. Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Tá na hionaid for-rochtana ar fud na tíre ina gcuid lárnach de pholasaí na hOllscoile oideachas a thabhairt chomh fada leis an bpobal. Tá forbairt ar mhúnla oideachais tríú leibhéal ríthábhachtach don fhís seo, múnla ar féidir le pobail eile a labhraíonn mionteanga aithris a dhéanamh air mar uirlis dá bhforbairt inmharthana féin.

Ghlac an tUachtarán buíochas ó chroí leis an Aire Ó Cuív agus lena Roinn as an tacaíocht in airgead caipitil agus reatha atá tugtha don Acadamh ar mhaithe le forbairt na hOllscolaíochta Gaeilge in Ionaid Ghaeltachta. Ghlac sé buíochas chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta as an gcúnamh atá faighte ag an Acadamh agus ag mic léinn an Acadaimh sa Ghaeltacht ón Údarás in imeacht na mblianta. Is léir go dtuigtear go soiléir anois gur cuid lárnach de bhonneagar na Gaeltachta an t-oideachas atáthar a sholáthar sna hIonaid Ghaeltachta.

Is cuid de líonra ionad Gaeltachta an campas for-rochtana ar an gCeathrú Rua, lena n-áirítear Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus Carna, Co. na Gaillimhe. Tá pleananna á gcur i dtoll a chéile don cheathrú ionad i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories