Léinn do Chéimithe in OÉ Gaillimh

Jan 16 2007 Posted: 00:00 GMT

16 Eanáir 2007: Díreofar aird ar raon cúrsaí iarchéime agus iardhochtúireachta OÉ Gaillimh ag Aonach Bliantúil Léinn do Chéimithe, aonach a reáchtálfar ar an gcampas in Áras na Mac Léinn ó 1.30i.n. go dtí 5.00i.n., Dé Luain, an 5 Feabhra. Deis iontach a bheidh san Aonach seo do mhic léinn a bhfuil bunchéimeanna bainte amach acu níos mó eolais a fháil ar chúrsaí iarchéime.

Tá 400 clár á thairiscint ag an Ollscoil, mar aon le roghanna taighde lánaimseartha agus páirtaimseartha, do bhreis agus 3,000 mac léinn iarchéime. Táthar ag súil go bhfreastalóidh 2,500 duine ar an Aonach atá ag fáil tacaíochta ó Bhanc na hÉireann. Beidh os cionn 70 seastáin ó OÉ Gaillimh agus institiúidí eile ó thimpeall na tíre ag an Aonach le heolas a thabhairt agus comhairle a chur ar mhic léinn. Beidh cur i láthair agus seimineáir faoi roghanna taighde, maoiniú agus deiseanna gairme ar fáil freisin.

Le blianta beaga anuas, tá tús áite tugtha ag an Rialtas d'oideachas iarchéime atá tiomanta don taighde, nó oideachas 'ceathrú leibhéal', ar mhaithe le freastal ar an éileamh atá ann d'fhostaithe ardoilte le tacú le fás geilleagrach. I bhfad ó shin, ghlac OÉ Gaillimh leis an dúshlán oideachas ceathrú leibhéal den scoth a chur ar fáil, agus tá na seanréimsí acadúla feabhsaithe againn chun Ionaid Taighde nuálaíocha agus cheannródaíocha a chruthú i réimsí éagsúla cosúil le hEolaíocht Innealtóireachta Bithmhíochaine, Cearta Daonna, Athrú Comhshaoil agus Léann na hÉireann.

Seo a leanas a bhí le rá ag John Hannon, Comhairleoir Sinsearach Gairme, Seirbhís Gairme OÉ Gaillimh, "Cuireann staidéar iarchéime go mór le hionchais ghairme na mac léinn. In OÉ Gaillimh tá réimse leathan iarchéimeanna forbartha againn, lena n-áirítear cúrsaí Máistreachta múinte agus taighde agus cláir thaighde Dochtúireachta den scoth. Tagann mic léinn as gach cearn den domhan chuig OÉ Gaillimh gach aon bhliain chun iarchéim a dhéanamh, agus ag an am gcéanna tá an dea-cháil atá orainn ag dul ó neart go neart."

I measc na gcúrsaí múinte iarchéime a cuireadh ar fáil as an nua tá:

  • MeconSc agus MA i Múnlú Eacnamaíoch & Comhshaoil
  • MEconSc in Airgeadas Idirnáisiúnta
  • Máistreacht sa Mhargaíocht
  • MA in Ardscileanna Teanga
  • Anailís Fheidhmeach Iompraíochta
  • Na Meáin Dhigiteacha
  • Stair na Meánaoise
  • Léirú agus Stiúradh
  • Abhcóideacht agus Gníomhaíochas Pobail
  • Drámaíocht
  • Scileanna Raidió
  • Léann an Aistriúcháin
  • Modheolaíochtaí do Theagasc Teangacha
  • Riachtanais Speisialta Oideachais
  • Céim Mháistir Dlí (Dlí Poiblí)
  • Altranas – lena n-áirítear Dioplómaí Iarchéime sa tSeaneolaíocht, Cúram Maolaitheach, Meabhairshláinte, Ortaipéidic, Sláinte Phoiblí, Oinceolaíocht
  • Eolaíocht Bhithleighis
  • Biteicneolaíocht
  • Fisic Mhatamaiticiúil
Bunaithe ar théama an 'cheathrú leibhéal', tá branda nua roghnaithe ag OÉ Gaillimh le déanaí dá deiseanna oideachais iarchéime, branda ar a dtugtar go4th™. Ar an láithreán gréasáin nua, www.go4th.ie tá léargas le fáil ar na deiseanna iarchéime atá san Ollscoil mar aon le réamheolaire ar líne. Chomh maith leis sin is féidir iarratais ar líne a dhéanamh tríd an láithreán gréasáin www.go4th.ie.

Is féidir dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Gairme ag (091) 493589 chun sonraí a fháil faoin Aonach Léinn.

- críoch –

PreviousNext

Featured Stories