Ómós tugtha ag Uachtarán OÉ Gaillimh don Dr Tony Ryan nach maireann

Oct 04 2007 Posted: 00:00 IST
Tá ómós tugtha ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, don fhiontraí, an Dr Tony Ryan, a cailleadh inné. Bhí sé 71 bliain d'aois.

Bhí an Dr Ryan, ar bhronn OÉ Gaillimh Céim Dhochtúireachta Oinigh sa Dlí air sa bhliain 1987, ar dhuine de na fiontraithe ba mhó cáil in Éirinn. Ba é a bhunaigh Guinness Peat Aviation agus Ryanair.

Bhunaigh an Ollscoil Institiúid Mháirtín Uí Riain sa bhliain 1992, an t-ionad um thaighde muireolaíochta in OÉ Gaillimh. Bunaíodh an Institiúid seo le cabhair ón Dr Tony Ryan a thug bronntanas don Ollscoil in onóir a athar, Martin Ryan (1902-1955). Fear fadbhreathnaitheach ba ea an Dr Ryan, agus is mór an tionchar a d'imir sé trí Institiúid Mháirtín Uí Riain a bhunú mar cheann de na mór-institiúidí um thaighde muireolaíochta ar domhan.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh: "Tá cáil ar fud an domhain mhóir ar Tony Ryan mar fhear gnó cumasach agus mar fhiontraí nuálach. Chomh maith leis sin, mairfidh sé inár gcuimhne mar dhaonchara eolach agus mar fhear a léirigh suim sna healaíona. Ábhar mórtais dó freisin ba ea gur Éireannach é. Tá gach duine anseo in OÉ Gaillimh a bhain leas as an bhfís a bhí aige agus an tacaíocht a thug sé d'Institiúid Mháirtín Uí Riain go mór faoi chomaoin aige. Is mian liom ar an ócáid bhrónach seo, comhbhrón a dhéanamh lena theaghlach agus lena chairde thar ceann gach duine anseo in OÉ Gaillimh."

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories