NUI Galway Appointee to Board of TG4

Michelle Ní Chróinín, NUI Galway
Apr 24 2012 Posted: 14:37 IST

Minister for Communications Pat Rabbitte has announced the appointment of eight members to the Board of TG4 including a new chairperson for the Board. Among the appointees is Press & Information Officer at NUI Galway, Michelle Ní Chróinín.

TG4 is the national Irish language television service, a public service broadcaster, established by statute and publicly funded to deliver a full range of high quality Irish language content to audiences at home and abroad.

Originally from the West Cork Gaeltacht of Baile Bhuirne, Michelle is also an elected representative of NUI Galway’s Governing Authority since 2009.

Michelle has over 15 years experience in communications, project management, event management, public administration as well as working with the media and in public relations. She obtained her undergraduate degree in Music from UCC; a Higher Diploma in Arts Administration from NUI Galway; and a Higher Diploma in Public Relations from the PRII. She most recently completed a Masters degree in Irish Media Studies from UL/Mary Immaculate College. Michelle is also trained in Television and Video production and has produced and broadcast her own documentary for TG4 in 1998 entitled Bess Mo Shin Sheanmháthair.

Commenting on the appointments, Minister Rabbitte said that the Government was committed to continuing its support of the Irish language broadcasting sector and was extremely happy with the calibre of and credentials of those who have accepted appointment.

“With Digital Switchover due to take place in six months time, I would like to take this opportunity to wish the new board every success with the opportunities and challenges ahead,” the Minister added.

In nominating the successful candidates, the Minister also had regard to the recommended nominees of the Joint Oireachtas Committee (JOC). Joe Connolly has been re-appointed to the Board and will continue to serve with Pól Ó Gallchóir, Concubhar Ó Liatháin and Rónán Ó Coisdealbha. The Minister is awaiting one further nominee from the Joint Oireachtas Committee.

The Minister also expressed his thanks to the outgoing chairman and Board members, whose term of office has expired, for their contribution.

The newly appointed Board members of TG4, whose term will be for five years, are as follows:

Siún Ní Raghallaigh (Chair)

Des Geraghty

Michelle Ní Chróinín

Micheál Seoighe

Mairéad Ní Cheoinín

Andréa Ní hÉalaithe

Mairéad Nic Suibhne

ENDS

Comhaltaí Boird Nua TG4 Fógartha ag an Aire Ó Coinín

D’fhógair an tAire Cumarsáide, Pádraic Ó Coinín go bhfuil ochtar comhaltaí ceaptha ar Bhord TG4, lena n-áirítear cathaoirleach nua ar an mBord. San áireamh tá Michelle Ní Chróinín, Oifigeach Preasa & Faisnéise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Craoltóir seirbhíse poiblí is ea TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Ghaeilge, a bunaíodh le reacht agus a mhaoinítear le hairgead poiblí d’fhonn raon leathan ábhair ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge don lucht féachana in Éirinn agus thar lear.

Tagann Michelle ó Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí ó dhúchas agus ó 2009, tá Michelle mar bhall tofa ar Údarás na hOllscoile, OÉ Gaillimh.

Tá taithí breis is 15 bliain ag Michelle ar bhainistíocht imeachtaí agus tionscadal, i riarachán poiblí agus ar ndóigh i gcaidreamh poiblí agus ag déileáil leis na meáin. Is céimí de chuid Ollscoil Chorcaí sa cheol í Michelle agus bhain sí Ard-Dioplóma i Riarachán na nEalaíon amach in OÉ Gaillimh. Chomh maith leis sin tá Ard-Dioplóma i gCaidreamh Poiblí ó Acadamh Caidrimh Phoiblí na hÉireann bainte amach aici agus le déanaí Máistreacht sna Meáin Éireannacha ó Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál. Tá Michelle cáilithe freisin mar chúntóir léiriúcháin teilifíse agus rinne sí a léiriúchán féin i 1998 le coimisiúin bronnta uirthi ó TG4, Bess Mo Shin sheanmháthair.

Agus é ag tagairt do na ceapacháin, dúirt an tAire Ó Coinín go raibh an Rialtas tiomanta leanúint leis an tacaíocht atá á tabhairt d’earnáil na craoltóireachta Gaeilge agus go raibh sé féin an-sásta ar fad le caighdeán agus dintiúir na ndaoine sin a ghlac lena gceapacháin.

“Agus an t-athrú go dtí an tSeirbhís Dhigiteach le tarlú i gceann sé mhí, ba mhaith liom an deis seo a thapú chun gach rath a ghuí ar an mbord nua maidir leis na deiseanna agus na dúshláin atá amach rompu”, a dúirt an tAire.

Agus na hiarratasóirí rathúla á n-ainmniú aige, bhí aird ag an Aire freisin ar ainmnithigh an Chomhchoiste Oireachtais (CCO). Tá Joe Connolly athcheaptha chun an bhoird agus leanfaidh sé de bheith ag fónamh mar aon le Pól Ó Gallchóir, Conchubhar Ó Liatháin agus Rónán Ó Coisdealbha. Tá an tAire ag fanacht le hainmniúchán amháin eile a fháil ón gComhchoiste Oireachtais.

 

Ghabh an tAire buíochas freisin leis an iar-chathaoirleach agus na comhaltaí Boird a bhfuil a dtéarma oifige istigh, agus atá ag dul as oifig, as a gcion a dhéanamh.

Is iad seo a leanas comhaltaí Boird nuacheaptha TG4, a chuirfidh téarma oifige cúig bliana isteach:

Siún Ní Raghallaigh (an Cathaoirleach)

Des Geraghty

Michelle Ní Chróinín

Micheál Seoighe

Mairéad Ní Cheoinín

Andréa Ní Éalaithe

Mairéad Nic Suibhne


Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories