COGG iTunes U Channel to be launched live on RTÉ Raidió na Gaeltachta

Jan 30 2012 Posted: 12:44 GMT

A new learning resource developed by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway for Gaeltacht and all-Irish primary schools will be launched by the Head of RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, on Wednesday (2pm) 1 February 2012, in Áras Shorcha Ní Ghuairim, Carna.  The launch will be broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta.

The new iTunes U – COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) Channel comprises audio and video resources that have been carefully selected from both the RTÉ Raidió na Gaeltachta and NUI Galway archives, as part of a research project undertaken by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. The 300 new learning resources include songs, poems, stories, interesting points of information and history in the different dialects that are aimed at stimulating language acquisition and enrichment among Gaeltacht and all-Irish primary schools, particularly in 5th and 6th class.  A learning plan has also been developed for teachers to assist in the effective use of the resources in the classroom.  The Channel will also have resources for other learner groups.

Muireann Ní Mhóráin, Chief Executive of COGG comments: “Digitial resources of a high standard are a prerequisite for the contemporary classroom.  The new Channel will add significantly to the current corpus of Irish language teaching resources available to Gaeltacht and all-Irish primary school teachers and to the student learning experience.  And with the Channel being launched on the Feast of St. Brigid it’s great see to our rich cultural heritage and new technology  being intertwined to develop Irish language learning resources in such an attractive and efficient way.”

Commenting on behalf of the research team at NUI Galway Séamas Ó Concheanainn says: “This project  reinforces the role of research in third-level institutions in addressing the contemporary needs of primary schools with regard to the availability of excellent digitial teaching resources for the classroom.  The project draws on the expertise being developed in the digitial humanities at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and at the Acadamh Centre at Carna, in particular.  The exploitation of modern learning tools and traditional resources together has the potential to significantly contribute to language acquisition and therefore this project underpins one of the Centre’s key strategic objectives, that of sustaining and strengthening the Irish language in the Gaeltacht and throughout the country.”

Ends

_________________________________________________________________________

Cainéal iTunes U de chuid COGG le seoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Seolfaidh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin áis fhoghlama úrnua atá forbartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh do bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, ar an gCéadaoin (2 p.m.) an 1 Feabhra 2012, in Áras Shorcha Ní Ghuairim, Carna. Craolfar an seoladh beo ar an gclár Ardtráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is éard atá sa Chainéal nua iTunes U - COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) ná cnuasach saibhir d’acmhainní físe agus fuaime a roghnaíodh go cúramach ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Chartlanna Ollscoil na hÉireann, Gaillimh féin, mar chuid de thionscadal taighde atá curtha i gcrích ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.  Áiríonn an Cainéal 300 mír fhoghlama ina bhfuil amhráin a gcasadh, dánta á n-aithris, scéalta spraíúla á n-insint, eolas á roinnt agus míreanna staire á gcur i láthair i gcanúintí éagsúla.   Tá na míreanna dírithe ar shealbhú agus ar shaibhriú na Gaeilge i measc daltaí i mbunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, go háirithe daltaí Rang 5 agus 6.  In éineacht leis na hacmhainní féin, tá plean foghlama deartha a bheidh mar áis sa seomra ranga ag múinteoirí bunscoile agus iad ag úsáid na míreanna foghlama.  Tá acmhainní foghlama atá feiliúnach do spriocghrúpaí eile ar fáil ar an gCainéal freisin.

Deir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin:“Teastaíonn acmhainní digiteacha den chéad scoth sa seomra ranga. Cuirfidh an cainéal nua le stór acmhainní teagaisc mhúinteoirí bunscoile i ranganna 5 agus 6 ach go háirithe. Ba cheart go gcuirfeadh an cainéal go mór le heispéireas na foghlama i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna ar fud na tíre. Agus an cainéal á sheoladh ar Lá Fhéile Bríde, is maith liom go bhfuil an sean agus an nua ag obair as lámha a chéile agus go bhfuil saibhreas na muintire á roinnt an athuair ar shlí atá saoráideach agus snasta.”

Thar ceann fhoireann an tionscadail in OÉ Gaillimh deir Riarthóir Ionad an Acadaimh, Carna , Séamas Ó Concheanainn:“Tionscnamh eiseamláireach é seo a dhaingníonn tábhacht an taighde ar an gceathrú leibhéal le freastal ar riachtanais chomhaimseartha múinteoirí bunscoileanna trí acmhainní digiteacha teagaisc den scoth a chur ar fáil don seomra ranga. Cuireadh an togra i gcrích a bhuíochas den saineolas sna daonnachtaí digiteacha atá á saothrú in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge trí chéile ach go háirithe in Ionad na hOllscoile anseo i gCarna. Cothaíonn saothrú an léinn nua-aoisigh agus an chultúir traidisiúnta in éineacht deiseanna ar leith don sealbhú teanga agus tacaíonn an tionscadal taighde seo go láidir mar sin le ceann de phríomh chuspóirí an Ionaid, sé sin an Ghaeilge a bhuanú agus a threisiú sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.”

CRÍOCH


Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories