Iarchéim nua in Ardscileanna Teanga seolta ag OÉ Gaillimh

Ag seoladh oifigiúil an MÁ Léann Teanga (ó chlé): Rose Ní Dhubhdha, Lisa Ní Fhlatharta, Léachtóir Acadamh n hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh; Gearóid Mac Donncha, Láithreoir & Iriseoir le Raidió na Gaeltachta; agus Belinda McHale, Leachtóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Mar 29 2012 Posted: 15:15 IST

Cuirfidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh iarchéim nua sa Léann Teanga ar fáil don bhliain acadúil nua seo.  Is clár nuálach máistreachta é seo a bheidh á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus é mar aidhm leis céimithe ardoilte le hardscileanna teanga a chur ar fáil.   Beidh an cúrsa seo á thairiscint do mhic léinn ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha.

Cuirfidh an cúrsa nua MA seo, an t-aon cheann dá leithéid sa tír, oiliúint den chéad scoth sa Ghaeilge Fheidhmeach ar fáil. Beidh béim ar leith ar chruinnscríobh na Gaeilge, ar mhodeolaíochtaí taighde agus ar an tsochtheangeolaíocht.  

Beidh deis ag mic léinn díriú ar speisialtóireachtaí éagsúla sa chlár nua seo lena n- áirítear: an t-aistriúchán, ardscileanna teanga agus an phleanáil teanga, rud a chuirfidh lena n-infhostaitheacht agus a fhorbróidh meascán scileanna intleachtúla, eolas agus cumas idirphearsanta a theastaíonn in ionad oibre a bhíonn ag síorathraithú.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag ócáid seolta an chúrsa:  “Teastaíonn scoth na Gaeilge ó chéimithe agus iad ar thóir oibre in earnáil agus i réimsí gairmiúla na Gaeilge.   Níl a leithéid de chlár iarchéime ar fáil ach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh: tapaígí an deis!”   

Tá an MA nua ag freastal orthu siúd ar mian leo feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in eagraíochtaí éagsúla, leithéidí institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, na meáin Ghaeilge, institiúidí oideachais agus eagraíochtaí pobail.

Cuirfear tús leis an gclár nuálach seo i Meán Fómhair 2012 in OÉ Gaillimh agus is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag www.pac.ie/nuigalway ag úsáid an chóid PAC GYA94. Is féidir tuilleadh eolais maidir le spriocdhátaí a fháil ag http://www.nuigalway.ie/postgrad/assessmentdates/)

Dúirt Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach an Acadaimh: “Is céim mhór chun cinn d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é an clár nua seo.  Beidh sároiliúint ar chéimithe an chúrsa agus creidim go mbeidh tóir ag fostóirí sa bhaile agus i gcéin orthu. Daingneoidh an cúrsa cáil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar lárionad staidéir don Léann Teanga. ”     

Is féidir tuilleadh eolais faoin gcúrsa a fháil ag www.oegaillimh.ie/acadamh nó ón Dr Conchúr Ó Giollagáin ag 091-595101 nó seol ríomhphost chuig leannteanga@oegaillimh.ie

CRÍOCH

 

       ___________________________________________________________________

                   NUI Galway Launches a New MA in Advanced Language Skills

NUI Galway has announced that it will provide a new postgraduate programme in Language Studies commencing in September.  This new innovative Irish language Masters programme will be provided by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at the University and is designed to provide highly qualified graduates with advanced language skills. This new programme is offered on a full-time and part-time basis.

This new MA programme, the only one of its kind in the Ireland, will provide training of the highest quality in Applied Irish.  Specific emphasis will be placed on accuracy in written Irish, research methodologies and sociolinguistics.  

Students will have the opportunity to specialise in particular subject areas including translation, advanced language skills and language planning which will enhance their employability and develop a mix of intellectual skills, knowledge and interpersonal competence required in a constantly changing or evolving workplace.

Speaking at the launch of the course, Gearóid Mac Donncha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, said: “Excellent Irish is a prerequisite for graduates who wish to gain employment in the Irish language professional sector.  No other postgraduate programme of this nature is available in any institution other than NUI Galway and I recommend that students avail of this excellent opportunity.”   

This new MA is aimed at those who wish to work professionally through the medium of Irish in organisations such as European Union institutions, state translation institutions, local authorities, state development organisations, private translation companies, Irish Language media, education institutions and community organisations.

This innovative programme will commence in September 2012 at NUI Galway and applicants can apply online via www.pac.ie/nuigalway using PAC application code GYA94. Further details on closing dates can be found on http://www.nuigalway.ie/postgrad/assessmentdates/)

Dónall Ó Braonáin, chief executive of the Acadamh said: “This new programme represents a significant step forward for Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Graduates of this course will receive the highest standard of training and will, I believe, be sought by employers both at home and abroad.  This course will strengthen NUI Galway’s reputation as a key centre of Language Study.”    

More detailed information about this programme visit www.oegaillimh.ie/acadamh or contact Dr Conchúr Ó Giollagáin at +353 (0) 91-595101 or email leannteanga@oegaillimh.ie

 ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories