CAO Points Increase Significantly for Commerce and Science at NUI Galway

Aug 19 2013 Posted: 10:29 IST

 

34 NUI Galway courses increase CAO points, 15 courses by more than 20 points

There has been a huge increase in demand for Commerce courses in NUI Galway with General Commerce increasing from 340 to 375 points.  Reflecting students’ awareness of the need for language mobility in a global jobs market Commerce (International) with French has increased by 30 points to 525, Commerce (International) with German is up 45 to 450 and Commerce (International) with Spanish is up 50 points to 460. Business Information Systems recorded an increase of 30 points to 400 while Commerce (Accounting) is up 20 to 440.

 

Science courses, equally, show increased demand. Against the backdrop of NUI Galway’s national and international leadership in biomedical science programmes, Biomedical Science rose from 540 to 545, Biopharmaceutical Chemistry is at 505 (up 10), Biotechnology is at 465 (up 20) and Environmental Science is up 25 at 400. A new course in Physics is offering places to those students with 400 CAO points or more.

 

Another new course Arts with Journalism at 480 points generated significant interest. Arts, the second largest CAO undergraduate course in the country remains unchanged at 300 points despite the downward trend in Arts courses nationally.  In Law, both Civil Law (up 10) and Corporate Law (up 15) recorded increases.

 

Engineering courses remain popular with Leaving Cert students with Electrical and Electronic Engineering soaring 60 points to 515, while Civil Engineering and Project and Construction Management both increased by 30 points.   Energy Systems Engineering, taught in NUI Galway’s award winning Engineering Building and home to the largest School of Engineering and Informatics in Ireland, increased 10 points to 440.

 

Podiatry, the only course of its’ kind in Ireland, is up 10 points to 470. There was also an increase in demand for General Nursing, Psychiatric Nursing and Midwifery courses while  the demand for Medicine remained largely unchanged.

 

NUI Galway’s Admission Officer, Stephen O’Dea, said: ‘This year, CAO applicants have their eyes firmly the jobs market with marked increases in demand for Commerce and Science courses in particular. Demand for all Commerce courses has increased substantially with Commerce (International) with French up 30 to 525. NUI Galway’s strength and reputation in bioscience is also reflected with Biomedical Science (545) continuing to perform well and Biopharmaceutical Chemistry increasing to 505 points. In Engineering Electrical and Electronic Engineering soared 60 points to 515.’

 

He continued ‘Incoming students will be well placed to benefit from NUI Galway’s significant capital investment programme facilitating staff and students in embracing innovation, entrepreneurship and research. Our new course Arts with Journalism has performed particularly well, at 480 points, contrasting with the downward trend in demand for Arts courses nationally.’

 

-ENDS-

 

Pointí CAO méadaithe go mór do chúrsaí Tráchtála agus Eolaíochta in OÉ Gaillimh

 

Méadú ar phointí CAO do 34 cúrsa in OÉ Gaillimh, méadú sa bhreis ar 20 pointe ar 15 chúrsa

Tá méadú ollmhór ar an éileamh ar chúrsaí Tráchtála in OÉ Gaillimh agus líon na bpointí don Tráchtáil Ghinearálta méadaithe ó 340 go 375.  Tá méadú 30 pointe go 525 tagtha ar Thráchtáil (Idirnáisiúnta) le Fraincis,  méadú 45 pointe go 450 tagtha ar Thráchtáil (Idirnáisiúnta) le Gearmáinis agus méadú 50 pointe go 460 tagtha ar Thráchtáil (Idirnáisiúnta) le Spáinnis. Léiríonn an méadú seo tuiscint na mac léinn ar an riachtanas a bhaineann le teangacha sa mhargadh domhanda. Tháinig méadú 30 pointe go 400 ar Chórais Faisnéise Gnó agus tá Tráchtáil suas 20 pointe go 440.

 

Tá méadú tagtha chomh maith ar an éileamh ar chúrsaí Eolaíochta. I gcomhthéacs cheannródaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta OÉ Gaillimh i gcláir eolaíochta bithleighis, tá méadú ó 540 go 545 tagtha ar Eolaíocht Bhithleighis, méadú 10 bpointe go 505 ar Cheimic Bhithchógaisíochta, méadú 20 pointe go 465 ar Bhiteicneolaíocht agus méadú 25 pointe go 400 ar Eolaíocht Chomhshaoil. Tá cúrsa nua Fisice ag tairiscint áiteanna do mhic léinn le 400 pointe CAO nó os a chionn.

 

Is léir go raibh spéis ar leith i gcúrsa nua eile - Na Dána le hIriseoireacht - agus 480 pointe ag teastáil chun tabhairt faoi.  Níl aon athrú tagtha ar na pointí don chúrsa sna Dána (300 pointe), an dara cúrsa fochéime CAO is mó sa tír, in ainneoin an laghdaithe ar phointí i gcúrsaí sna Dána ar fud na tíre.  I gcúrsaí Dlí, tháinig méadú ar na pointí do Dhlí Sibhialta (suas 10 bpointe) agus do Dhlí Corparáideach (suas 15 phointe).

 

Tá tóir i gcónaí ag mic léinn Ardteistiméireachta ar chúrsaí Innealtóireachta agus tháinig méadú ollmhór 60 pointe go 515 ar an Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach, agus tháinig méadú 30 pointe ar Innealtóireacht Shibhialta agus ar Bhainistíocht Foirgníochta.   Tá méadú 10 bpointe go 440 tagtha ar Innealtóireacht Chóras Faisnéise, cúrsa a dhéantar a theagasc san Fhoirgneamh nua Innealtóireachta a tógadh ag baint úsáide as modhanna éiceolaíocha tógála.

 

Tháinig méadú ar na pointí don chúrsa Cosliachta, an t-aon chúrsa dá leithéid sa tír, suas 10 bpointe go 470, agus bhí méadú ar an éileamh ar chúrsaí san Altranas Ginearálta, Altranas Síciatrach agus Cnáimhseachas agus is beag athrú a tháinig ar an éileamh ar Leigheas.

 

Dúirt Oifigeach Iontrála OÉ Gaillimh, Stephen O’Dea: ‘I mbliana, tá iarratasóirí CAO ag coinneáil súil ghéar ar mhargadh na bpost agus tá sé le feiceáil againn sa mhéadú atá tagtha ar na pointí a theastaíonn do chúrsaí Tráchtála agus Eolaíochta go háirithe. Tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar gach cúrsa Tráchtála agus méadú 30 pointe go 525 ar Thráchtáil (Idirnáisiúnta) le Fraincis. Tá láidreacht agus cáil OÉ Gaillimh san eolaíocht bhitheach le feiceáil sa tóir atá i gcónaí ar an Eolaíocht Bhithleighis (545) agus méadú go 505 pointe tagtha ar an Eolaíocht Bhithchógaisíochta. San Innealtóireacht tháinig méadú ollmhór 60 pointe go 515 ar an Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach.’

 

Dúirt sé freisin, ‘Bainfidh mic léinn tairbhe as an gclár suntasach infheistíochta caipitil in OÉ Gaillimh a chuireann ar chumas na foirne agus na mac léinn aghaidh a thabhairt ar nuálaíocht, ar fhiontraíocht agus ar thaighde. D’éirigh go han-mhaith leis an gcúrsa nua - Na Dána le hIriseoireacht - agus 480 pointe ag teastáil chun tabhairt faoi, téann sé seo i gcoinne an éilimh laghdaithe ar chúrsaí sna Dána go náisiúnta.’

 

 -CRÍOCH-

 

 

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories