Dioplóma sa Chultúr Dúchais Seolta ag OÉ Gaillimh

Ag seoladh an Dioplóma sa Chultúr Dúchais in Áras na hOllscoile, Carna, bhí (ó chlé): Dónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Dónal Ó Droighneáin, Stiúrthóir an Chláir, Séamas Ó Concheanainn, Riarthóir Ionad an Acadaimh, Carna agus Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag seoladh an chláir nua.
Oct 06 2014 Posted: 14:58 IST

Sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Steve Ó Culáin an Dioplóma sa Chultúr Dúchais in Áras na hOllscoile, Carna le gairid. Cúrsa tráthúil nuálaíoch é a bheidh le tairiscint trí fhoghlaim chumaisc ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an Fómhar seo. Ag freagairt don éileamh a bhí ar chúrsaí Leibhéal 7 sa réimse léinn seo, tríd an modh seachadadh traidisiúnta, ar fud na nGaeltachtaí le roinnt blianta chinn an tAcadamh leagan ar líne den chúrsa a fhorbairt ar mhaithe le freastal ar an éileamh níos leithne ó phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann an Oileáin.

Dúirt Dónal Ó Droighneáin, Stiúrthóir an Chúrsa: “Tabharfaidh an cúrsa nua seo deis do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge fré chéile páirt a ghlacadh i dturas léinn agus cultúrtha a chuireann deacrachtaí taistil ar ceal. Ina theannta sin is é a gcultúr fhéin – an cultúr dúchais - a bheidh á fhiosrú agus á léiriú ar an gcúrsa.”

I measc na n-ábhar a chuimseoidh an Dioplóma nua a mhairfidh dhá bhliain Ollscoile, beidh: Gnéithe den Bhéaloideas, na hEalaíona Dúchais, Cultúr Ábhartha, Nósmhaireacht Thraidisiúnta agus an Amhránaíocht. Tabharfaidh fóram idirlín an chúrsa deis do rannpháirtithe a bheith ag comhrá faoi na hábhair éagsúla agus beidh teacht acu freisin ar stórchiste de chartlanna digiteacha a chuirfidh go mór lena n-éispéireas foghlama. Treiseoidh na ceardlanna a fhreastalóidh na rannpháirtithe orthu sna hIonaid Ghaeltachta le linn an chúrsa an eispéireas léinn agus cultúrtha a bheidh sealbhaithe ar an idirlíon acu le linn an chúrsa.

Duirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Steve Ó Cualáin: “Tá tábhacht ar leith ag baint le cláir Ollscolaíochta ar nós an Dioplóma sa Chultúr Dúchais ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar chultúir shainiúla na Gaeltachta agus na hÉireann, rud a chabhróidh le seachadadh na Gaeilge agus chultúir dhúchasaigh ó ghlúin go glúin. Leis an modh sechadadh nuálaíoch seo cruthaítear deis cultúr uathúil na Gaeltachta a chur i láthair pobal níos leithne ná riamh agus deiseanna oibre a chothú bunaithe ar na hacmhainní dúchasacha.”

-Críoch-

NUI Galway Launch new Diploma in Traditional Culture

Údarás na Gaeltachta CEO, Steve Ó Culáin, recently launched the Diploma in Traditional Culture (Diplóma sa Chultúr Dúchais) at Áras na hOllscoile, Carna. This new Diploma is a timely and innovative programme delivered through blended learning by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. In view of the demand for NUI Galway outreach programmes in this discipline, through traditional models of delivery, an online alternative has been developed to further meet the demand from Irish speakers throughout the island of Ireland.

Dónal Ó Droighneáin, Programme Director, said: “This new programme will afford both Gaeltacht and Irish-speaking communities throughout the island of Ireland the opportunity to undertake an academic and cultural expedition, regardless of their location. Furthermore, it is the indigenous culture of these communities that the programme will investigate and exhibit.”

The Programme which will run for two academic years will include the following subject areas: Aspects of Folklore, the Traditional Arts, Material Culture, Traditional Customs and Song. The programme’s online forum will allow participants to share their knowledge and experience of traditional culture with fellow learners. Participants will have access to a treasure house of digital archives which will greatly enhance the rich online learning milieu available to them. Workshops delivered in Gaeltacht Centres will augment the learning and cultural experience acquired online.

Údarás na Gaeltachta CEO, Steve Ó Cúláin, said: “Educational programmes such as the Dioplóma sa Chultúr Dúchais have an important role in perpetuating traditional Gaeltacht and Irish Culture, and in doing so, assist in the intergenerational transmission of the Irish Language and its indigenous culture. This programme creates the opportunity to showcase our rich culture to a wider audience and in doing so nurture new educational and employment opportunities based on our natural resources.”

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext