Searmanas Bronnta Chéim Dhochtúireachta Oinigh OÉ Gaillimh

Rahm Emanuel, Méara Chicago agus iarCheann Foirne sa Teach Bán le linn rialtas Obama.
Apr 03 2018 Posted: 08:54 IST

Dochtúireacht Oinigh le bronnadh ar Mhéara Chicago

Ag searmanas in OÉ Gaillimh Dé Máirt, an 3 Aibreán, bronnfar Céim Oinigh ar Rahm Emanuel, Méara Chicago agus iarCheann Foirne sa Teach Bán le linn rialtas Obama.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus é ag labhairt roimh an searmanas: “Tá cathracha na Gaillimhe agus Chicago nasctha le chéile mar Chomhchathracha le breis is aon bhliain is fiche. Ó shin i leith, tá caidreamh láidir agus dinimiciúil forbartha, a bhfuil buntáistí sóisialta, cultúrtha, oideachasúla agus eacnamaíochta mar thoradh air, rud a léiríonn na naisc phearsanta agus ghairmiúla ar fad idir an dá chathair iontacha seo.

Agus onóir á tabhairt againn don Mhéara Emanuel, tugaimid le tuiscint an méid a bhfuil luach againn air mar Ollscoil.  Ní hamháin go n-aithnímid na naisc a cheanglaíonn Gaillimh agus Chicago inár ról mar Ollscoil na Gaillimhe ach dírímid aird chomh maith ar thábhacht na seirbhíse poiblí, ar thábhacht gníomhú go háitiúil le tionchar domhanda, agus tábhacht an daonlathais, an tearmainn agus na saoirse – sa domhan agus don domhan.”

Is é Rahm Emanuel an 55ú méara ar Chicago. Chinntigh sé gur glacadh le buiséid ina raibh leasuithe agus infheistíochtaí chun todhchaí airgeadais Chicago a dhaingniú. Rinne sé roinnt leasuithe oideachais a achtú lena n-áirítear fad a chur leis an lá agus leis an mbliain scoile, naíscoil uilíoch lae a chruthú agus chinntigh sé go raibh Chicago ar an gcéad mhórchathair sa tír a chuir oideachas saor in aisce ar fáil i gcoláistí pobail do gach dalta meánscoile a bhaineann B ar an meán, nó os a chionn amach.

Faoi stiúir an Mhéara Emanuel, bhí Chicago chun tosaigh ag cur leasuithe eacnamaíochta i bhfeidhm rud a mheall níos mó cuideachtaí agus infheistíocht dhíreach iasachta. Tá athchóiriú infreastruchtúir ar fiú $8 mbilliún ar bun in Chicago faoi láthair chun bóithre, iarnróid agus rúidbhealaí na cathrach a neartú.

Sular ceapadh ina Mhéara é, bhí sé ina Cheann Foirne sa Teach Bán le linn rialtas Obama agus chaith sé trí théarma i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe ag déanamh ionadaíochta ar 5ú Toghcheantar Chicago. Sular toghadh chuig an gComhdháil é, ba bhall tábhachtach é de Theach Bán Clinton ó 1993 go 1998, agus rinneadh comhairleoir sinsearach polasaí agus straitéise don Uachtarán de. Bhain sé céim amach in Sarah Lawrence College sa bhliain 1981 agus bhain sé céim mháistreachta amach san óráidíocht agus cumarsáid ó  Northwestern University.

Agus Céim Dhochtúireachta le Dlíthe (honoris causa) bronnta ar an Méara Emanuel beidh sé anois i measc céimithe oinigh eile mór le rá a tháinig roimhe cosúil le Nelson Mandela, Hilary Clinton, Cyril Ramaphosa, Enya, Anjelica Huston, agus Margaret Atwood.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories