Faigh blaiseadh d’Ollscoil na Bliana, 2018 in Éirinn ag Lá Oscailte an Earraigh in OÉ Gaillimh

Mar 14 2018 Posted: 16:19 GMT

D’fhógair OÉ Gaillimh inniu an clár iomlán imeachtaí don chéad Lá Oscailte CAO eile a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 24 Márta ó 9am go dtí 3pm. Deis iontach é an Lá Oscailte do scoileanna, daltaí, tuismitheoirí agus teaghlaigh blaiseadh a fháil de shaol staidéir OÉ Gaillimh.

Tá clár lán le himeachtaí, léachtaí samplacha agus máistir-ranganna eagraithe don lá, lena n-áirítear:

  • Os cionn 80 seastán ag cur eolais ar fáil faoi chúrsaí, pointí CAO, deiseanna fostaíochta, deiseanna le dul chun cinn gairme a dhéanamh, lóistín agus táillí.
  • Seisiúin eolais chun léargas ceart a thabhairt do mhic léinn ar an staidéar in OÉ Gaillimh.
  • Ceardlanna praiticiúla eolaíochta.
  • Seisiúin idirghníomhacha san Innealtóireacht, córais IT agus róbataic.

I measc na gcainteanna do mhic léinn beidh cainteanna ar Spóirt in OÉ Gaillimh, Deiseanna Gairme agus Mná Spreagúla san Innealtóireacht. Do thuismitheoirí, beidh raon cainteanna speisialta ag díriú ar ábhair cosúil le Deontais SUSI, Iarratais ar Scoláireachtaí agus Saol na Mac Léinn.

Eagrófar turais den champas i gcaitheamh an lae, a áiríonn turais i nGaeilge. Tugtar cuireadh do thuismitheoirí freastal ar Chaint do Thuismitheoirí a bheidh ar siúl ar 11am agus arís ar 1pm. Is deis é seo do thuismitheoirí blaiseadh a fháil ar raon iomlán Sheirbhísí Tacaíochta na hOllscoile agus iad a chur ar a suaimhneas go mbeidh gach tacaíocht ar fáil dá n-iníon nó mac le linn a gcuid ama in OÉ Gaillimh. Gheobhaidh cuairteoirí eolas ó léachtóirí faoin taithí foghlama in OÉ Gaillimh, forbairt scileanna agus deiseanna gairme do gach clár céime.

Ag labhairt dó faoin bhfiúntas atá le Lá Oscailte do thuismitheoirí agus do dhaltaí araon, bhí an méid seo a leanas le rá ag John Hannon, Stiúrthóir Sheirbhísí na Mac Léinn in OÉ Gaillimh: “Is deis iad na Laethanta Oscailte do thuismitheoirí forléargas a fháil ar ollscoil, foghlaim faoi gach atá ar fáil, ach freisin is deis atá iontu fiosruithe a dhéanamh, ceisteanna a chur agus fáil amach an mbeidh OÉ Gaillimh oiriúnach dá mac nó n-iníon. Tá an-dul chun cinn déanta ag OÉ Gaillimh sna ranguithe agus bronnadh gradam The Sunday Times air i leith Ollscoil na Bliana 2018. Is léiriú é seo ar dhíograis chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh i leith eispéireas oideachais agus mac léinn den chéad scoth a chur ar fáil.

Chun an tairbhe is mó a bhaint as an lá moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna ar www.nuigalway.ie/opendays.  

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories