Taispeántas faoi Mhórfhile na Gaeilge seolta in OÉ Gaillimh

Ag seoladh an taispeántais nua faoin bhfile Máirtín Ó Direáin in Áras Uí Argadáin in OÉ Gaillimh bhí (ó chlé): Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh; taighdeoir OÉ Gaillimh agus coimeádaí an taispeántais, Síobhra Aiken; iníon leis an Direánach, Niamh Sheridan; agus Stiúrthóir Ionad an Léinn Éireannaigh, an Dr Louis de Paor.
Mar 13 2018 Posted: 13:38 GMT

Tá Taispeántas Máirtín Ó Direáin: Fathach File / Reluctant Modernist ar siúl in Áras Uí Argadáin san Ollscoil

Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh taispeántas speisialta faoin bhfile Máirtín Ó Direáin a sheoladh, tríocha bliain i ndiaidh a bháis i Márta 1988. Ba í Síobhra Aiken, taighdeoir PhD in Ionad an Léinn Éireannaigh, a chuir an taispeántas le chéile, agus baineann sé úsáid as cartlanna Ollscoile, Stáit agus príobháideacha – cuid mhaith ábhar nach raibh ar taispeáint poiblí go dtí seo ina measc. Ba é Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a sheol ‘Máirtín Ó Direáin – Fathach File / Reluctant Modernist’ in Áras Uí Argadáin ar an gcampas. Is buaicphointe é de cheiliúradh na hOllscoile ar Sheachtain na Gaeilge 2018.

Dar leis an gcoimeádaí, Síobhra Aiken: “Ce go n-áirítear fós é mar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’, d’fhéadfaí a rá go bhfuil neamhaird tugtha don Direánach le tamall beag de bhlianta anuas agus níor scríobhadh a bheathaisnéis riamh.” Tá súil agam go gcuirfidh an taispeántas eolas nua beathaisnéise ar fáil, rud a thabharfaidh tuiscint níos fearr ar a shaothair agus a spreagfaidh breis taighde ar shaol Ó Direáin agus a chuid filíochta. Tá réimse leathan d’ábhar cartlainne agus príobháideach sa taispeántas, chomh maith le foinsí agus bailiúcháin ealaíne san Ollscoil agus lasmuigh dó, a thugann léargas suntasach ar an bhfile íocónach seo.

Cuireann an taispeántas neart eolais nua ar fáil ar ghnéithe éagsúla de shaol Uí Dhireáin, ina measc siúd, an meas a bhí air mar aisteoir óg sa Taibhdhearc, na céimeanna a thóg sé le cearta lucht oibre oifig an phoist a chur chun cinn agus an ról a bhí aige mar Uachtarán ar Chumann na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath.

Bhí gaolta leis an Diréanach i láthair ag an seoladh agus thug siad léargas pearsanta ar shaol agus spreagadh an fhile. Labhair iníon leis an bhfile, Niamh Sheridan, ag an seoladh, agus bhí a páirtnéir Don, a hiníon Gráinne McCann agus a garmhac Shane ina cuideachta.

Bhí baill den ghrúpa Mná Fiontracha as Árainn i láthair ag an seoladh, a chabhraigh leis an taispeántas a ullmhú, chomh maith le Peadar Mac Mághnais, a thug roinnt ealaíne agus lámhscríbhinní a bhaineann leis an Direánach don Ollscoil le blianta beaga anuas.

Tá an taispeántas saor in aisce agus beidh sé ar siúl in Áras Uí Argadáin ar an gcampas ó Mhárta-Iúil 2018. Tá dánta an Direánaigh ar shiollabas na hArdteiste agus beidh an-suim ag daltaí meánscoile sa chúigiú agus sa séú bliain sa taispeántas ach go háirithe.

Tá tuilleadh eolais faoin taispeántas ar fáil ag: www.nuigalway.ie/odireain  

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories