Gaisce déanta ag OÉ Gaillimh arís i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS

Jun 24 2019 Posted: 16:00 IST

Tá OÉ Gaillimh sa 3ú háit in Éirinn, is í an Ollscoil is fearr in Éirinn í lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus í rangaithe sa 112ú áit san Eoraip.

Tá gaisce déanta ag OÉ Gaillimh arís i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS. Rangaíodh ar an 259ú hollscoil i mbliana í as 1000 ollscoil a ndearnadh measúnú orthu i ranguithe QS. Léiríonn sin go bhfuil sí ar cheann de scoth-institiúidí an domhain i gcónaí. Tá OÉ Gaillimh sa 3ú háit in Éirinn anois, is í an Ollscoil is fearr in Éirinn í lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus í rangaithe sa 112ú háit san Eoraip.

Ó 2014 tá OÉ Gaillimh i ndiaidh bogadh suas 25 áit ar an liosta, agus is í an t-aon institiúid Éireannach í ar tháinig ardú ar a rangú in ocht as naoi gcinn de na blianta roimhe sin.  Tá OÉ Gaillimh ag déanamh gaisce sna ranguithe idirnáisiúnta i gcónaí, agus is léiriú é sin ar a fháiltí atá cathair na Gaillimhe agus ar an bpobal bríomhar idirnáisiúnta atá sa chathair.   

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh ranguithe QS na bliana seo: “Tarraingíonn rangú OÉ Gaillimh i mbliana aird ar fheidhmíocht leanúnach ár n-ollscoile i réimse leathan gníomhaíochtaí.  Táimid thar a bheith sásta go bhfuil aitheantas tugtha i mbliana d'éagsúlacht idirnáisiúnta ár n-ollscoile, rud a leagann béim ar a tharraingtí atá OÉ Gaillimh do  chomhaltaí foirne agus mic léinn idirnáisiúnta sa chathair is ilchultúrtha dá bhfuil in Éirinn. 

Agus muid sa tríú háit anois in Éirinn, agus sa chéad 120 san Eoraip, is fianaise é ár bhfeidhmíocht chomhsheasmhach le deich mbliana anuas ar chaighdeán ár gclár taighde agus teagaisc. Is iontach an t-aitheantas é seo ar phobal agus ar chultúr ár n-ollscoile. Bíodh is go dtuigimid go maith nach bhfuil i ranguithe ach bealach amháin chun a bhfuil ar siúl againn a mheas, tá a fhios againn mar sin féin ón aiseolas atá faighte againn ónár n-alumni, ó fhostóirí agus ó lucht déanta polasaithe gur tagarmharc idirnáisiúnta úsáideach agus tábhachtach iad.  Tá an-áthas orm, thar ceann OÉ Gaillimh, a fheiceáil go bhfuil an t-aitheantas agus an urraim seo faighte ag tiomantas phobal na hollscoile trí chéile.” 

Tá curiarracht bainte amach ag Massachusetts Institute of Technology ar tugadh séala na hollscoile is fearr ar domhan di don ochtú bliain as a chéile. Is i Meiriceá i gcónaí atá na trí institiúid is fearr: tá MIT sa chéad áit, ansin Ollscoil Stanford (2ú) agus Ollscoil Harvard (3ú). Tá Ollscoil Oxford tar éis ardú go dtí an ceathrú háit, rud a fhágann gurb í an institiúid is fearr sa Ríocht Aontaithe - agus san Eoraip í - agus tá rangú Ollscoil Cambridge tite go dtí an 7ú háit.

Beidh na ranguithe ar fad le feiceáil ag www.TopUniversities.com ó Dé Céadaoin, an 19 Meitheamh.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories