An Scannán Faisnéise is fearr buaite i Londain ag ‘Cumar – A Galway Rhapsody’

Aodh Ó Coileáin, OÉ Gaillimh
Nov 14 2019 Posted: 14:28 GMT

Bronnadh an gradam don scannán faisnéise is fearr ag Féile Scannán na hÉireann i Londain ar ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ le hAodh Ó Coileáin as OÉ Gaillimh ag ócáid in Ambasáid na hÉireann sa Bhreatain i Londain an tseachtain seo.

Ag glacadh leis an gradam, dúirt Ó Coileáin: “Tá suntas ag baint leis an mbronnadh seo i gcathair Londain mar gur áit thábhachtach é d’ealaíona na hÉireann.  Sna blianta tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig cuid mhaith dár gceoltóirí agus dár n-ealaíontóirí go Londain chun a slí bheatha a bhaint amach:  Seosamh Ó hÉanaí, ón Aird Thoir, Carna, an píobaire, Willie Clancy ó Shráid na Cathrach, an t-amhránaí ó Chorcaigh, Margaret Barry, Bobby Casey, an tEanach i gCo. an Chláir, Julia Clifford agus Con Curtin ó mo chontae dúchais, Ciarraí, Roger Sherlock ó Shligeach a sheinneadh maidin Dé Domhnaigh sa White Hart, Fulham Broadway.  Ócáid ar leith i stair na hamharclainne in Éirinn ab ea an taispeántas a thug Druid de dhráma Synge, ‘The Playboy of the Western World’ i gCovent Garden sa bhliain 1985. D’aistrigh a lán seóanna de chuid Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe go dtí an chathair.  Tá an stair shaibhir seo mar chúlra agus mar thaca ag ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ agus an scannán a thaispeáint i Londain.”

Dúirt bunaitheoir agus stiúrthóir Fhéile Scannán na hÉireann i Londain, Kelly O’Connor: “Thaithin an scannán go mór linn agus inár dtuairim, seasfaidh sé i bhfad mar thaifead ar bhunbhrí inmheánach agus ar thionchar na Gaillimhe.  Is fada linn go bhfeicimid an glacaadh a bheidh leis an scannán anseo i Londain.”

Tá déantóir an scannáin, Aodh Ó Coileáin ina stiúrthóir cláir ar an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) agus múineann sé ar an gcéim BA (Cumarsáid agus Gaeilge), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.  Bhí aird na léirmheastóirí ar ‘Cumar – A Galway Rhapsody’, a léirigh Paddy Hayes ó Tua Films, nuair a taispeánadh é don chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.  Taispeánadh é ag féile i Chicago i mí Mheán Fómhair freisin.

Caitheann an scannán dátheangach súil fhísiúil chruthaitheach ar Ghaillimh agus ar Chonamara mar thimpeallacht ina n-oibríonn na healaíontóirí seo.  Déantar scrúdú chomh maith ar an tionchar a bhíonn ag saothar na n-ealaíontóirí ar a n-áit chónaithe.  Faoi chaibidil sa scannán tá: an ceoltóir/cumadóir Máirtín O’Connor, an file/drámadóir, Rita Ann Higgins, an scríbhneoir, Mike McCormack, Noeline Kavanagh, stiúrthóir ealaíona an ghrúpa Macnas, an t-amhránaí Róisín Seoighe, an péintéir ó Chonamara, Pádraic Reaney, agus an fear seoigh, Tommy Tiernan.  Le chéile tugann na healaíontóirí léargas úr spreagúil agus ionraic ar shaol an ealaíontóra i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara.  Chum an Gaillimheach Jake Morgan an ceol agus cloistear an grúpa Galway Street Club sa scannán.

Is togra de chuid na scéime ilDána é ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ – maoinithe ag TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe.  Bhain sé coimisiún amach in 2017 agus sé an comhlacht Tua Films a léirigh an scannán.

Cruthaíonn scéim ilDána deis do lucht déanta scannán, saothar cennródaíoch a chruthú ar na healaíona trí Ghaeilge.

Taispeánfar an scannán sa Regent Street Cinema mar chuid d’Fhéile Scannán na hÉireann i Londain, Dé Domhnaigh, 24 Samhain, 7.30pm.  Beidh fáiltiú dí roimhe mar cheiliúradh ar Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories