Léacht Tionscnaimh Ollúnachta an scoláire agus an amhránaí sean-nóis aitheanta Lillis Ó Laoire

Nov 07 2019 Posted: 08:55 GMT

Tá sraith léachtaí ar siúil ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Díríonn an tsraith seo ar Ollúna nua-cheaptha an Choláiste agus leanfar di le léacht ón Ollamh Pearsanta, Lillis Ó Laoire ar an Déardaoin 28 Samhain, ag 5.00p.m. in Institiúid de Móra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (G010).

Ina chaint dar teideal, Ó Turgenev go Toraigh: Taighde ar thraidisiúin amhránaíochta na Gaeilge, pléifidh an tOllamh Ó Laoire torthaí a chuid taighde ceannródaíoch ar amhránaíocht na Gaeilge le tríocha bliain anuas in Éirinn. Léiríonn an scéal ‘Ceoltóirí,’ ón chnuasach Scéalta Sealgaire,comórtas idir bheirt amhránaithe, ina ndéantar cur síos ar bhuanna na beirte iomaitheoirí. Is scéal cumhachtach rúndiamhrach é agus tugtar léargas máistriúil ann ar thréithe an taibhléirithe san amhránaíocht. Nochtar ann chomh maith an  nasc idir amhráin agus spiorad an náisiúin. Tugtar léargas cosúil leis sin i scéal Phádraig Mhic Phiarais, ‘Bríd na nAmhrán.’ Agus an dá scéal seo mar phointí tagartha aige, pléifidh an tOllamh Ó Laoire cúlra agus comhthéacs a chuid taighde ar an amhránaíocht. Beidh trácht aige ar Thoraigh agus ar Sheosamh Ó hÉanaí chomh maith. Mar is cuí ar an ócáid, agus sa dea-chleachtas inchuimsitheach is fearr a léiríonn spiorad an dátheangachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tabharfar an léacht i nGaeilge agus cuirfear aistriúchán comhuaineach Béarla ar fáil.

Dúirt an Dr Seán Crosson, An Leas-Déan Taighde i gColáiste na nDán na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an méid seo: “Cúis áthais dúinn leanúint leis an tsraith léachtaí poiblí seo. Tugann sí deis iontach don Ollscoil an pobal mór a chur ar an eolas faoin taighde nuálach ceannródaíoch ar ardchaighdeán atá siúl san Ollscoil. Is é an tOllamh Ó Laoire an t-ochtú cainteoir sa tsraith. Go dtí seo tugadh léachtaí ar an mbeartas sóisialta, ar an oideachas, ar an smaointeoireacht pholaitiúil, ar theiripithe ar líne, ar an stair agus ar shíceolaíocht na hiompraíochta. Is onóir mhór í deis a thabhairt don Ollamh Ó Laoire labhairt mar chuid den tsraith seo. Is scoláire agus duine d’amhránaithe móra comhaimseartha na hÉireann é, fear a roinn a thuiscint ar thábhacht an tseanchais bhéil agus na n-amhrán go fial fairsing le blianta, trína chuid taighde agus trína chleachtas.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories