Caitlín Ní Chualáin Ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh

Caitlín Ní Chualáin
Sep 09 2019 Posted: 11:51 IST

Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a fhógairt go bhfuil Caitlín Ní Chualáin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Is as an Teach Mór Thiar, in Indreabhán, Caitlín agus tá oidhreacht shaibhir cheolmhar le cloisteáil ina cuid amhránaíochta a fuair sí óna muintir féin sa mbaile. Thug sí amhráin léi go háirithe óna hathair, Máirtín Pheaits Ó Cualáin, a bhuaigh Comórtas na bhFear ag an Oireachtas i 1944 agus arís sa bhliain 2001. Tá Caitlín pósta agus seachtar clainne aici.

Bhuaigh Caitlín Comórtas na mBan ag an Oireachtas sna blianta 2005, 2008 agus 2014, agus thug sí léi Corn Ui Riada, an príomhghradam don amhránaíocht ar an sean-nós i 2016. Is iad na hamhráin is mó atá luaite léi ná ‘Loingseach Bhearna’ a d’fhoglaim sí óna hathair agus ‘Amhrán na mBuachaillí Bána’. Bíonn Cailtín le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, áit a bhfuil sí fostaithe mar iriseoir, agus bíonn sí ag amhránaíocht ar stáitse go minic. 

Chuir an Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapacháin: “Táimid thar a bheith sásta go mbeidh Caitlín Ní Chualáin linn mar amhránaí cónaitheach i mbliana. Tá guth fé leith ag Caitlín, guth atá sonrach agus binn ag an am céanna, agus ceangailte go láidir sa traidisiún thart uirthi. Is deis iontach é dos na micléinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anso san Ollscoil.” 

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Caitlín san Ollscoil sa bhFómhar agus arís san Earrach agus beidh a cuid amhrán á dtaifeadadh aici don gcartlann sean-nóis atá á bailíú ag Ionad Léann na hÉireann.

Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 1 Deireadh Fómhair ag 7in. Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories