OÉ Gaillimh Rangaithe i measc na nDeich nOllscoil is Fearr ar Domhan maidir le Tionchar ar Éiceachórais Uisceacha

Apr 23 2020 Posted: 11:28 IST

Aithníonn Ranguithe an Times Higher Education rannpháirtíocht i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA

De réir Ranguithe Tionchair Ollscoile nua an Times Higher Education tá OÉ Gaillimh sa 10ú háit ar domhan maidir le dul i ngleic le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe do thaighde ar an saol faoi uisce agus do thacaíocht d’éiceachórais uisceacha. Sa dara heagrán de Ranguithe Tionchair an Times Higher Education, a cuireadh ar fáil inniu, rinneadh OÉ Gaillimh a rangú sa 68ú háit ar domhan maidir le dul i ngleic le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na NA ar an iomlán.

Léiríonn na ranguithe nua an tionchar dearfach sóisialta agus eacnamaíoch atá ag ollscoileanna ar an bpláinéad; lena n-áirítear gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne, dea-shláinte agus folláine. Is é an chéad rangú ollscoile é a úsáideann na critéir seo seachas méadrachtaí traidisiúnta, amhail cáil agus gradam taighde.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh Ranguithe Tionchair na bliana seo:

“Tá na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar na spriocanna is tábhachtaí atá le baint amach ag an domhan, agus is cúis áthais dúinn go bhfuil ollscoileanna na hÉireann ag glacadh ról lárnach ag dul i ngleic leo. Tá géarghá anois níos mó ná riamh le todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a chruthú do chách i bhfianaise an taighde a rinneadh le déanaí a dhéanann ceangal idir truailliú aeir agus torthaí sláinte COVID-19. Tá an paindéim reatha ag cur béim ar neamhionannais i gcúram sláinte ar fud an domhain, agus caithfimid aghaidh a thabhairt orthu i ngach gné dár dtaighde, ó na heolaíochtaí sláinte go dtí na daonnachtaí.

“In OÉ Gaillimh, is príomhthosaíocht straitéiseach í an inbhuanaitheacht, agus táimid ag tnúth lenár gcuid oibre a chur chun cinn d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda seo mar chuid dár misean lárnach le freastal ar leas an phobail inár gcaint agus inár ngníomhartha.” 

D'éirigh go láidir le OÉ Gaillimh i roinnt mhaith de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena n-áirítear:

  • SDG 14: Saol Faoi Uisce

Ag tomhas taighde na hOllscoile ar an saol faoi uisce chomh maith leis na hiarrachtaí i dtaca le tacaíocht, oideachas agus cothú éiceachórais uisceacha go háitiúil agus go domhanda, rangaíodh OÉ Gaillimh i measc na 10 n-ollscoil is fearr maidir le hoideachas agus gníomhaíochtaí chun tacú le héiceachórais uisceacha, go háitiúil agus go domhanda.  

  • SDG 3: Dea-Shláinte agus Folláine

Tomhaistear taighde na hOllscoile i dtaca le príomhghalair agus riochtaí sláinte, comhoibrithe idirnáisiúnta le heagraíochtaí sláinte domhanda agus an tacaíocht a chuireann sí ar fáil do ghairmeacha cúraim sláinte agus sláinte na mac léinn agus na foirne.

  • SDG 7: Fuinneamh Inacmhainne agus Glan

Tomhaistear taighde na hOllscoile i ndáil le húsáid éifeachtach fuinnimh, lenár n-úsáid agus ár bpolasaithe fuinnimh féin agus lenár dtiomantas éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn sa phobal i gcoitinne. Ainmníodh OÉ Gaillimh mar Fhoireann Fuinnimh na Bliana ag gradaim Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann anuraidh.  Tá laghdú fuinnimh 36% bainte amach ag OÉ Gaillimh agus tá sé ag obair i dtreo sprioc uaillmhianach de laghdú fuinnimh 40% a bhaint amach faoi 2020.

  • SDG 11: Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe

Tomhaistear taighde na hOllscoile maidir le hinbhuanaitheacht, ár ról mar choimeádaí na n-ealaíon agus na hoidhreachta agus ár n-iarrachtaí inmheánacha chun inbhuanaitheacht a chleachtadh agus a chur chun cinn. D’éirigh go hiontach le OÉ Gaillimh ina chuid taighde agus tacaíochta i gcur chun cinn na nEalaíon agus na hOidhreachta.

  • SDG 16: Institiúidí Síochána, Ceartais & Láidre

Tomhaistear taighde na hOllscoile i ndáil le dlí, cearta an duine agus caidrimh idirnáisiúnta, agus ár rannpháirtíocht mar chomhairleoirí agus lucht tionchair ar pholasaí rialtais, d’éirigh go han-mhaith leis an Ollscoil ina cuid taighde agus a cuid oibre leis an rialtas agus le lucht déanta polasaithe.

  • SDG 17: Comhpháirtíocht le haghaidh Spriocanna

Déantar na bealaí níos leithne atá ag an Ollscoil chun tacaíocht a chur ar fáil do SDGanna na NA a thomhas trí chomhoibriú le tíortha eile, dea-chleachtais a chur chun cinn agus sonraí a fhoilsiú chun bonn eolais a chur faoi thaighde agus cinnteoireacht.   Tá traidisiún fada comhpháirtíochta ag an Ollscoil go réigiúnach agus go domhanda maidir le tionscadail chun leasa pobal. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Ranguithe Tionchair téigh chuig https://www.timeshighereducation.com/opinion/new-way-defining-excellence-higher-education, nó féach ar an modheolaíocht iomlán ag https://www.timeshighereducation.com/university-impact-rankings-2020-methodology. Is féidir liosta iomlán de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a fháil chomh maith ar láithreán gréasáin na Náisiún Aontaithe ag https://sustainabledevelopment.un.org.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories