Tá OÉ Gaillimh le Searmanas Bronnta Fhíorúil a Reáchtáil do Bhreis agus 300 Céimí

Apr 03 2020 Posted: 13:48 IST

Bronnfar Céim ar Mhic Léinn Leighis ag Searmanas Bronnta ar Facebook Live

D’fhógair OÉ Gaillimh go reáchtálfar dhá shearmanas bronnta fhíorúla a chraolfar beo do 310 céimí agus dá muintir. De bharr na srianta a bhaineann le paindéim COVID-19, den chéad uair riamh le 175 bliain ní reáchtálfaidh an Ollscoil searmanais bhronnta fhisiciúla, agus déanfar an ócáid a cheiliúradh ar líne ina áit sin.

Dé Luain, an 6 Aibreán ag 10am bronnfaidh an Ollscoil Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir Onóracha sa Mháinliacht, agus Baitsiléir Onóracha san Obstatraic (MB, BCh, BAO) ar 190 ábhar dochtúra. Ghlac an Ollscoil an cinneadh scrúduithe leighis bhliain na céime agus an searmanas bronnta a reáchtáil níos luaithe ná mar a bhí beartaithe le cinntiú go mbeadh na céimithe Leighis ar fáil le dul ag obair sa chóras sláinte.

Ar an gCéadaoin, an 8 Aibreán ag 12pm reáchtálfaidh an Ollscoil an searmanas Bronnta Taighde, ócáid ag a mbronnfar céim ar bhreis is 110 mac léinn. Tabharfaidh OÉ Gaillimh aitheantas do thuairim is 90 mac léinn nuair a bhronnfar Dochtúireacht le Fealsúnacht (PhD) orthu. Bronnfar céim Mháistreachta agus céim Leighis ar roinnt mac léinn chomh maith.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is tréimhse neamhghnách na laethanta seo agus is daoine iontacha iad ár gcéimithe. Cé go bhfuil an-díomá orainn nach féidir linn an lá speisialta seo a cheiliúradh lenár gcéimithe go pearsanta, táimid ag súil go mór leis an ócáid a cheiliúradh agus beannachtaí a roinnt leo ar líne. Déanfaimid an lá seo a shamhlú le chéile agus muid ag breathnú chun cinn ar laethanta níos fearr amach anseo.

“In imeacht 175 bliain OÉ Gaillimh, bhí lámh ag ár bhfoireann agus ag ár mic léinn san iomad imeachtaí domhanda agus táimid an-bhródúil astu siúd atá ag troid go cróga in éadan phaindéim COVID-19 in Éirinn agus i bhfad i gcéin. Ceanglaíonn an pobal seo na daoine sin a thug aghaidh ar dhúshláin mhóra san am atá thart, trí thiomantas a léiriú do leas an phobail agus do na luachanna is mó atá againn. Tá ár mic léinn agus ár bhfoireann ag obair sna seirbhísí tosaigh, ag déanamh tástálacha agus ag cur cóir leighis orthu siúd atá thíos leis an tinneas millteanach seo, agus is inspioráid dúinn uile an neamhleithleasacht agus an tiomantas a léiríonn siad. Táimid ag súil le héachtaí ár mac léinn a cheiliúradh leo féin agus lena muintir ar dhóigh fhíorúil, dóigh a mbeidh thar a bheith speisialta. Tá sé mar aidhm againn ócáidí neamhfhoirmeálta a chur ar siúl san fhómhar, má bhíonn deis ann, chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí na gcéimithe nua a bhainfidh céim amach ó chian an tseachtain seo. Laethanta tábhachtacha iad seo i saol na hollscoile agus ár mac léinn agus táimid ag súil le teacht le chéile in éineacht leo amach anseo nuair a bheidh laethanta níos fearr ann.”

Ag an searmanas ar líne tabharfar aitheantas d’éachtaí na mac léinn fud fad na hÉireann agus na hEorpa chomh maith le héachtaí na mac léinn ón Malaeisia, Ceanada, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Brúiné, Singeapór, SAM, an tSín, an Chóiré Theas, Neipeal, an India, an Phacastáin, an Iaráic, an Bhrasaíl, Eacuadór agus Vítneam. Táthar ag súil gur féidir leis an bpobal domhanda seo teacht le chéile le teann bróid chun éachtaí Rang 2020 OÉ Gaillimh a cheiliúradh.

Déanfar an dá shearmanas bronnta seo a chraoladh beo ar www.facebook.com/nuigalway

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories