Aitheantas OÉ Gaillimh ar Lá Domhanda na dTeifeach

Jun 20 2020 Posted: 07:49 IST

Dhá cheann déag de Scoláireachtaí nua Fógartha do Ghrúpaí Leochaileacha Inimirceoirí agus Lucht Siúil na hÉireann

Mar aitheantas ar Lá Domhanda na dTeifeach ar an 20 Meitheamh, tá sé fógartha ag OÉ Gaillimh go bhfuil líon na n-áiteanna ar an gClár Scoláireachta Ollscoile Tearmainn ardaithe ó naoi scoláireacht go dhá cheann déag don bhliain acadúil 2020-2021. Beidh scoláireachtaí ar fáil do chúrsaí fochéime agus iarchéime san ollscoil, agus beidh iarrthóirí tearmainn, teifigh, grúpaí inimirceoirí leochaileacha agus lucht siúil na hÉireann i dteideal cur isteach orthu. Mar Ollscoil Tearmainn ainmnithe, tá OÉ Gaillimh tiomanta aghaidh a thabhairt ar na leibhéil ísle rannpháirtíochta atá ag grúpaí leochaileacha ag an tríú leibhéal, agus beidh an clár scoláireachta mar bhonn taca do bhunluachanna an Ómóis, an Bharr Feabhais agus na hOscailteachta a sonraíodh inár bPlean Straitéiseach 2020-2025.

Agus é ag labhairt inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Inár straitéis nua-sheolta, Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, thug OÉ Gaillimh, mar Ollscoil Tearmainn nua-ainmnithe, tiomantas do leas an phobail agus do na comhluachanna mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht. Leagamar romhainn meas a bheith againn ar gach ball dár bpobal agus a bheith oscailte do – agus fáilte a chur roimh – gach ceann dár bpobail, lena n-áirítear na pobail siúd nach luíonn go traidisiúnta linn. Mar sin seasaimid leis na daoine ar fad a imríodh cos ar bolg orthu de bharr an leithcheala agus an – go hidirnáisiúnta agus inár bpobal féin. Seasaimid agus nílimid inár dtost. Seasaimid gualainn ar ghualainn lena chéile, agus an tuiscint againn gurb éigean dúinn an ceart a dhéanamh agus gurb éigean dúinn iarracht níos fearr a dhéanamh ar uairibh freisin. Is mór againn beatha an chine ghoirm. Black Lives Matter. Agus is mór againn uile é seo.”

Seo mar a labhair an tOllamh Anne Scott, an Leas-Uachtarán Comhionannais agus Éagsúlachta: "Fágann géarchéim Covid-19 go bhfuil an deighilt sa tsochaí idir iad siúd atá in ann rochtain a fháil ar acmhainní oideachais agus iad siúd a bhíonn orthu streachailt a lánacmhainneacht a bhaint amach mar thoradh ar chúinsí sóisialta ag éirí níos follasaí.  Agus an tiomantas an scéim scoláireachta seo a leathnú déanta ag an Ollscoil anois, tráth a mbeidh brú airgeadais ag teacht orainn, léiríonn sé an creideamh atá againn gur anois an t-am, níos mó ná riamh, tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil chun rochtain ar an oideachas a leathnú agus dul i ngleic leis an éagothroime."

Osclófar an próiseas iarratais ag tús mhí Iúil, agus is féidir le hiarrthóirí ionchasacha cuairt a thabhairt ar www.nuigalway.ie/sanctuary, nó ríomhphost a sheoladh chuig uni.sanctuary@nuigalway.ie chun sonraí a fháil. 

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories