Tá OÉ Gaillimh le Céimeanna a Bhronnadh ar 151 Céimí le linn Bhronnadh Fíorúil an tSamhraidh

Jun 10 2020 Posted: 09:55 IST

Tá An Taoiseach Leo Varadkar le teachtaireacht speisialta a thabhairt do chéimithe le linn an tsearmanais

Reáchtálfaidh OÉ Gaillimh Bronnadh Fíorúil an tSamhraidh Dé Máirt, an 16 Meitheamh, a chraolfar beo ar Facebook do 155 céimí agus dá muintir.

Bronnfaidh an Ollscoil roinnt Céimeanna Baitsiléara Onóracha, Ard-Dioplómaí, Dioplómaí agus Teastais Iarchéime, Máistreachtaí, Céim Dhochtúireachta le Litríocht (DLitt) agus Céimeanna PhD ar mhic léinn ó Choláiste an Leighis, na nEolaíochtaí Sláinte agus an Altranais; Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta; Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Baineann péire de na grúpaí céimithe is mó leis an MA Obair Shóisialta agus leis na cláir fhochéime sna hEolaíochtaí Sláinte, lena n-áirítear Teiripe Shaothair, Cosliacht, agus Teiripe Theanga agus Urlabhra.

Le linn an tsearmanais craolfar físeán ina ndéanfaidh an Taoiseach Leo Varadkar comhghairdeas leis na céimithe nua as an éacht atá déanta acu.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, roimh an searmanas: “Is tréimhse neamhghnách í seo agus is daoine iontacha iad ár gcéimithe, agus ar son OÉ Gaillimh, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as an obair chrua agus as an éacht atá déanta acu. Táimidne in OÉ Gaillimh diongbháilte de go ndéanfaidh an Ollscoil seo a cion féin le céimithe a oiliúint a fhágfaidh a lorg ar an domhan trí chéile, agus a bheidh in ann freastal ar riachtanais ár sochaí amach anseo. Baineann ár gcéimithe nua le réimsí éagsúla agus baineann go leor acu le hEolaíochtaí Sláinte agus le taighde, agus muid ag breathnú chun cinn ar an tráth a dtiocfaimid as an bpaindéim seo, beidh siad ag teastáil go géar ónár dtír agus ónar ndomhan chun go dtiocfaimid chugainn féin. Beidh a gcumas, a smaointeoireacht chruthaitheach, a dtaighde den chéad scoth, agus thar aon rud eile a gcomhbhá ag teastáil uainn agus táimid ag súil go mór leis an tráth a nglacfaidh siad páirt ghníomhach i dtéarnamh ár dtíre. Táimid ag súil le héachtaí ár mac léinn a cheiliúradh leo féin agus lena muintir ar dhóigh fhíorúil ach ar dhóigh a mbeidh thar a bheith speisialta freisin.”

Beidh neart mac léinn idirnáisiúnta páirteach sa searmanas chomh maith, agus cuirfidh an Ollscoil fáilte roimh chéimithe ón tSín, an Mhalaeisia, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Indinéis, an Bhrasaíl, Meicsiceo, Neipeal, an Ríocht Aontaithe, agus tíortha eile nach iad, mar aon le mic léinn ó fhud fad na hÉireann.

Craolfar an searmanas bronnta beo ag 2pm ar www.facebook.com/nuigalway

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories