Staidéar a dhéanann comparáid idir sláinte leanaí na hÉireann agus sláinte leanaí ar fud na hEorpa agus Cheanada á sheol

May 21 2020 Posted: 13:11 IST

Bailíonn tuarascáil nua, Spotlight on Health and Adolescent Health and Well-being, a d’fhoilsigh Oifig Réigiúnach na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) inniu, an-chuid sonraí maidir le sláinte choirp, caidrimh shóisialta agus folláine mheabhrach 227,441 leanbh scoile atá 11, 13 agus 15 bliana d’aois, as 45 tír. Tá rangú íseal ag leanaí na hÉireann maidir le húsáid substaintí ar a n-áirítear ag caitheamh tobac agus ag ól alcóil agus rangú ard maidir le gníomhaíocht choirp. Tá rangú ard ag Éirinn chomh maith maidir le húsáid achrannach na meán sóisialta.

Cuireann an tuarascáil torthaí comparáideacha idirnáisiúnta an tsuirbhé ar Iompraíocht Sláinte i Leanaí ag Aois Scoile (HBSC) i láthair, a chomhordaíonn WHO agus a dhéantar a bhailiú gach ceithre bliana.  Tá leagan na hÉireann den staidéar seo faoi stiúir an Ollaimh Saoirse Nic Gabhainn san Ionad Taighde don Chothú Sláinte in OÉ Gaillimh.

Sa tuarascáil nua seo cuirtear leanaí na hÉireann atá 11, 13 agus 15 bliana d’aois i gcomparáid leo siúd i 44 tír eile ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Léiríonn príomhthorthaí comparáideacha:

  • Go rangaítear leanaí na hÉireann go hard maidir le bricfeasta a ithe agus go híseal maidir le deochanna boga milsithe a ól ag gach aois. Tá laghduithe suntasacha déanta ar an méid milseán a itear agus an méid deochanna boga a óltar ó 2014
  • Go rangaítear Éire go híseal ag gach aois maidir le húsáid thuairiscithe tobac agus alcóil
  • Go rangaítear Éire go hard i gcomparáid le tíortha eile maidir le dianghníomhaíocht choirp thuairiscithe
  • Go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar shástacht saoil ó 2014, agus go rangaítear Éire go híseal i measc leanaí atá 15 bliana d’aois ó thaobh sástachta saoil
  • Go rangaítear Éire go hard maidir le húsáid achrannach na meán sóisialta ag gach aois, agus i measc leanaí atá 13 agus 15 bliana d’aois go rangaítear Éire go hard i ndáil le cibearbhulaíocht.

 

Staidéar na hÉireann

Ba é an tIonad Taighde don Chothú Sláinte in OÉ Gaillimh a rinne suirbhé na hÉireann agus ba é an séú babhta a ndearnadh sonraí a bhailiú in Éirinn. Is iad cuspóirí an staidéir iomláin léargas nua a thabhairt, agus tuiscint níos mó a fháil ar shláinte agus ar fholláine daoine óga, ar a n-iompraíocht sláinte agus ar a gcomhthéacs sóisialta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.

Chomh maith leis an bhfeidhm monatóireachta agus ginte eolais atá aige, tá ionchur i bpolasaí agus i gcleachtas ar cheann de phríomhchuspóirí an HBSC, agus is í an Roinn Sláinte a dhéanann leagan na hÉireann a mhaoiniú. Déantar iniúchadh sa suirbhé trasnáisiúnta ar ghnéithe éagsúla de shláinte ógánach agus d'iompraíocht shóisialta, lena n-áirítear féinmheasúnú ar mheabhairshláinte; íomhá choirp; nósanna bia; gníomhaíocht choirp; comhthéacs scoile; caidrimh le teaghlaigh agus le piaraí; úsáid tobac, alcóil agus cannabais; bulaíocht agus gortuithe; agus sláinte ghnéis (dóibh siúd atá 15 bliana d’aois agus os a chionn amháin). Cuireadh béim ar leith ar chumarsáid ar líne sa suirbhé is déanaí de chuid HBSC, chun tuiscint níos fearr a fháil ar ról leathan na teicneolaíochta digití i saol daoine óga.

Dúirt Kate O’Flaherty, Ceannasaí Sláinte agus Folláine sa Roinn Sláinte an méid seo a leanas: “Cuireann an staidéar idirnáisiúnta is déanaí seo ar ár gcumas ár ndul chun cinn i réimse sláinte agus folláine leanaí a chur i gcomparáid le dul chun cinn atá á dhéanamh i 45 tír eile; ár gcomharsana san Eoraip agus Ceanada. Soláthraíonn an staidéar seo faisnéis luachmhar iompraíochta idirnáisiúnta a taifeadadh beagán roimh thús phaindéim Covid-19; tabharfaidh an chéad staidéar eile deis dúinn éifeacht na paindéime ar iompraíocht, sláinte agus folláine déagóirí a thomhas.

 

Tá go leor réimsí ann ina bhfuil ag éirí go maith le hÉirinn, mar shampla ár rátaí ísle i leith caitheamh tobac, úsáid íseal alcóil agus deochanna milsithe agus leibhéil réasúnta maith gníomhaíochta coirp. Ní raibh na réimsí a bhain le folláine mheabhairshláinte agus sástacht saoil chomh dearfach céanna, agus cé go bhfuil go leor oibre ar siúl cheana féin idir Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe eile chun aghaidh a thabhairt air seo, beidh tábhacht níos mó ag baint leis agus muid ag tacú le folláine agus teacht aniar sa fhreagra ar phaindéim Covid-19.”

 

Rinne an tOllamh Saoirse Nic Gabhainn ón Ionad Taighde don Chothú Sláinte in OÉ Gaillimh, agus Príomhthaighdeoir staidéar HBSC na hÉireann, cur síos ar thorthaí na hÉireann sa tuarascáil: “Tugann an staidéar seo léargas luachmhar ar shláinte agus folláine leanaí in Éirinn, agus ar an gcomparáid idir iad agus leanaí i dtíortha eile. Is fiú é a thabhairt faoi deara go gcoinnímid rátaí measartha íseal ar úsáid substaintí agus rátaí arda ar ghníomhaíocht choirp. Fáiltítear go mór roimh na feabhsúcháin ar iompraíocht i leith bia maidir le hiontógáil níos ísle milseán agus deochanna boga. Mar sin féin, tá réimsí áirithe ann a dteastaíonn iarracht bhreise uathu. Mar shampla, i gcomparáid le tíortha eile, tuairiscítear leibhéal níos airde i measc leanaí na hÉireann maidir le húsáid achrannach na meán sóisialta ná an chuid is mó de na tíortha eile agus is cúis imní iad rátaí na cibearbhulaíochta. Is léir go bhfuil gá le níos mó oibre chun aghaidh a thabhairt ar na laghduithe ar shástacht saoil i ngach aoisghrúpa.”

 

 

Príomhthorthaí na hÉireann:

Iompraíochtaí maidir le Cothú Sláinte

  • Bricfeasta laethúil a ithe: Rinneadh leanaí na hÉireann a rangú i measc na 5 thír is fearr maidir le líon na leanaí a thuairiscíonn go n-itheann siad bricfeasta go laethúil
  • Baint amach moltaí i leith gníomhaíocht choirp a bhaineann le haon uair an chloig ar a laghad de ghníomhaíocht choirp, measartha go bríomhar, ar bhonn laethúil: I gcomparáid le tíortha eile, tá Éire rangaithe i measc na 10 dtír is fearr maidir le líon na mbuachaillí agus na gcailíní 11 agus 13 bliana d’aois a bhaineann amach moltaí i leith gníomhaíocht choirp. Ag gach aois, tuairiscíonn líon níos mó buachaillí ná cailíní go mbaineann siad amach na moltaí.

Iompraíocht maidir le riosca a thógáil

  • Iompraíochtaí riosca a thosú: In Éirinn, tá an líon leanaí atá 11 agus 13 bliana d’aois a thuairiscíonn tús a chur le caitheamh toitíní agus úsáid alcóil íseal i gcomparáid le tíortha eile
  • Tá iompraíochtaí óil agus úsáid tobac ag feabhsú i gcónaí in Éirinn agus nuair a chuirtear iad i gcomparáid le tíortha eile
  • Iompraíocht ghnéis chontúirteach: Rangaítear cailíní in Éirinn i measc na 10 dtír is mó nach n-úsáideann an piollaire frithghiniúnach ná coiscín sa chaidreamh collaí deiridh a bhí acu.

 

Meabhairshláinte agus Folláine

  • Sástacht Saoil: Rangaíodh leanaí 15 bliana d’aois na hÉireann i measc an 2 thír is ísle maidir le sástacht saoil
  • sástacht saoil laghdaithe go mór i ngach aoisghrúpa de leanaí na hÉireann ó 2014
  • Rangaítear Éire go híseal ar thuairiscí a bhaineann le siomptóim (tinneas boilg, tinneas droma, neirbhíseach agus meadhrán) ag aois 11 bhliain d’aois
  • Is mó seans go dtuairisceoidh cailíní ná buachaillí ag aois 13 agus 15 bliana d’aois siomptóim iolracha
  • Tá baint ag saibhreas mór teaghlaigh le sláinte féinrátáilte níos fearr, sástacht saoil níos airde agus ráta níos ísle siomptóim iolracha.

 

Idirghníomhaíocht shóisialta le teaghlach agus le piaraí

  • Tacaíocht Teaghlaigh a bhraitear: Rangaíodh Éire i measc na ndeich dtír is ísle maidir le líon leanaí atá 11 agus 13 bliana d’aois a thuairiscigh ardtacaíocht teaghlaigh
  • Tacaíocht teaghlaigh agus piaraí a bhraitear: Tá feabhas tagtha ar an tacaíocht a bhraitear i measc cailíní 13 bliana d’aois ó 2014.
  • Úsáid achrannach na meán sóisialta: I ngach aois, rangaíodh Éire i measc na 10 dtír is fearr maidir le líon na leanaí atá luaite le húsáid achrannach na meán sóisialta
  • Bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile ar scoil: Rangaíodh Éire (leanaí atá 13 agus 15 bliana d’aois) i measc na 10 dtír is ísle maidir le líon na leanaí a thuairiscíonn go bhfuil siad i mbun bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile ar scoil
  • Cibearbhulaíocht: I gcomparáid le tíortha eile, tá Éire rangaithe i measc na 10 dtír is airde maidir le coitiantacht na cibearbhulaíochta i measc leanaí níos sine (atá 13 agus 15 bliana d’aois).

Tá na sonraí a bhailítear don staidéar bunaithe ar shuirbhéanna a rinne na mílte ógánach, agus ar an gcaoi sin cinntítear gur féidir a gcuid guthanna agus imní a chur san áireamh go hiomlán nuair a chuireann WHO a straitéisí, a pholasaithe agus a ghníomhartha Eorpacha le chéile chun sláinte agus folláine leanaí agus déagóirí a fheabhsú. Cuireann an staidéar le corpas fianaise atá ag fás agus a éilíonn go ndéanfaidh rialtais agus lucht déanta polasaithe idirghabhálacha níos éifeachtaí agus níos spriocdhírithe chun dul i ngleic leis na héifeachtaí a bhaineann le neamhionannais shóisialta, sláinte agus inscne i measc daoine óga san Eoraip.

Chun cóip iomlán de Spotlight on Adolescent Health and Well-Being a fháil, téigh chuig:
www.euro.who.int/en/hbsc-spotlight-vol1

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories