Léiriú ar Dheiseanna Staidéar Iarchéime ag Lá Oscailte Fíorúil OÉ Gaillimh

Beidh Katie Flannery, Feidhmeannach Margaíochta Idirnáisiúnta le OÉ Gaillimh, ar dhuine de chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh a bheidh ar fáil chun labhairt le mic léinn ag an Lá Oscailte Iarchéime fíorúil.
Nov 17 2020 Posted: 09:48 GMT

Beidh Lá Oscailte bliantúil an Fhómhair d’Iarchéimithe á reáchtáil ag OÉ Gaillimh ar an Máirt, an 24 Samhain, ó 12-7pm. Ag teacht leis na treoirlínte sláinte poiblí reatha, reáchtálfaidh an Ollscoil an imeacht go fíorúil, rud a fhágfaidh go mbeidh deis ag an bpobal eolas a fháil ar os cionn 400 clár iarchéime múinte agus taighde don bhliain 2021. 

Is ócáid thábhachtach an lá oscailte do dhaoine gairmiúla, do chéimithe agus d’fhochéimithe reatha a bhfuil rún acu a gcuid cáilíochtaí a thabhairt suas chun dáta, cur lena gcuid scileanna agus saineolais agus, dá réir sin, cur leis na deiseanna fostaíochta atá acu. Tabharfaidh an imeacht fíorúil seo deis do chuairteoirí iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí agus ar ghairmeacha trí fhreastal ar chainteanna beo agus ceisteanna a chur, agus trí chloisteáil go díreach ó na stiúrthóirí cláir faoi na deiseanna fostaíochta atá ann agus faoina bhfuil in ann dá réimsí sa todhchaí.

Anuas ar na cainteanna sonracha faoi ábhair agus cláir, áireofar leis an imeacht fíorúil láithreoireachtaí maidir leis na nithe praiticiúla a bhíonn i gceist nuair atáthar ag ullmhú do staidéar iarchéime. I measc na bpríomhchainteanna, áirítear na cinn seo a leanas: Táillí, Maoiniú agus Scoláireachtaí; Staidéar Iarchéime: Mo PhD a mhaoiniú; agus Cur le m’Infhostaitheacht le Cáilíocht Iarchéime. Beidh comhaltaí foirne ón Oifig Iontrála ar fáil chun ceisteanna faoi bpróiseas iarratais a fhreagairt agus déanfaidh SUSI, an t-údarás atá freagrach as gach deontas ardoideachais agus breisoideachais, láithreoireacht bheo. 

Seo mar a labhair Valerie Leahy, Oifigeach Earcaíochta Iarchéime, faoin gcaoi a mbainfidh mic léinn ionchasacha tairbhe as an lá oscailte: “Le cinneadh a dhéanamh tabhairt faoi Mháistreacht, tá sé fíorthábhachtach oiread eolais agus is féidir a fháil faoi na cláir a d’fhéadfadh a bheith ceart duit, faoin bpróiseas iarratais agus faoi na roghanna maoinithe atá ar fáil. Imeacht aon lae atá sa lá oscailte fíorúil seo, áit ar féidir leat an t-eolas seo ar fad a fháil in aon áit amháin agus tú féin a ullmhú chun iarratas rathúil a dhéanamh don chúrsa atá uait.”

Tá líon clár iarchéime nua a bheidh ag tosú in 2021 á sheoladh chomh maith ag OÉ Gaillimh agus beidh eolas ar fáil ina leith ag an lá oscailte. Beidh roinnt roghanna iarchéime nua á tairiscint ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh, agus ina measc beidh:  MSc i Sláinte Ógánach, MA/Diop. Iarchéime Leanbh, Óige agus an Pobal; MA/Diop. Iarchéime i mBeartas Poiblí; agus roghanna i Síceolaíocht Tomhaltóirí agus i Léann an Oideachais. Tá MSc nua, Eolaíocht Sonraí Géanómaíochta, á thairiscint ag Coláiste na hEolaíochta & na hInnealtóireachta, ar cúrsa léinn é a thairgeann scileanna a bhfuil an-tóir orthu sa ghéineolaíocht, staitistic agus anailísíocht sonraí. Soláthrófar ardoiliúint ar an gcúrsa sna teicnící ríomhaireachta sin a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar shonraí géanómacha, ar oiliúint í sin a ligfidh do chéimithe oibriú i réimse úrnua an leighis ghéanómaigh agus an leighis beachtais.

Beidh cuairteoirí ar an imeacht fíorúil in ann tuilleadh eolais a fháil chomh maith faoin Teastas Iarchéime in Athshlánúchán Cairdiach a bheidh ag tosú i mí Eanáir 2021, agus faoi chúrsa Ardchleachtais Cnáimhseachais, arna fhaomhadh ag an NMBI, a bhfuil sé mar aidhm aige a chur ar chumas cnáimhseacha cláraithe a bhfuil taithí acu ardeolas agus scileanna cnáimhseachais a fhorbairt chun cúram den scoth a chumasú agus torthaí cliniciúla a fheabhsú do mhná agus dá naíonáin. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, an clár don Lá Oscailte a fheiceáil nó áit a chur in áirithe, téigh go dtí: http://www.nuigalway.ie/postgraduate-open-day/.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories