Cuireann OÉ Gaillimh Coinní Idirghabhála Urlabhra agus Teanga ar fáil ar Líne

Cuireann mic léinn Urlabhra agus Teanga na bliana deiridh, Maeve Thompson as Gaillimh agus Clare Mc Dermott as Cathair na Mart, Co. Maigh Eo, tacaíocht ar fáil d’othar atá ag fulaingt le Galar Parkinson, le tacaíocht óna dteagascóir cliniciúil Margaret Rodden.
Oct 29 2020 Posted: 09:23 GMT

Tá lucht acadúil agus mic léinn Urlabhra agus Teanga OÉ Gaillimh ag dul i mbun socrúcháin chliniciúil nua teileashláinte. Cuirfear thart ar 30 coinne ar fáil ar líne gach lá i mBéarla agus i nGaeilge. Cuirtear an socrúchán cliniciúil seo ar fáil trí leas a bhaint as ardán ar líne FSS Attend Anywhere, i gcomhar le teiripeoirí ó FSS an Iarthair, FSS Dhún na nGall agus Voices for Down Syndrome i nGaillimh.

Ní hamháin go dtugann an áis nua seo deiseanna foghlama agus an cumas do mhic léinn a gcuid oiliúna san oideachas cleachtais a chur i gcrích trí shocrúcháin chliniciúla, ach tugann sé deis do chliaint rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar theiripe cúraim sláinte ón mbaile agus iad ar a gcompord agus slán sábháilte.

Dúirt Laura Loftus, Comhordaitheoir don Oideachas Cleachtais, Teiripe Urlabhra agus Teanga in OÉ Gaillimh: “Caithfidh mic léinn Teiripe Urlabhra agus Teanga a gcuid oideachais cleachtais a chur i gcrích trí shocrúcháin chliniciúla in ospidéil agus in áiseanna cúraim sláinte áit a shealbhaíonn agus a fhorbraíonn siad na scileanna seo. Mar thoradh ar Covid-19, bhí socrúcháin chliniciúla gann mar gheall ar sheirbhísí laghdaithe teiripe urlabhra agus teanga, bearta méadaithe maidir le rialú ionfhabhtaithe agus teiripeoirí a bheith athlonnaithe chuig dualgais a bhaineann le COVID-19. Chun déileáil leis an ngéarchéim seo agus dóthain uaireanta cliniciúla a sholáthar dár gcuid mac léinn, bhain disciplín na Teiripe Urlabhra agus Teanga in OÉ Gaillimh leas as teileashláinte.

“Is é seo an chéad uair a bhfuil socrúcháin chliniciúla do mhic léinn Teiripe Urlabhra agus Teanga bunaithe ar theileashláinte a sholáthar seachas ar bheith aghaidh ar aghaidh leis an duine. Gach seachtain, faoi mhaoirseacht, cuireann 27 mac léinn Teiripe Urlabhra agus Teanga sa cheathrú bliain thart ar 30 coinne teileashláinte ar fáil gach lá. Chun tacú leis na coinní seo a chur ar fáil tá na mic léinn ag cruthú bailiúchán podchraoltaí físe a léiríonn gníomhaíochtaí a mbeidh siad ag díriú orthu sa teiripe. Cinntíonn sé seo go bhfuil ábhar tacaíochta ag teaghlaigh le breathnú air idir na seisiúin.”

Oibríonn na mic léinn le cliaint de gach aois, cuid acu a bhfuil Siondróm Down, Uathachas, Galar Parkinson orthu, nó cliaint a raibh stróc acu agus leanaí a bhfuil riachtanais urlabhra agus teanga acu. Ar dtús déanann siad teagmháil le cliaint chun an tseirbhís a mhíniú dóibh, ansin socraíonn siad coinní agus seolann siad na hábhair a úsáidfear i ngach seisiún chucu. Maireann seisiúin 20-45 nóiméad agus déanann Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cáilithe maoirseacht orthu. Ina dhiaidh sin, seoltar ábhar leantach chuig an gcliant bunaithe ar an dul chun cinn a dhéanann siad. Tá OÉ Gaillimh ag obair le tuismitheoirí agus le scoileanna freisin chun comhairle a sholáthar agus cláir theiripe a bhfuil géarghá leo a thairiscint.

Dúirt Laura an méid seo chomh maith: “Ó thaobh an Oideachais Chliniciúil de, is léir gur fhorbair muinín, obair foirne, réiteach fadhbanna agus inoiriúnaitheacht na mac léinn le roinnt seachtainí anuas agus is breá linn go bhfuil a gcumas agus a gcuid eolais ag méadú gach lá. Táimid an-tógtha le díograis na gcliant freisin. Is bealach iad na socrúcháin chliniciúla teileashláinte seo chun na mic léinn a chosaint sa todhchaí don saol ina mbainfidh siad céim amach, rud a fhágfaidh gur fostaithe cúram sláinte thar a bheith inmhianaithe a bheidh iontu. Tá dhá bhuntáiste le Teileashláinte, tá na mic léinn ag forbairt a n-inniúlachtaí cliniciúla i gcónaí agus tá go leor othar, a bheadh ar liostaí feithimh murach sin, ag fáil cóireála anois.”

Ag labhairt di faoin taithí, dúirt Treasa Ní Mhíocháin, mac léinn Teiripe Urlabhra agus Teanga i mbliain deiridh na céime, as Leitir Ceanainn, Tír Chonaill: “Caithfidh mé a rá go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuaireamar an taithí seo. Bhí sé i gcónaí ar intinn agam obair a dhéanamh le heagraíocht cosúil le “Voices for Galway”. Tá an t-ádh orainn freisin go mbeimid ag baint céime amach agus taithí againn ag obair ar líne. Táim ag baint an-sult as an socrúchán seo. Táim iontach buíoch do na léachtóirí uile chomh maith leis na hoidí." 

Dúirt Marie, úsáideoir na seirbhíse as Gaillimh a bhfuil Galar Parkinson uirthi: “B’iontach an taithí é a bheith ag obair leis na mic léinn. Cé go raibh mé rud beag amhrasach ar dtús chuir mé i gcuimhne dom féin gur mac léinn a bhí ionam féin tráth agus, ach an oiread leis na cailíní, go raibh taithí phraiticiúil ag teastáil uaim. Rinne siad an-iarracht mo riachtanais shonracha a thuiscint agus chuimhnigh siad ar chleachtaí a bheadh oiriúnach agus éifeachtach chomh maith le bheith oiriúnach don ardán ar líne. Tá spéis ar leith acu féin agus agamsa san obair seo a dhéanamh - teastaíonn an taithí uathusan agus teastaíonn a saineolas uaimse, mar sin is tairbhe dúinn ar fad é.

Tá na coinní teileashláinte á gcur i bhfeidhm faoi láthair ar fud chontaetha na Gaillimhe agus Dhún na nGall agus tá sé i gceist iad a chur ar fáil ar fud na tíre in am trátha.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories