Ceardlann Amhránaíochta ar an Sean-Nós ar líne ag OÉ Gaillimh

Saileog Ní Cheannabháin, atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh, 2021
Saileog Ní Cheannabháin, atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh, 2021
Feb 09 2021 Posted: 12:04 GMT

Cuirfear tús le sraith de cheardlanna amhránaíochta fiorúil ar an sean-nós le Saileog Ní Cheannabháin, atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh, 2021. Beidh na ceardlanna a reachtáil gach Céadaoin ag a 7pm ar an 17 agus 24 Feabhra, agus 3, 10 agus 24.

Is cainteoir Gaeilge ó dhúchas í Saileog a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Aill na Brón a hathair, an t-amhránaí clúiteach Peadar Ó Ceannabháin, agus is é Peadar an chéad fhonnadóir a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi. Chaith Saileog roinnt mhaith ama ó bhí sí an-óg ag éisteacht le fonnadóirí as Iorras Aithneach agus tá Seán 'ac Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, Dara Bán Mac Donncha agus Seáin Jeaic 'ac Dhonncha i measc na bhfonnadóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthí. Tá dhá album eisithe ag Saileog I bhfíor-dheiriú oidhche, cnuasach amhrán a bhailigh Séamus Ennis in Iorras Aithneach sna 1940idí, agus Roithleán.

Tá na ceardlanna saor in aisce ar Zoom agus beidh fáilte roimh chách. Beidh an nasc Zoom ar fáil anseo: https://bit.ly/2O7geu3. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.facebook.com/NUIGalwayCentreforIrishStudies.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091-512428 nó samantha.williams@nuigalway.ie

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories