Fógraíonn OÉ Gaillimh na Comhaltaí Foirne agus na Céimithe atá tofa ar Údarás Nua na hOllscoile

Jan 13 2021 Posted: 10:19 GMT

D’fhógair OÉ Gaillimh torthaí thoghcháin na foirne agus na gcéimithe d’Údarás nua na hOllscoile, ina bhfuil sé áit as deich bainte amach ag mná.

Tiocfaidh Údarás nua na hOllscoile i bhfeidhm an 1 Feabhra 2021 agus beidh sé ann go dtí 2025.

Tionóladh toghchán ar líne Dé Luain agus Dé Máirt chun comhaltaí foirne agus céimithe de chuid na hOllscoile a cheapadh ar Údarás nua na hOllscoile.

Ghabh Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh buíochas le gach duine a sheas sa toghchán agus chuir sé fáilte roimh na comhaltaí nua.

“Tá creidiúint mhór tuillte ag gach duine a sheas sa toghchán don Údarás as tacú le daonlathas ár nOllscoile agus próifíl an Údaráis a ardú agus an obair thábhachtach a dhéanann sé,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Agus tréaslaím le gach duine ar éirigh leo. Beidh obair chomhaltaí an Údaráis nua sna míonna agus sna blianta amach romhainn ríthábhachtach de réir mar a chuirfidh ár nOllscoil ár bplean straitéiseach Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna i bhfeidhm agus muid ag déanamh measúnú ar agus ag tabhairt tacaíocht do na tionscnaimh agus na forbairtí eile atá á saothrú againn.

“Is acmhainn ollmhór dár nOllscoil an raon cumais, tiomantais agus taithí a thugann ár gcéimithe, lucht acadúil agus gairmithe chuig Údarás nua na hOllscoile agus muid ag obair chun na leibhéil arda trédhearcachta, cuntasachta agus uaillmhéine a oireann dár n-ollscoil a chinntiú mar institiúid ar mhaithe le leas an phobail.”

Toghadh iad seo a leanas ar Údarás nua na hOllscoile.

:: An fhoireann acadúil – An Dr Rachel Hilliard; an Dr Anthony Grehan; an Dr Dara Cannon.

:: Foireann na seirbhíse gairmiúla – Sinéad Beacom; Eric Mortimer; Monica Crump.

:: Céimithe – Edel Browne; Conor Fottrell; an Briogáidire-Ghinearál Ger Aherne; Nuala Ní Chonghaile.

Vótáil breis agus 5,000 céimí agus comhalta foirne sa toghchán.

Ceapadh triúr Ollúna ar Údarás na hOllscoile roimh an toghchán ós rud é go raibh líon na n-ainmniúchán mar a chéile le líon na n-áiteanna a bhí ar fáil. Is iad sin an tOllamh Aisling McCluskey, Scoil na Matamaitice, na Staitisticí & na Matamaitice Feidhmí; an tOllamh Michal Molcho, Léann Leanaí, Scoil an Oideachais; agus an tOllamh Jim O’Gara, Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha.

Cuirfear tús le toghcháin na mac léinn chun ceathrar ionadaithe a thoghadh ar Údarás na hOllscoile ag deireadh mhí Eanáir.

Dúirt Caroline Loughnane, Rúnaí Gnóthaí Rialachais & Acadúla OÉ Gaillimh: “Bhí spéis nach bhfacthas riamh cheana sa toghchán seo ag comhaltaí foirne agus ag céimithe. Is mór an spreagadh é réimse agus caighdeán na n-iarrthóirí atá toilteanach a gcuid ama agus fuinnimh a infheistiú i dtodhchaí na hOllscoile.

“Ní raibh rialachas éifeachtach agus solúbtha chomh tábhachtach riamh cheana. De réir mar a thugann ollscoileanna aghaidh ar an saol éiginnte a chruthaigh paindéim Covid-19 agus iad ag tnúth le hathruithe atá le teacht ó reachtaíocht an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta & Eolaíochta, an tAire Simon Harris, tá ról Údarás na hOllscoile ríthábhachtach maidir leis an treo straitéiseach a leagan amach don ardoideachas.”

Thréaslaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh le comhaltaí an Údaráis atá ag dul as oifig.

“Ba phribhléid é dár nOllscoil iarbhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Catherine McGuinness a bheith ina cathaoirleach ar an Údarás le roinnt blianta anuas, ag obair le comhaltaí a raibh an oiread sin saineolais agus eolais acu a chuir siad chun tairbhe na hOllscoile. Mo bhuíochas le gach comhalta a bhí ar an Údarás agus a thacaigh lena chuid oibre le cúig bliana anuas,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories