Fógraíonn OÉ Gaillimh Toghchán Údarás na hOllscoile

Jan 06 2021 Posted: 09:56 GMT

D’fhógair OÉ Gaillimh go mbeidh toghchán Údarás na hOllscoile ar siúl an tseachtain seo chugainn, agus gur mná iad níos mó ná leath na n-iarrthóirí.

Tá 30 comhalta foirne agus céimí ollscoile san iomlán ag seasamh i dtoghchán Údarás na hOllscoile, lena n-áirítear 18 gcéimí, seachtar comhaltaí foirne seirbhíse gairmiúla na hOllscoile agus cúigear comhaltaí foirne acadúla. Toghadh triúr ollúna go huathoibríoch cheana féin.

Tá thart ar 50,000 céimí agus comhalta foirne Ollscoile i dteideal vóta a chaitheamh, agus beidh an bhallóid ar líne oscailte ar feadh 27 uair an chloig – ó 9am Dé Luain, an 11 Eanáir 2021 go dtí meán lae Dé Máirt, an 12 Eanáir 2021.

Mhol Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh go láidir do gach comhalta foirne agus alumni incháilithe a vóta a chaitheamh.

“Tá spéis nach bhfacthas riamh roimhe sa toghchán don chéad Údarás eile, agus alumni ar fud an domhain ag clárú le vótáil agus tá spéis á léiriú trí na hardáin meán sóisialta atá againn. Taispeánann sé an luach a chuireann pobal na hOllscoile sa bhaile agus thar lear ar Údarás na hOllscoile,” a deir an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Is é an tÚdarás an coiste is tábhachtaí inár nOllscoil – is ann a leagtar amach ár bhfreagracht agus ár dtrédhearcacht mar institiúid ar mhaithe le leas an phobail agus is ann a fhorbraítear agus a thacaítear lenár gcuid smaointe, ár n-uaillmhianta agus ár straitéisí. Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil le gach duine a chuir a n-ainm chun cinn le bheith páirteach in obair an Údaráis sna blianta amach romhainn. Léiríonn an réimse leathan aoise, taithí, oideachais agus scileanna an luach atá ag ár n-alumni ar an Ollscoil agus an fonn atá orthu rud éigin a thabhairt ar ais.

“Molaim do gach duine atá cláraithe gan dearmad a dhéanamh a vóta a chaitheamh.”

Tá sonraí an 30 ainmní do chéad Údarás na hOllscoile eile ar fáil anseo.

Táthar ag súil torthaí an toghcháin a fhógairt Dé Máirt, an 12 Eanáir 2021, agus rachaidh an chéad Údarás eile i mbun oifige an 1 Feabhra 2021.

Ceapadh triúr Ollúna ar Údarás na hOllscoile mar go raibh líon na n-ainmniúchán mar a chéile le líon na n-áiteanna a bhí ar fáil – an tOllamh Aisling McCluskey, Scoil na Matamaitice, na Staitisticí & na Matamaitice Feidhmí; an tOllamh Michal Molcho, Léann Leanaí, Scoil an Oideachais; agus an tOllamh Jim O’Gara, Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha.

Cuirfear tús le toghcháin na mac léinn chun ceathrar ionadaithe a thoghadh ar Údarás na hOllscoile ag deireadh mhí Eanáir.

Ag labhairt di faoin raon éagsúil tréithe atá riachtanach do bhallraíocht Údarás na hOllscoile, dúirt an Rúnaí Gnóthaí Rialachais & Acadúla, Caroline Loughnane: “Tá ról Údarás na hOllscoile mar phríomhchomhlacht cinnteoireachta ríthábhachtach maidir le treo na hOllscoile sa todhchaí a fhorbairt. Tá meascán éagsúil scileanna, taithí agus tréithe pearsanta riachtanach do Bhord a fheidhmíonn go maith agus is ábhar mór misnigh é an éagsúlacht sin a fheiceáil i bpróifílí na n-iarrthóirí atá san iomaíocht sa toghchán. Tá rogha iontach ar fáil don lucht vótála agus mholfainn go láidir don fhoireann agus do chéimithe a gcuid vótaí a úsáid chun a dtuairimí a chur in iúl sa toghchán seo.”

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill uile Údarás na hOllscoile atá ag dul as oifig as a dtiomantas agus a gcuid oibre le blianta beaga anuas agus buíochas speisialta le Cathaoirleach Údarás na hOllscoile, Catherine McGuinness. Bhí sé de phribhléid ag ár nOllscoil tairbhe a bhaint as eolas, as taithí agus as neamhspleáchas iarBhreitheamh na Cúirte Uachtaraí ar feadh an oiread sin blianta. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin leis na hollúna a ceapadh ar an gcéad Údarás eile – táim cinnte go gcuirfidh siadsan go mór leis an ról agus táim ag súil le bheith ag obair leo agus le gach ball d’Údarás na hOllscoile i gcinntiú go mbaintear amach leibhéal freagrachta agus uaillmhéine mar atá leagtha amach inár bplean straitéiseach, Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, dár gcuid mac léinn, dár sochaí agus dár bpláinéad.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories