Science on Screen le craoladh ar TG4 faoin gcaoi a ndeachaigh Pobal Teicneolaíochta Leighis i ngleic le COVID-19

Jun 28 2021 Posted: 14:00 IST

Is cúis áthais do CÚRAM, Ionad Taighde SFI d’Fheistí Leighis in OÉ Gaillimh, agus dá gcomhpháirtithe in Ionad Scannán na Gaillimhe, a fhógairt go gcraolfar an clár faisnéise is déanaí atá á léiriú faoi scáth an chláir rannpháirtíochta pobail Science on Screen ar TG4 Déardaoin, an 1 Iúil ag 10.30pm.

Is í Karen Coleman a scríobh agus a stiúir an clár faisnéise ‘Off the Bench’ agus is í Leeona Duff a chomhléirigh é ag SkyeByte Productions. Díríonn an clár ‘In am an Ghátair’ ar an mbealach a ndeachaigh pobal Teicneolaíochta Leighis na hÉireann i ngleic le Covid-19 agus ar na comhthionscadail eisceachtúla a raibh comhpháirtithe acadúla, tionscail agus cliniciúla i nGaillimh agus níos faide i gcéin páirteach iontu chun teacht ar réitigh nuálacha a chabhraigh le daoine déileáil leis an bpaindéim de réir mar a tháinig borradh fúithi.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Abhay Pandit, Stiúrthóir Eolaíochta CÚRAM in OÉ Gaillimh: “Bhí na comhthionscadail sin idir lucht acadúil, cliniceoirí, agus comhpháirtithe tionscail san earnáil Teicneolaíochta Leighis bunaithe sular bhuail an phaindéim an tír seo. Ach léiríodh a luachmhaire a bhí an líonra seo agus an bonneagar atá ann i gceart nuair a tháinig an crú ar an tairne. Bhí a fhios againn go raibh sé tábhachtach taifead a choinneáil ar an méid a bhí ag tarlú, agus léiríonn na scéalta seo gur earnáil ar leith í earnáil na Teicneolaíochta Leighis in Éirinn. Tá súil againn go gcothóidh sé muinín sa saineolas atá le fáil ar leac an dorais againn agus go léireoidh sé cuid de na cúiseanna a mbreathnaítear ar Éirinn mar mhol domhanda do thaighde agus d’fhorbairt na Teicneolaíochta Leighis.”

Dírítear sa chlár faisnéise ar roinnt táirgí nuálacha a forbraíodh go luath chun dul i ngleic leis an bpaindéim, lena n-áirítear bunú an tionscadail INSPIRE. Is comhpháirtíocht idir an tionscal agus an saol acadúil é seo atá lonnaithe in OÉ Gaillimh agus in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ina gcuirtear gairis leighis chliniciúla ar fáil go tapa chun tacú leis an iarracht Covid-19 a chur faoi chois.

Rinne an tImscrúdaitheoir le CÚRAM, an tOllamh Martin O’Halloran comhordú ar thionscadal INSPIRE in éineacht leis an dochtúir leighis agus Imscrúdaitheoir le CÚRAM, an Dr John Laffey agus a chomhghleacaithe in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Thug líonra INSPIRE taighdeoirí, fiontraithe, innealtóirí, eolaithe agus daoine eile i réimse na Teicneolaíochta Leighis le chéile chun comhoibriú le chéile ar bhealaí eisceachtúla chun feistí leighis a dhearadh agus a fhorbairt a mbeadh oibrithe cúram sláinte agus othair in ann iad a úsáid i mbardaí ospidéil a mbeadh Covid-19 ar dhaoine iontu in Éirinn agus thar lear.

D’eascair an tionscadal VentShare ón gcomhpháirtíocht seo, tionscadal inar aimsíodh bealach sábháilte chun beirt othar a chur ar análaitheoir amháin, faoi stiúir Tim Jones (céimí ón gclár BioInnovate Ireland) agus Jack Connolly, céimí ó Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in OÉ Gaillimh, agus an Dr David Hannon agus an tOllamh John Laffey (Cúram Criticiúil) le tacaíocht theicniúil ó Aerogen. 

I measc na dtionscadal eile a fheicfear sa chlár faisnéise tá clogad plaisteach trédhearcach (C-PAP Hood) ar féidir leis ocsaigin a riar ar othair ar bhealaí a laghdaíonn an baol atá ann go dtolgfadh oibrithe cúraim sláinte an víreas agus Sciath INSPIRE – sciath a d’fhéadfadh othair a úsáid chun baol scaipthe an víris a mhaolú.

Bhí an méid seo le rá ag Alan Duggan, Bainisteoir Ionad Scannán na Gaillimhe: “Tá ríméad orainn a bheith ag obair le CÚRAM arís, ar an ngnéchlár faisnéise Science On Screen 'Off The Bench: In am an Ghátair’ an uair seo. Is feiceálaí tionchar na heolaíochta ar ár saol le bliain anuas ná riamh, mar a léirítear sa chlár faisnéise seo ar bhealach an-réadúil agus praiticiúil. Is aitheantas é an clár faisnéise a bheith á chraoladh ar an stáisiún náisiúnta teilifíse TG4 ar an obair chrua a rinne an fhoireann léiriúcháin ar fad. Táimid ar bís go bhfeicfidh muid cad a cheapfaidh an lucht féachana de.”

Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Jim Livesey, Leas-Uachtarán don Taighde agus Nuálaíocht in OÉ Gaillimh: “Tá aitheantas ag an líonra Teicneolaíochta Leighis in Iarthar na hÉireann le fada mar mhol barr feabhais agus nuálaíochta domhanda. Léirigh an bealach ar cuireadh réitigh cúraim sláinte ar fáil go tapa le linn phaindéim Covid-19 gur maith a bhí an t-aitheantas sin tuillte aige. Is cuid dhílis den taighde in OÉ Gaillimh iad gníomhaíochtaí for-rochtana agus rannpháirtíocht an phobail agus tréaslaím le CÚRAM, Ionad Scannán na Gaillimhe agus an fhoireann léiriúcháin as an gclár faisnéise tábhachtach agus tráthúil seo faoi scáth Science on Screen. Is Ollscoil í seo atá dírithe ar an taighde, agus feicfear sa chlár faisnéise seo pobal na Teicneolaíochta Leighis ag teacht le chéile chun gairis tarrthála beatha a fhorbairt, agus iad ag feidhmiú de réir luachanna na hollscoile maidir le meas, oscailteacht, inbhuanaitheacht agus barr feabhais. Gheobhaidh daoine tuiscint níos fearr sa chlár faisnéise seo ar an tábhacht atá le taighde agus nuálaíocht phoiblí sa saol ina mairimid, go háirithe agus muid ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin dhomhanda ar nós na paindéime.”

Rinneadh maoiniú ar ‘Off the Bench: In am an Ghátair’ tríd an gclár rannpháirtíochta pobail Science on Screen, comhpháirtíocht idir CÚRAM agus Ionad Scannán na Gaillimhe. Tá sé chlár faisnéise faoin eolaíocht léirithe faoin scéim go dtí seo agus tá sé mar aidhm leis an scéim cur leis an bhfeasacht faoin tionchar a bhíonn ag taighde faoi fheistí leighis ar an tsochaí.

Is í an t-iriseoir agus an craoltóir Karen Coleman a scríobh agus a stiúir an clár faisnéise le SkyeByte Productions (www.skyebyteproductions.com), comhlacht a dhéanann cláir faisnéise agus ábhar ilmheán d’ardáin ar líne agus d’asraonta craolta, agus is í Leeona Duff ó Up on Blue Bridge Productions a bhí ina comhléiritheoir air. 

Tá réamhbhlaiseadh den scannán le fáil anseo i mBéarla: https://vimeo.com/515300175.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories