Seolann OÉ Gaillimh an Dara Straitéis Inbhuanaitheachta 2021-2025

Grianghraf: Chaosheng Zhang
Mar 15 2021 Posted: 13:24 GMT

Forbraíonn an Ollscoil plean oibre uaillmhianach do neodracht charbóin faoi 2030 

Tá an dara straitéis inbhuanaitheachta seolta ag OÉ Gaillimh. Sheol an Dr Mary Robinson, iar-Uachtarán na hÉireann, iarArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cathaoirleach na Seanóirí Straitéis Inbhuanaitheachta OÉ Gaillimh 2021-2025 go hoifigiúil inniu (9 Márta 2021).

Leagtar amach sa Straitéis fís uaillmhianach chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach trí inbhuanaitheacht a leabú i gcultúr, i bpolasaithe oibríochta agus i struchtúr rialachais na hOllscoile agus cumhacht a thabhairt dá pobail a bheith ina seaimpíní inbhuanaitheachta. Tá cuspóirí na straitéise leabaithe in éiteas Foghlaim-Mair-Spreag a threoraíonn a hiarrachtaí inbhuanaitheachta.

D’fhorbair foireann na Comhpháirtíochta Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) an Straitéis, a raibh an tOllamh Jamie Goggins ina chathaoirleach air, tar éis comhairliúcháin leathan ar fud an champais. Aithnítear sa Straitéis 25 príomhbheart rathúlachta bunaithe ar shé théama: Taighde agus Foghlaim, Fuinneamh agus Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa, Dúlra agus Éiceachórais, Sláinte agus Folláine, Timpeallacht Thógtha; Rialachas agus Ceannaireacht.

I measc na bpríomhbhearta inbhuanaitheachta tá:

  • Taighde agus Foghlaim: Comhtháthú inbhuanaitheachta ar fud chláir oideachais uile na hollscoile faoi 2023. Faoi láthair, cuireann OÉ Gaillimh os cionn 230 cúrsa ar fáil a chuimsíonn ábhar comhshaoil agus inbhuanaitheachta.
  • Fuinneamh agus Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa: Feabhas 45% a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 15% agus 20%  de leictreachas le teacht ó fhoinsí in-athnuaite, faoi 2025.
  • Dúlra agus Éiceachórais: A bheith mar eiseamláir i dtaighde agus i bhfoghlaim a bhaineann le bithéagsúlacht le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta.
  • An Timpeallacht Thógtha: Faoi 2025, cuir amú bia a laghdú 50% agus úsáid uisce a laghdú 10%.
  • Sláinte agus Folláine: Cuidiú le mic léinn agus le comhaltaí foirne sláinte agus folláine choirp, shóisialta, ghnéasach agus mheabhrach iomlán a bhaint amach. Ina measc seo tá campas saor ó thobac a bhaint amach faoi 2021, stádas Campais Shláintiúil faoi 2022 agus leibhéal an óil dhochraigh i measc na mac léinn a laghdú ó bhliain go bliain.
  • Rialachas agus Ceannaireacht: Plean oibre uaillmhianach a fhorbairt do neodracht charbóin faoi 2030.

Tá borradh tagtha faoin inbhuanaitheacht mar chroíluach in OÉ Gaillimh le roinnt blianta anuas. Sheol an ollscoil a céad straitéis inbhuanaitheachta don champas in 2017. Ina dhiaidh sin ceapadh an chéad Oifigeach Inbhuanaitheachta san Ollscoil, Michelle O’Dowd Lohan, i Meán Fómhair 2019.

I measc cuid de na spriocanna móra a baineadh amach mar thoradh ar an gcéad straitéis tá: foireann acadúil ag glacadh le hinbhuanaitheacht mar chuid den churaclam; Gradam Campas Glas na hÉireann bronnta orainn; ag dul thar sprioc Éifeachtúlachta Fuinnimh 2020 na hEarnála Poiblí; an chéad deimhniú Saotharlainne Glaise do shaotharlann san Eoraip; agus tailte an champais a bhainistiú de réir Phlean Uile-Éireann um Pailneoirí.

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Mary Robinson: “Tugann sé ardú misnigh dom OÉ Gaillimh a fheiceáil ag teacht chun cinn agus ag múnlú todhchaí a mbeidh inbhuanaitheacht mar chroílár inti. Tá sé de dhualgas ar ollscoileanna gníomhú ar an dúshlán aonair is mó atá roimh ár sochaí. Trí bhur gcur chuige Foghlaim-Mair-Spreag – inbhuanaitheacht a chur chun cinn trí theagasc agus foghlaim, taighde, gníomhartha agus tionchair – is féidir libh ról ceannasach a bheith agaibh san aistriú chuig todhchaí níos inbhuanaithe. Trí acmhainn inbhuanaitheachta a fhorbairt i gceannairí na todhchaí, is féidir libh inbhuanaitheacht a leathnú níos faide ná ballaí an champais agus amach sna pobail.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh agus Cathaoirleach Bhord Comhairleach CUSP: “Táimid ag maireachtáil i dtréimhse ina bhfuil bagairt mhór ar inbhuanaitheacht ár bplainéid. Tá straitéis á cur i bhfeidhm againn inniu a leagann amach ár bhfís agus ár dtiomantas chun aistriú chuig todhchaí inbhuanaithe ar ár gcampas, inár gcathair agus ar fud an domhain. Is comhpháirtíocht a bhí sa straitéis idir lucht acadúil, mic léinn agus foireann ghairmiúil na hOllscoile agus an pobal i gcoitinne. Is trí theacht le chéile a éireoidh linn an todhchaí atá uainn a bhaint amach.”

I mí na Nollag 2019, léirigh an ollscoil arís a tiomantas don inbhuanaitheacht ar leibhéal institiúideach tríd an gComhaontú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a shíniú.Fógraíodh go raibh an bua le gairid ag OÉ Gaillimh sa Chatagóir Inbhuanaitheachta de Ghradaim Chumann Tráchtála na Gaillimhe, rud a thugann aitheantas do thiomantas na hOllscoile inbhuanaitheacht a leathnú níos faide ná ballaí an champais agus amach sna pobail áitiúla.

Dúirt Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh, Padraic Toomey: “I gcás na hInbhuanaitheachta, ba é guth na mac léinn ab airde. Gheobhaimid an pláinéad seo le hoidhreacht agus ba mhaith linn a chinntiú gur féidir linn maireachtáil ann.  Le fada an lá mar shochaí d’fhágamar rudaí ar an méar fhada agus tá súil againn agus inbhuanaitheacht á cur chun cinn sa choláiste gur féidir linn athruithe móra a dhéanamh don todhchaí.”

Chun níos mó a léamh faoi Straitéis Inbhuanaitheachta 2021-2025 féach: http://www.nuigalway.ie/media/sustainability/files/NUI-Galway-Sustainability-Strategy-2021-2025.pdf.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories