Torthaí Tuarascála faoi Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile in Éirinn ó 1998-2018

Grianghraf: Aislinn O'Byrne, 13 bliana d’aois, (ar chlé) agus Gabrielle O'Byrne, 11 bhliain d’aois, in OÉ Gaillimh sular seoladh an tuarascáil ‘Health Behaviour in School-aged Children Trends Report 1998-2018’ (HBSC).
Mar 08 2021 Posted: 11:40 GMT

Leagtar béim i dtuarascáil OÉ Gaillimh ar threochtaí iompraíochtaí sláinte leanaí thar 20 bliain

Léiríonn an staidéar HBSC go bhfuil laghdú tríd is tríd sna táscairí úsáide substainte ar fad; méadú ar líon na ndaoine óga a thuairiscíonn brú a bheith orthu de bharr obair scoile; agus tuairiscíonn níos mó leanaí go bhfuil siad in ísle brí

  • Dúirt 5.3% de leanaí Éireannacha idir 10-17 mbliana d’aois go raibh siad ag caitheamh tobac in 2018, i gcomparáid le 22.6% in 1998
  • In 2018, thuairiscigh 19% díobh go raibh siad ar meisce am éigin, i gcomparáid le 33% in 1998.
  • Thuairiscigh 8.5% in 2018 gur úsáid siad cannabas le bliain anuas i gcomparáid le 12.3% in 1998.
  • Thuairiscigh 44.3% go raibh brú orthu mar gheall ar obair scoile, i gcomparáid le 32.9% in 1998
  • Thuairiscigh 34.3% go raibh siad in ísle brí gach seachtain nó níos minice, i gcomparáid le 23% in 1998

Inniu, sheol an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan T.D. an tuarascáil ‘Health Behaviour in School-aged Children Trends Report 1998-2018’ (HBSC).

Ba í an taighdeoir sinsearach Aoife Gavin a stiúir an tuarascáil i gcomhar le foireann taighde HBSC san Ionad Taighde don Chothú Sláinte in OÉ Gaillimh.

I gcomparáid le torthaí 1998, fuarthas amach sa staidéar go raibh níos lú leanaí ag úsáid substaintí, go mbíonn níos mó ná leath na leanaí i mbun aclaíocht rialta, go mbíonn níos mó leanaí faoi bhrú ag obair scoile agus go ndeir níos mó leanaí go bhfuil siad in ísle brí.

Staidéar tras-earnála é an HBSC a dhéantar i gcomhar le hOifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip. Déantar é a reáchtáil gach ceithre bliana. In 2018, ghlac 45 tír agus réigiún páirt, ag bailiú sonraí ar iompraíochtaí sláinte, torthaí sláinte agus comhthéacsanna sóisialta a bhaineann le saol leanaí.

Rinne an staidéar comparáid idir torthaí iompraíochta sláinte leanaí in aois scoile ó 1998 go 2018.

Iompraíochtaí riosca sláinte – Laghdú tríd is tríd sna táscairí úsáide substainte ar fad. 

:: Tuairiscíonn níos lú leanaí go bhfuil siad ag caitheamh tobac faoi láthair – 5.3% in 2018, i gcomparáid le 22.6% in 1998.

:: Tuairiscíonn níos lú leanaí go raibh siad ar meisce am éigin – 19% in 2018 i gcomparáid le 33% in 1998.

:: Thuairiscigh níos lú leanaí gur úsáid siad cannabas le bliain anuas – 8.5% in 2018, i gcomparáid le 12.3% in 1998.

Iompraíochtaí sláinte dearfacha – Feabhas tríd is tríd i measc daoine óga

:: Tá níos mó leanaí ag scuabadh a gcuid fiacla níos mó ná uair amháin sa lá – 70.1% in 2018, i gcomparáid le 57.6% in 1998.

:: Tá níos mó leanaí ag caitheamh crios sábhála i gcónaí ar thurais ghluaisteáin – 81.4% in 2018, i gcomparáid le 41.0% in 1998.

:: D'fhan céatadán na ndaoine óga a dhéanann aclaíocht bhríomhar ceithre huaire nó níos mó sa tseachtain seasmhach – 52.1% in 2018, i gcomparáid le 52.6% in 1998.

Ag seoladh na tuarascála, dúirt an tAire Frank Feighan: “Fearaim fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála is déanaí seo ón Staidéar ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile. Chuir an tionscadal idirnáisiúnta seo sonraí riachtanacha ar fáil dúinn a chuidigh le polasaí a bhaineann le sláinte agus folláine ár leanaí agus ár ndaoine óga a mhúnlú agus a threorú.

"Tugann an tuarascáil seo ar Threochtaí deis iontach dúinn machnamh a dhéanamh ar an iliomad feabhsúchán thar a bheith suntasach atá tagtha ar shláinte ár leanaí, agus ar na réimsí sin nach bhfuil an oiread dul chun cinn déanta againn iontu agus ba mhaith linn. Beidh an-tábhacht ag baint leis an eolas atá sa staidéar seo maidir le pleanáil don todhchaí agus an treo a ghlacfaidh polasaithe i ndáil le sláinte leanaí.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann an Ionaid Taighde don Chothú Sláinte, leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus leis na daltaí, na tuismitheoirí agus an fhoireann sna scoileanna a bhí rannpháirteach arb í an tuarascáil luachmhar seo toradh a saothair.”
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman T.D.: “Tá Éire ag dul sa treo ceart maidir le sláinte daoine óga, agus is léir go bhfuil tionchar dearfach ag tionscnaimh a bhunaigh an Rialtas roimhe seo chun tacú le roghanna sláintiúla maidir le hól alcóil agus caitheamh tobac a laghdú, rud a chuidíonn lenár ndaoine óga a choinneáil slán.

“Tugann an taighde le fios freisin gur gá béim níos mó a chur ar thacú le meabhairshláinte dhearfach daoine óga, agus mar gheall ar thionchar Covid-19, d’fhéadfadh an fhadhb seo éirí níos forleithne. I mí Feabhra, sheol mo Roinn an feachtas Ag Tacú le Leanaí a bhfuil sé mar aidhm aige eolas a thabhairt faoi na tacaíochtaí atá ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh le linn na paindéime. Mhéadaíomar an maoiniú atá ar fáil do sheirbhísí óige in 2021 freisin, mar aitheantas ar an tionchar dearfach is féidir a bheith ag obair óige ar shaol daoine óga.

“A bhuíochas le foireann taighde HBSC in OÉ Gaillimh agus le haiseolas ó dhaoine óga, tá píosa taighde luachmhar againn anois a chuirfidh treoir ar fáil chun tionscnaimh maidir le saol folláin a chaitheamh a fhorbairt amach anseo atá dírithe ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn a fheabhsú.”
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt an Comh-Phríomhthaighdeoir, an Dr Colette Kelly ón Ionad Taighde don Chothú Sláinte in OÉ Gaillimh: “Is toradh é an tuarascáil seo ar bhlianta fada oibre, agus tá roinnt dea-scéalta le sonrú faoi iompraíochtaí sláinte leanaí Éireannacha, mar shampla tá laghdú leanúnach tagtha ar úsáid substaintí. Tá treocht dhearfach leanúnach ann maidir le leanaí ag caint lena gcuid tuismitheoirí agus tuairiscí ar áiteanna maithe sa cheantar áitiúil chun am saor a chaitheamh. Cuireann an tuarascáil béim freisin ar réimsí ar gá feabhas a chur orthu, go háirithe tá níos mó daoine óga ag rá go mbraitheann siad go bhfuil brú orthu mar gheall ar obair scoile agus tá méadú ar líon na leanaí a deir go bhfuil siad in ísle brí.  Soláthraíonn an tuarascáil briseadh síos ar phatrúin aoise, inscne agus aicme sóisialta a chuireann eolas níos doimhne ar fáil maidir le gach ceann de na táscairí.”

Chun an tuarascáil iomlán a léamh, tabhair cuairt ar: 

http://www.nuigalway.ie/media/healthpromotionresearchcentre/hbscdocs/nationalreports/HBSC-Trends-Report-2021.pdf
Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories