Institiúid Nua Shainiúil d’Oideachas Múinteoirí in Iarthar na hÉireann

May 19 2021 Posted: 11:26 IST

Cuirfidh Institiúid nua an Iarthair do Léann an Oideachais le taighde, teagasc agus rannpháirtíocht phobail agus scoile na dtrí phríomhsholáthraí oideachais múinteoirí i nGaillimh, Maigh Eo agus Sligeach

Tá ríméad ar OÉ Gaillimh, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo agus Coláiste San Aingeal, Sligeach a fhógairt go bhfuil Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais bunaithe. Tacóidh an Institiúid le comhoibriú idir na trí institiúid chun oideachas múinteoirí i Réigiún an Iarthair a fheabhsú agus a chur chun cinn.

Cuirfidh Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais ar chumas na dtrí institiúid, ceannairí náisiúnta agus idirnáisiúnta san oideachas múinteoirí, a gcuid saineolais éagsúil ach comhlántach a thabhairt le chéile. Is é uaillmhian na hInstitiúide cúrsaí, taighde agus rannpháirtíocht an phobail in oideachas múinteoirí a fhorbairt. Ar an mbealach seo cuideoidh an Institiúid go mór leis an bpróifíl a bhaineann le hoideachas múinteoirí sa réigiún a dhaingniú agus a chur chun cinn.  Cuirfidh an Institiúid ardán fíorúil nuálach ar fáil chun tacú le comhoibriú agus chun caidreamh a chothú le raon páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hoideachas múinteoirí sa réigiún. Seolfar an Institiúid go foirmiúil i Meán Fómhair 2021.

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley T.D.: “Cuirim fáilte fonnmhar roimh sheoladh na hInstitiúide seo a neartóidh na naisc agus an dlúthchomhar atá ar fáil cheana féin sna trí institiúid bhródúla seo. Tuigim mar mhúinteoir mé féin an tábhacht a bhaineann le cláir tosaigh oideachais múinteoirí mar go gcuireann siad bonn faoi ghairmeacha ár n-oideoirí amach anseo, ag cothú na foghlama agus ag múnlú eispéiris oideachais a gcuid daltaí. Is dea-scéala é forbairt na hinstitiúide nua seo a dhaingneoidh an t-ionad barr feabhais seo d’oideachas tosaigh múinteoirí i réigiún an Iarthair/an Iarthuaiscirt.”

Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Simon Harris T.D.: “Is comhpháirtíocht an-spreagúil í seo idir trí cinn dár gcoláistí. Tá sé mar aidhm ag an Institiúid seo Ionad Barr Feabhais a chruthú a neartóidh an saineolas atá ag na trí sholáthraí oideachais múinteoirí in OÉ Gaillimh, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo agus Coláiste San Aingeal, Sligeach. Beidh sé mar aidhm ag bunú na hInstitiúide féachaint chuige go seasfaidh soláthar oideachais múinteoirí an aimsir, fiú agus ollscoil teicneolaíochta ag teacht ar an bhfód san Iarthar/Iarthuaisceart mar atá molta ag Comhghuaillíocht Uladh Chonnacht idir GMIT, IT Shligigh agus IT Leitir Ceanainn, trí na soláthraithe oideachais múinteoirí sa réigiún a thabhairt le chéile. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí bainteach leis.”

Dúirt an tOllamh Gerry Mac Ruairc, an Stiúrthóir a bhunaigh Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais agus Ceann Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh: “Tá an-áthas orainn seoladh na hInstitiúide a fhógairt, ar toradh é ar roinnt blianta comhpháirtíochta agus comhoibrithe idir na trí phríomhsholáthraí oideachais múinteoirí san Iarthar agus san Iarthuaisceart: Coláiste San Aingeal, Sligeach; Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo; agus OÉ Gaillimh. Tá cáil aitheanta ar gach ceann de na trí institiúid, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, san oideachas múinteoirí; agus éascóidh an Institiúid nua ailíniú straitéiseach comhoibritheach chun ár dtaighde, ár dteagasc, agus ár rannpháirtíocht leis an bpobal, agus lenár scoileanna comhpháirtíochta a chur chun cinn agus a fheabhsú”. 

Ag fáiltiú roimh bhunú na hInstitiúide, dúirt Amanda McCloat, Uachtarán Choláiste San Aingeal: “Tógann an Institiúid seo ar an dea-cháil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar an dlúthchaidreamh oibre atá idir OÉ Gaillimh, Coláiste San Aingeal agus GMIT agus i dteannta a chéile feabhsófar soláthar agus taighde oideachais múinteoirí.”

Dúirt an Dr Orla Flynn, Uachtarán GMIT, agus í ag tacú go láidir leis an gcomhghuaillíocht nua seo: “Cuirfidh Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais ar chumas na dtrí institiúid an soláthar agus taighde oideachais múinteoirí a fheabhsú agus freagairt le chéile agus go nuálach do shainriachtanais oideachais daoine óga inár réigiún.”   

Le deich mbliana anuas, rinne an t-oideachasóir mór le rá as an bhFionlainn, an tOllamh Pasi Sahlberg dhá athbhreithniú mhóra ar an struchtúr oideachas múinteoirí in Éirinn. Déanann an fhorbairt nua seo na moltaí polasaí a rinne Sahlberg (2012, 2018) a athbheochan agus a chomhdhlúthú trí aitheantas foirmiúil a thabhairt do thiomantas na dtrí chomhpháirtí teacht le chéile faoi scáth na hInstitiúide ar bhonn an chomhionannais agus an chomhoibrithe. Tá Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais bunaithe ar an tiomantas láidir a bheith ina ceann feadhna comhoibritheach, moltach agus cruthaitheach san oideachas múinteoirí go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. 

Agus é ag tagairt do thábhacht Institiúid an Iarthair do Léann an Oideachais maidir le hoideachas múinteoirí, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an-áthas orm go bhfuil Leasuithe Sahlberg curtha i bhfeidhm sa tionscnamh nua spreagúil seo chun oideachas múinteoirí a chomhordú agus a fheabhsú taobh thiar den tSionainn. Tréaslaím leis an Ollamh Gerry Mac Ruairc agus le foireann na Scoile Oideachais in OÉ Gaillimh; le Amanda McCloat agus a comhghleacaithe i gColáiste San Aingeal, Sligeach; leis an Dr Orla Flynn, an Dr Paddy Tobin agus an Dr Dermot O’Donovan agus Scoil an Dearaidh agus na nEalaíon Cruthaitheach, GMIT, as na moltaí tábhachtacha polasaí seo a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an ardoideachas, agus go háirithe ar mhaithe le todhchaí an oideachais múinteoirí inár réigiún agus in Éirinn. Tá meas ar na luachanna atá againn maidir le hoscailteacht do smaointe nua agus do chomhpháirtíochtaí barr feabhais, agus cothaítear todhchaí an oideachais múinteoirí taighdebhunaithe a chothaíonn ár dtodhchaí mar shochaí. Guím gach rath ar an Institiúid nua agus í ag fás agus ag forbairt sna blianta amach romhainn.”  

Thug an fhoireann athbhreithnithe maidir le hathchóiriú oideachais múinteoirí Sahlberg (2018) aitheantas ar leith d’éachtaí aonair agus comhpháirteacha na dtrí chomhpháirtí, agus an cumas atá acu maidir le saineolas comhoibritheach feabhsaithe. I dtaca leis seo, sainaithníodh go soiléir caighdeán an chaidrimh atá mar bhonn agus taca leis na hiarrachtaí comhoibritheacha mar bhunús daingean d’fhorbairtí amach anseo. Déanfaidh an Institiúid na héachtaí aitheanta seo a chomhordú agus a fhorbairt anois.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories