OÉ Gaillimh ainmnithe mar Ollscoil na Bliana 2022

An Cearnóg, OÉ Gaillimh. Grianghrafadóir: Chaosheng Zhao.
Nov 14 2021 Posted: 07:59 GMT

Ainmníodh OÉ Gaillimh mar Ollscoil na Bliana 2022 san eagrán nua den Good University Guide de chuid The Sunday Times.

Dúradh gurb é OÉ Gaillimh an t-iarrthóir ba mhó a sheas amach agus an gradam mór le rá seo á bhronnadh.

Mhol The Sunday Times an Ollscoil as an eiteas pobalbhunaithe atá againn, as an tacaíocht a thugaimid do na healaíona agus don chultúr agus as an bhfreagra taighde a thugamar i leith Covid-19 lena n-áirítear an cur chuige daonnúil agus atruach in iarracht cuid de na tionchair mhothúchánacha agus fhisiciúla ba mheasa den phaindéim a mhaolú. Mhol an nuachtán muid chomh maith as an ról ceannasach a ghlacamar sa phleanáil straitéiseach agus san ullmhúchán do phaindéimí na todhchaí.

Is é seo an ceathrú geábh ag OÉ Gaillimh an teideal seo a thabhairt leis le 20 bliain.

Agus é ag cur fáilte roimh ghradam Ollscoil na Bliana 2022, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Táimid ag fáil aitheantais mar Ollscoil na Bliana tar éis bliain a bhí thar a bheith dúshlánach do chách a chur dínn. Is iad an daonnacht agus an cineáltas atá léirithe ag ár bpobal na tréithe ba mhó a chur OÉ Gaillimh chun cinn.

“Is toradh rathúil an gradam seo ar ár straitéis, a seoladh díreach roimh Covid, nuair a thugamar gealltanas oibriú ar son leas an phobail. Teist atá ann ar ról OÉ Gaillimh laistigh den phobal agus ar son an phobail, agus ar a thiomanta atáimid dár n-áit féin trí bhreathnú níos faide i gcéin le fiosracht agus le huaillmhian.

“Tá lúcháir orm dár gcuid mac léinn agus dár gcomhghleacaithe agus tá mé thar a bheith buíoch díobh go bhfuil an gealltanas seo á chur i gcrích, agus go dtugann an gradam seo aitheantas dó.”

Cuireadh béim ar thrí ghné dár bhfreagra taighde Covid-19 sa Good University Guide 2022 de chuid The Sunday Times.

Ba í an léachtóir sinsearach oinigh agus comhairleoir ICU, an Dr Bairbre McNicholas a bhí i gceannas ar an tionscadal taighde domhanda maidir le hothair a bhí thar a bheith tinn le Covid san ICU a chur ina luí ar a mbolg.

Ba iad an Dr Aoife Murray agus Irial Conroy a bhí i gceannas ar an tionscadal IBM-CISCO FamilyLink, a thug deis do theaghlaigh a raibh duine muinteartha leo san ICU, othair Covid ina measc, labhairt agus breathnú ar a chéile trí ghlaonna físe fad is a bhí srianta cuairteoirí i bhfeidhm.

Tá an tOllamh Máire Connolly i gceannas ar an tionscadal AE Pandem II atá i mbun pleanála agus ullmhúcháin do phaindéimí na todhchaí.

Thréaslaigh OÉ Gaillimh le GMIT chomh maith agus bua eile tagtha chuig an iarthar de bharr gradam Institiúid Teicneolaíochta na Bliana a bheith bronnta air ag The Sunday Times.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Déanaim comhghairdeas le gach duine in GMIT agus go háirithe leis an Dr Orla Flynn, Uachtarán GMIT. Is ardú meanman dár réigiún go bhfuil éiceachóras oideachais tríú leibhéal chomh láidir, chomh huaillmhianach agus chomh hiomaíoch againn agus is iontach an spreagadh é chomh maith agus GMIT ag cur tús lena aistear nua i dtreo stádais mar Ollscoil Teicneolaíochta.”
Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories